‘Géarghá le tuilleadh ‘laethanta na Gaeilge’ i dTeach Laighean’

Deir Conradh na Gaeilge gur léirigh taighde a rinne Tuairisc gur gá tuilleadh ama a chur ar leataobh do labhairt na Gaeilge le linn díospóireachtaí Dála

‘Géarghá le tuilleadh ‘laethanta na Gaeilge’ i dTeach Laighean’

Ba chóir tuilleadh laethanta a chur ar leataobh sa Dáil don Ghaeilge mar chuid d’iarracht cur le húsáid na teanga ansin, a deir Conradh na Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta Julian de Spáinn gur léirigh taighde nua a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go bhfuil géarghá le tuilleadh ama a chur ar leataobh do labhairt na Gaeilge le linn díospóireachtaí Dála.

De réir an taighde a rinne Tuairisc, labhraíodh níos mó Gaeilge sa Dáil i dtréimhse dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a labhraíodh sna chéad seacht seachtaine de théarma na bliana nua.

“Léiríonn ‘Lá na Gaeilge ‘go n-oibríonn amanna cinnte ar an sceideal le húsáid na Gaeilge a mhéadú i dTithe an Oireachtais,” a deir Julian de Spáinn.

“Luíonn sé le ciall, mar sin, go mbeadh níos mó laethanta mar seo sa sceideal ar bhonn leanúnach sa Dáil agus sa Seanad. Dar ndóigh, ní gá go mbeadh na cainteanna as Gaeilge ar fad na laethanta nó na hócáidí seo faoin nGaeilge ach faoi ábhair éagsúla chomh maith.”

Tá coiste bunaithe i dTeach Laighean chun plean a cheapadh le cur leis an méid Gaeilge a labhraítear sa Dáil agus Conradh na Gaeilge ag iarraidh go leagfaí sprioc síos go mbeadh 5% de chaint na Dála i nGaeilge. Dúirt cathaoirleach an choiste, Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách, go raibh sí “bréan” tar éis ocht mbliana sa Dáil, de ráitis faoin teanga a bheith á ndéanamh ar lá ar leith amháin agus go bhfuil sí ag iarraidh go dtiocfadh an lá gur rud “nádúrtha” a bheadh ann an Ghaeilge a úsáid i ngnó na Dála.

Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge sa Dáil ar an 10 Márta agus bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil le linn an tseisiúin sin amháin ná mar a bhí sna 19 lá a raibh an Dáil ar siúl idir an 18 Eanáir agus an 2 Márta.

Léirigh taighde Tuairisc nach raibh ach 0.74% de chaint na Dála i nGaeilge – 11,919 focal den 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse an taighde.

Deir Julian de Spáinn gur cheart tuairiscí atá déanta faoi labhairt na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a fhoilsiú láithreach.

“Tá an taighde déanta ag Tuairisc an-tábhachtach mar go léiríonn sé an staid reatha maidir le húsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad. Tá sé in am do Cheann Comhairle na Dála agus do Chathaoirleach an tSeanaid na tuairiscí a cuireadh le chéile in 2022 maidir le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a fhoilsiú.

“Mar atá á lorg ag Conradh na Gaeilge le roinnt blianta anuas, ba chóir sprioc 5% [ó thaobh labhairt na Gaeilge] a leagan síos sa Seanad agus sa Dáil agus gníomhartha a chur i bhfeidhm leis na spriocanna sin a bhaint amach.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid sa Dáil agus sa Seanad “le stádas agus íomhá na teanga a ardú i measc an phobail” go háirithe i measc daoine óga atá ag foghlaim na Gaeilge.

“Tá an Conradh ag iarraidh ar aon Teachta Dála nó Seanadóir atá líofa nó go bhfuil cúpla focal acu beagán Gaeilge a chur san áireamh i ngach píosa cainte a dhéanann siad sa Dáil nó sa Seanad amach anseo.

“Beidh moltaí sna tuairiscí ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais ar conas tacú le polaiteoirí a thugann faoi seo agus is gá tús a chur le cur i bhfeidhm na moltaí sna tuairiscí gan a thuilleadh moille.”

Léiríodh i dtaighde nua a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo gur i nGaeilge a bhíonn thart ar 0.7% den chaint uile a dhéantar i nDáil Éireann. Léiríodh freisin gur líon an-bheag Teachtaí a dhéanann formhór na cainte i nGaeilge.

Fág freagra ar '‘Géarghá le tuilleadh ‘laethanta na Gaeilge’ i dTeach Laighean’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Géarghá le laethanta na Gaeilge ar fud na tíre!!