Géarghá ag foirne na hAfraice Theas le bua ach seans go mbeidh Cúige Laighean róláidir do na Southern Kings

Beidh deis mhaith ag na cúigí ar fad bua a fháil i mBabhta 3 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo ach beidh sé níos éasca ag cuid acu ná a chéile

Géarghá ag foirne na hAfraice Theas le bua ach seans go mbeidh Cúige Laighean róláidir do na Southern Kings

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá géarghá ag an dá fhoireann ón Afraic Theas atá ag imirt sa Pro 14 le bua. D’imir na Cheetahs agus na Kings dhá chluiche sa gcéad choicís den chomórtas ach chinn orthu oiread agus pointe amháin féin a chlárú ar thábla an Pro 14. Go deimhin, ghéill an dá fhoireann 182 pointe eatarthu sna cluichí sin.

Is fiú a lua gur chreid go leor go mbeadh deacrachtaí ag foirne na hAfraice a mbealach a aimsiú agus socrú síos sa gcomórtas nua seo, agus sin díreach mar a thit amach. Má tá aon splanc dhóchais ag na Cheetahs agus na Kings is le linn dóibh a bheith ag imirt sa mbaile a fheicfear í. Tá an deis sin acu an deireadh seachtaine seo agus iad ag imirt i mBabhta 3 den Pro 14.

Amárach, Dé Sathairn, cuirfidh na Southern Kings fáilte roimh na Laighnigh i Staid Nelson Mandela Bay, in Port Elizabeth. Seo é an chéad chuairt ag fir Átha Cliath ar an limistéar theas, go deimhin seo é an chéad chluiche ag aon fhoireann ón limistéar seo san Afraic Theas sa bPro 14.

Seans go bhfuil mí-ádh ar na Kings gurb iad rogha na coitiantachta iad sa gcéad chluiche seo. Ní bhfuair muid amharc ar aon imirt uathu go dtí seo a thabharfadh le fios dúinn go mbeidh seans acu i gcoinne na Laighneach, fiú agus buntáiste an bhaile acu. Más tada é, is conas mar a éiríonn leis na cuairteoirí dul i gcleachtadh ar an athrú aeráide agus an brú a bhaineann leis sin, an t-aon dóchas atá ag na Kings. Mar sin féin tá mise ag tuar bua do na Laighnigh, cé nach bhfuil mé cinnte go n-éireoidh leo ceithre úd a fháil.

Beidh Zebre ag taisteal ó dheas an deireadh seachtaine seo freisin. Beidh siadsan ag tabhairt faoi na Cheetahs sa Toyota Stadium in Bloemfontein. Tá mise den tuairim gur sa gcluiche seo a aimseoidh foirne ón Afraic Theas a gcéad bhua sa bPro 14.

Inniu, Dé Aoine, beidh na Connachtaigh as baile i gcoinne na Dragons thall sa mBreatain Bheag. Tá na Dragons ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo ach is cinnte go mbeidh an cluiche seo i gcoinne Chonnacht ar cheann den chúpla cluiche a chreideann siad seans a bheith acu an lámh in uachtar a fháil iontu. Bhí bua éasca ag fir an iarthair i gcoinne na Kings an Satharn seo caite ach níor léirigh siad go bhfuil stíl imeartha acu a d’fhágfadh san iomaíocht iad ag deireadh an chomórtais seo. Tá deis acu a mhalairt a chruthú inniu agus iad i gcoinne ceann de na foirne is laige sa mBreatain Bheag.

Inniu freisin a bheas rogha na gcluichí i mBabhta Trí á n-imirt. Cuirfidh na hUltaigh fáilte roimh na Scarlets, curaidh an Pro 12 agus gan ach pointe amháin idir na foirne ar thábla Roinn B an chomórtais – na Scarlets atá chun tosaigh agus 10 bpointe acu. Tá a fhios ag na hUltaigh gur sa mbaile atá an deis is fearr atá acu na Scarlets a cheansú, ach tá sé deacair toradh an chluiche seo a thuar. Is cinnte go mbeidh sárchoimhlint againn agus, go deimhin, teastaíonn cluiche mar é go géar ón gcomórtas nua seo.

Beidh na Muimhnigh, foireann a d’imir le sprid agus stíl iontach sa gcéad dhá chluiche sa mBreatain Bheag ag tabhairt faoi na hOspreys amárach. Chaill na hOspreys agus iad as baile i gcoinne Dhún Éideann i mBabhta 2, rud a fhágann go mbeidh bua ag teastáil go géar uathu. Má leanann na Muimhnigh leis an imirt chéanna a chonaic muid uathu i mBabhtaí a 1 agus 2 is beag seans go mbeidh an bua ag fir an bhaile.

Fág freagra ar 'Géarghá ag foirne na hAfraice Theas le bua ach seans go mbeidh Cúige Laighean róláidir do na Southern Kings'