Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 fógartha

Tugann an gradam aitheantas do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe

Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 fógartha

Tá siopa leabhar, ceolfhoireann thraidisiúnta agus eaglais mheánaoiseach ina measc siúd atá ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.

Tugann an gradam seo aitheantas do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Cuireadh bronnadh an ghradaim ar athló i mbliana de bharr na paindéime Covid-19 ach tá an gearrliosta fógartha anois agus 11 gnólacht roghnaithe le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Is iad na gnólachtaí agus na heagraíochtaí atá ar an ngearrliosta i mbliana – Ionad Siopadóireachta na Coiribe; Siopa Leabhar Charlie Byrne; Staid na gCon i nGaillimh; Óstán & Spa Galmont; Óstán Hardiman; The Kings Head; Big O Taxis; Morgan Creative; Bród na Gaillimhe; Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe; agus Eaglais Choláisteach San Nioclás.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, na buaiteoirí beo ar chlár Galway Talks with Keith Finnegan ar Galway Bay FM ar an 5 agus an 6 Samhain.

Is í an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge a dhéanann an gradam a eagrú gach bliain, i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4, agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, le gach duine a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo.

“In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí roimh ghnólachtaí agus roimh eagraíochtaí, ba iontach an spreagadh agus an dúthracht a léirigh ainmnithe an Ghradaim sna seachtainí seo a d’imigh tharainn,” a dúirt Mullarkey.

“Cuireann an obair dhátheangach a dhéanann siad, ó thaobh feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge, go mór lenár rath mar chathair dhátheangach. Comhghairdeas leo agus leosan ar fad atá ar an nGearrliosta, go n-éirí go geal leo go léir sa chéad chéim eile den phróiseas moltóireachta!”

Is iad Rónán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as; Fiona Ní Fhlaithearta, TG4; agus Freda Nic Giolla Chatháin, saor-aistritheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo; atá ar an bpainéal moltóireachta i mbliana.

“Tá moladh mór tuillte ag na gnólachtaí go léir a chuir iarratas isteach. Bliain fhíordhúshlánach do gach duine is ea an bhliain seo, ach go háirithe do ghnólachtaí a raibh orthu go leor athruithe a dhéanamh chun na doirse a oscailt an athuair,” a dúirt Nic Giolla Chatháin.

Sna seachtainí seo atá romhainn, déanfaidh MOLSCÉAL TG4 físeán gearr faoi gach gnólacht atá ar an ngearrliosta chun aird a tharraingt ar a gcuid oibre dátheangaí.

Tá an gradam ainmnithe in ómós do Sheosamh Ó hÓgartaigh, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Fág freagra ar 'Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 fógartha'