Gearradh Uí Bheaglaoich, todhchaí bhainisteoirí na Gaillimhe agus tástáil de dhíth ar Mhaigh Eo

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine

Gearradh Uí Bheaglaoich, todhchaí bhainisteoirí na Gaillimhe agus tástáil de dhíth ar Mhaigh Eo

Daniel Dineen agus Brian O’Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Gearradh Uí Bheaglaoich ina chuid thábhachtach de phlean Keane

Ba shuimiúil an fo-phlota i scéal chluiche ceannais na Mumhan gurb é Brian Ó Beaglaoich a fuair an báide a chuir tús leis an slad agus a sheol Ciarraí ar bhóthar an díoltais.

Bhí cás Uí Bheaglaoich lárnach i bhfianaise lucht an chúisimh anuraidh nuair a daoradh Peter Keane agus a fhoireann as cur chuige róchosantach róchoimeádach a bheith acu i gcluiche ceannais na Mumhan.

Cad ina thaobh go raibh cosantóir curtha ag imirt ag Keane i measc na dtosaithe nuair ba láidre ar fad Ciarraí ná Corcaigh? Bhí a leithéid in aghaidh thraidisiúin na Ríochta agus nádúr a n-imreoirí.

Nuair a chuir Ó Beaglaoich seans ar bháide amú i bPáirc Uí Chaoimh ‘ná dúirt mé leat é’ a bhí ag lucht an amhrais.

Bocht go maith a bhí an-chuid den anailís a deineadh i ndiaidh chluiche ceannais mhí na Samhna seo caite agus bhí cuid di dall chomh maith ar bhuanna Uí Bheaglaoich.

Imreoir é fear na Gaeltachta a d’imir i ngach aon líne dá chlub seachas sa líne lántosaithe agus tá gearradh agus luas dochreidte ann nuair a théann sé ar ruathar.

Bhí na tréithe sin le feiscint go soiléir Dé Domhnaigh nuair a fuair sé ceann de bháidí na bliana go dtí seo.

Níor chuir an scór sin aon iontas ar Éamonn Fitzmaurice, a iarbhainisteoir le Ciarraí agus le Pobalscoil Chorca Dhuibhne, a dúirt go bhfaca sé a leithéid de ruathar agus cúl go minic uaidh.

Dúirt Fitzmaurice go dtabharfadh sé laoch na himeartha inné d’Ó Beaglaoich, ní hamháin mar gheall ar a chumas i mbun ionsaithe ach toisc a shlachtmhaire is bhí sé chomh maith i mbun ghnáthchúraimí an lánchúlaí sa cúinne.

Is cinnte gur léiriú gléineach an dul chun cinn atá déanta ag fear na Carraige ar an bhfeabhas atá tagtha ar Chiarraí i mbliana agus ar an muinín agus righneas breise atá iontu.

Is léir chomh maith gur cuid thábhachtach de phlean Peter Keane é leas a bhaint as dánaíocht agus spleodar Uí Bheaglaoich, is cuma cén áit ar an bpáirc a mbíonn sé ag imirt.

Padraig Joyce. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Cinntí le déanamh faoi bhainisteoirí na Gaillimhe

Droch-chomhartha a bhíodh ann d’fhoirne peile agus iomána na Gaillimhe dá mbeadh a gcuid imreoirí le feiceáil ag féile na rásaí i mBaile an Bhriotaigh ag deireadh mhí Iúil. Léiriú a bhí ann go raibh deireadh tagtha le feachtais na bhfoirne i gCraobhacha na hÉireann agus, ar an drochuair do lucht leanúna na Gaillimhe, fágann cliseadh an deireadh seachtaine gurb é an t-aon bhac atá ar pheileadóirí agus iománaithe an chontae freastal ar na rásaí an tseachtain seo ná greim a fháil ar cheann den 1,000 ticéad sa lá atá ar fáil.

Drochsheans go mbeidh bainisteoirí na bhfoirne, Pádraic Joyce agus Shane O’Neill, i láthair áfach, agus cinntí faoin todhchaí le déanamh acu. Ceapadh an bheirt do thréimhse dhá bhliain a dtiocfaidh deireadh léi i mbliana.

Dúirt Joyce i ndiaidh an chluiche in aghaidh Mhaigh Eo inné go bhfanfadh sé píosa eile sula ndéanfadh sé suas a intinn an ndéanfaidh sé tréimhse eile mar bhainisteoir, dá mbeadh bord an chontae sásta coinneáil leis.

Shamhlófá go mbeadh cúpla bliain eile uaidh. Cé gur thit rudaí as a chéile i ndiaidh an tús maith a rinne an fhoireann faoi cheannas Joyce, bhí mí-ádh ar an mbainisteoir nach raibh na babhtaí cáilithe i bhfeidhm anuraidh ná i mbliana chun seans eile a thabhairt don fhoireann dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh.

Níl an leithscéal céanna ag Shane O’Neill, áfach. Bhí an dara seans ann d’iománaithe na Gaillimhe nuair a chailleadar i gCraobh Laighean ach ní fhéadfaí rá gur bhaineadar leas iomlán as.

Tá meas ar O’Neill i nGaillimh agus duine gnaíúil é ach, i ndáiríre, tá sé deacair léamh a fháil ar an dul chun cinn atá déanta aige ó ceapadh é. Ní hé nach bhfuil daoine eile a bhfuil an post uathu, ach an oiread.

Rogha amháin é Jeffrey Lynskey, a bhuaigh trí cinn de Chraobhacha Uile-Éireann le foirne mhionúir na Gaillimhe idir 2015-2018 agus atá anois i gceannas ar fhoireann faoi 20 an chontae. Rogha eile é Davy Fitzgerald, a mheastar a chuirfidh deireadh lena ré i Loch Garman an samhradh seo ach cá bhfios an mbeadh Gaillimh in ann é a mhealladh.

D’fhéadfadh Micheál Donoghue, an fear a bhuaigh Craobh na hÉireann agus é i gceannas ar an bhfoireann in 2017, filleadh ar an ról freisin. Tuairiscíodh gur titim amach le bord an chontae a spreag cinneadh Donoghue an post a fhágáil ach beidh ionadaithe nua le ceapadh ar an mbord roimh dheireadh 2021.

Matthew Ruane Mhaigh Eo ©INPHO/Tommy Dickson

Tástáil cheart fós de dhíth ar Mhaigh Eo

Dúirt bainisteoir Mhaigh Eo James Horan inné go raibh sé thar a bheith sásta le bua na foirne i gcluiche ceannais Chonnacht ach ó tharla go bhfuil gach cuma ar an scéal gurb iad Áth Cliath a bheidh i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann faoi cheann trí seachtaine, seans go raibh Horan ag súil le cluiche níos deacra in aghaidh na Gaillimhe.

Cinnte, bhí Maigh Eo i mbeagán trioblóide ag leath ama agus iad cúig phointe chun deiridh ach thit na Gaillimhigh as a chéile go hiomlán sa dara leath agus cé nach raibh ach sé phointe idir na foirne ar deireadh, níor leagadh lámh ar Mhaigh Eo sa dara leath sin.

A thoradh sin go bhfuil an baol ann nach bhfuil tástáil cheart curtha ar fhoireann James Horan roimh an gcluiche in aghaidh sheaimpíní na hÉireann.

Go dtí seo i mbliana, bhain siad  ardú céime amach i Roinn 2 gan mórán stró, bhuail siad greadadh ar Liatroim agus ar Shligeach i gCraobh Chonnacht agus chuir siad Gaillimh de dhroim seoil éasca go maith sa deireadh.

Rinne na himreoirí óga ar an bhfoireann réasúnta maith in aghaidh Átha Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh ach tá imreoirí eile ann, leithéidí Darren McHale agus Bryan Walsh, beirt a baineadh amach ag leath ama in aghaidh na Gaillimhe, nach raibh ag tosú anuraidh agus ní fheabhsóidh siad ach le cluichí in aghaidh na bhfoirne is fearr sa tír.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bua tábhachtach d’iománaithe Chorcaí

Ní hamháin gur chinntigh an tsábháil a rinne an cúl báire Patrick Collins ar iarracht Tony Kelly sa nóiméad deireanach den chluiche idir Corcaigh agus contae an Chláir go mbeadh an bua ag Corcaigh ach d’fhéadfadh sé borradh mór a chur faoi fhoireann iomána an chontae amach anseo.

Nuair a fuair Kelly seilbh ar an sliotar sna soicindí deireanacha, bhí formhór na ndaoine a bhí ag féachaint ar an gcluiche ag ceapadh go ndéanfadh sé an beart agus go mbeadh deireadh déanta ag iománaithe Chorcaí ar feadh bliana eile.

Cé gur bhuadar Craobh na Mumhan in 2017 agus 2018, tá foireann iomána Chorcaí faoi lagbhrí le blianta beaga anuas. Caithfear dul siar go dtí 2013 don uair dheireanach a bhaineadar amach cluiche ceannais na hÉireann agus is beag cluiche mór le rá atá buaite ag Corcaigh ó shin. Tabharfaidh an bua in aghaidh an Chláir an-spreagadh d’imreoirí Chorcaí, áfach, go háirithe agus seans maith acu dul níos faide sa chraobh. Tá foirne faoi aois Chorcaí ag déanamh ar fheabhas freisin le cúpla bliain anuas agus muinín i measc lucht leanúna an chontae nár braitheadh le fada.

Beidh Kieran Kingston sásta le himreoirí Chorcaí sa chluiche in aghaidh an Chláir. Ba iad na Corcaígh ab fhearr do chuid mhaith den chluiche ach a bhuíochas do Tony Kelly – cé eile? – tháinig na Cláirínigh ar ais sa choimhlint. Cé go raibh Corcaigh chun tosaigh leath bealaigh tríd an dara leath, fuair an Clár ceithre scór as a chéile chun iad a chur chun cinn agus gan ach deich nóiméad fágtha. Blianta eile, seans go mb’in sin do Chorcaigh ach tháinig siad ar ais arís le trí scór as a chéile agus nuair a scóráil Shane Barrett an tríú cúl dóibh tar éis 65 nóiméad, bhí siad cúig phointe chun tosaigh.

Ar ais leis an gClár arís ach chinntigh sábháil Collins gurb iad Corcaigh a bhí sa phota don chéad bhabhta eile maidin inné. Beidh siad muiníneach go maith anois go bhféadfadh siad Áth Cliath a bhualadh Dé Sathairn seo chugainn.

Tiobraid Árann agus Port Láirge a imreoidh in aghaidh a chéile sa chluiche ceathrú ceannais eile.

Fág freagra ar 'Gearradh Uí Bheaglaoich, todhchaí bhainisteoirí na Gaillimhe agus tástáil de dhíth ar Mhaigh Eo'