Gearróga beaga na Nollag agus oícheanta fada comhrá

Bíonn chuile dhream agus a gcomhrá féin ar bun acu, ó ‘Camelot’ go Conamara, ach seachain an diabhal agus tú ag triall ar an ‘open-plan toilet’

Gearróga beaga na Nollag agus oícheanta fada comhrá

Máistrí ar chomhrá a bhí sna glúnta a chuaigh romhainn ar chóstaí fiáine an iarthair – nó ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar atá baiste anois ar na bólaí feannta, fiáine síos le himeall na mara móire. Beag beann ar na focla fileata atá scríofa fúthu ba rite agus ba bhuailte a bhíodh na háiteacha sin i nduibheagán an gheimhridh.

Oíche fhada go maidin a bhíodh ann nuair a d’fháisceadh gearróga beaga na Nollag isteach – giota de lá agus bliain d’oíche. Ach bhí an chuartaíocht ann agus bhí an comhrá ann. Is deacair liom fós meabhair a fháil ar an gcaoi a mbíodh daoine in ann coinneáil orthu ag caint ó bhíodh sé a seacht nó leathuair tar éis a seacht tráthnóna nó go mbeidh sé gar don mheán oíche. Ní raibh aon chlár cainte leagtha amach na hoícheanta sin ar theacht na Nollag. Ní raibh ann ach ábhar agus ábhar éigin eile a tharraingítí anuas de thimpiste nó a tharraingeodh eireaball den scéal a insíodh roimhe sin.

Níorbh ionann an scéal ag bord na gCinnéideach i bhfad ó bhaile i Meirice,. teaghlach an Uachtaráin John F. Kennedy. Mar sin féin bhíodh béim ar an gcomhrá agus ar an gcur agus cúiteamh ansin freisin. Is cuimhin liom a bheith ag léamh faoin ‘gcóras’ comhrá a bhí leagtha amach don ghlúin óg Cinnéideach agus iad ag éirí aníos. Roghnaíodh an mháthair, Rose Kennedy, an t-ábhar cainte a bheadh acu le linn an dinnéir. B’fhéidir gurbh é an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip a bheadh i gceist, nó polasaí cánach na Stát Aontaithe, nó an córas dlí coiriúil nó cúrsaí an stocmhalartáin, gan ach cúpla sampla a thabhairt.

Ach choinnítí leis an ábhar sin i measc na mban óg agus na bhfear óg – déagóirí nó seanghasúir a bhí iontu – ar feadh uair an chloig nó tuilleadh. Bealach eile fós le comhrá a dhéanamh. Ba iontach an teist a bhí ann ar an gcaoi a raibh Joseph agus Rose Kennedy ag treorú na ngasúr i dtreo eolais agus fiosrachta agus iad chomh hóg sin.

Ní raibh mórán tráchta ar an stocmhalartán ná ar pholasaí cánach na tíre ar leac an teallaigh in iarthar na hÉireann sna hoícheanta fada gar don Nollaig.

Saol eile a bhí ann – agus ba mhinic gurb é an saol eile a bhíodh i gceist!

Ní raibh mórán oíche ar bith nach dtarraingítí anuas taibhsí nó ‘na daoine maithe’. Bhí rud éigin nárbh den saol seo é feicthe nó cloiste ag mórán chuile dhuine.

Ach bhí fear amháin a thagadh ag cuartaíocht againne a bhí ina mháistir ar cheird na scéalta sí. Ba é an bua a bhí aige ná gur léir gur chreid sé féin chuile fhocal de na scéalta. Ní raibh amhras ar bith air ach go mbíodh na ‘daoine maithe’ ag teacht thart san oíche. Bhíodh drochdhaoine ag spaisteoireacht thart freisin de réir an fhir seo – tabharfaidh muid Marcus air.

Is cuimhin lion an oíche ar scaoil Marcus leis an eolas go bhfaca sé an diabhal – faoi dhó féin! Ag teacht abhaile ó imirt chártaí a bhí Marcus – bhíodh cáil an diabhail ar na cártaí freisin – nuair a d’airigh sé uaill ó dhuine nach mba den saol seo é. Bhreathnaigh sé ina thimpeall agus chonaic fear ard, ligthe agus cuma fhiáin air. Bhí seaicéad seanchaite air agus na muinchillí dóite suas go huillinn.

‘Ach, cá bhfios nach duine éigin eile a bhí ann?’ a deir mo mháthair. ‘Ó mh’anam nárbh ea,’ arsa Marcus, ‘nach bhfaca mé na hadharca ag teacht amach trína chaipín?’. Leis sin leag mo mháthair an taepot uaithi agus chuir comhartha na croise uirthi féin.

Bhí sé ina chiúnas ar an teallach ar feadh cúpla nóiméad nó gur tháinig an comhluadar as ais ar a staidéar tar éis scéal an diabhail. Ach, ba ghearr go mbeadh trácht ar an Nollaig, ar an aimsir ….agus ar thaibhsí aríst!

Bhí sin togha nó go mbíodh sé in am ag na gasúir a dhul a chodladh. Chaití a dhul chuig an leithreas – nó chuig an an ‘open-plan toilet’. Ní bheadh a fhios ag daoine óga na linne seo cén bhrí a bhí leis an ‘open-plan toilet’ ach bhí sé ann. Ní raibh de rogha ann ach bualadh amach faoin spéir agus do ghnó a dhéanamh – agus creathnú ionat ar fhaitíos go raibh na ‘daoine maithe’ amuigh, nó an diabhal féin. Bhuel by dad!

Bhí comhrá a bhí agam le gairid le lánúin óg atá ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo. Bhíodar ag insint dom faoi chlár na Scoile Náisiúnta ar a raibh beirt ghasúr leo ag freastal. Bíonn an oiread seo uaireanta sa tseachtain le haghaidh ábhair éagsúla agus bíonn uair go leith le spáráil in imeacht na chúig lá.

D’fhiafraigh an lánúin den Phríomhoide cén chaoi a gcaitear an uair go leith sin. Anseo a tháinig cor sa scéal nach raibh aon tsúil agam leis, ná go deimhin ag an lánúin óg ach an oiread.

‘Cuireann muid na gasúir ag comhrá lena chéile san am sin atá le spáráil,’ arsa an Príomhoide. ‘An de bharr a bhfuil d’aird acu ar na teileafóin phóca agus an téacsáil é sin?’ a d’fhiafraigh an mháthair. ‘Bhuel, is dóigh gurb ea,’ a deir an Príomhoide. ‘Níl mórán cleachtadh ag an nglúin óg ar chomhrá.’ Comhrá eagraithe é seo agus roghnaíonn na gasúir na hábhair.

Ní shamhlóinn go bhfuil mórán cainte ar thaibhsí ná ar ‘dhaoine maithe’ acu.

Anois agus muid i ngearróga beaga na Nollag agus oícheanta fada le caitheamh is dóigh go bhféadfaí comhrá a dhéanamh faoi cé acu ab fhearr do ghasúir – comhrá na gCinnéideach, comhrá na scoile i Maigh Eo, an téacsáil nó an comhrá a chuir scéin ionat agus tú ag dul chuig an leithreas faoin aer.

Diabhal a fhios agam féin.

Fág freagra ar 'Gearróga beaga na Nollag agus oícheanta fada comhrá'