Géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP

Beidh trí cinn de na ceithre thoghcheantar i mBéal Feirste ina dtoghcheantair imeallacha i dtoghchán Westminster na míosa seo chugainn. Caitear súil inniu ar dhá cheann acu, Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thoir

Géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP

 

Bhí trí cinn de na ceithre shuíochán Parlaiminte sa gcathair ag an DUP ó 2017, Béal Feirste Theas, Thoir agus Thuaidh agus bhí an ceann eile, Béal Feirste Thiar ag Sinn Féin.

Ba é Nigel Dodds feisire an DUP i mBéal Feirste Thuaidh ó 2001. In 2017 ghnóthaigh Emma Little Pengelly Béal Feirste Theas ón SDLP, bua ollmhór don DUP agus an bhliain sin choinnigh Gavin Robinson an suíochán a bhain sé ar ais den DUP ó Naomi Long in 2015. Tá iomaíocht fhíochmhar sna trí thoghcheantar sin an babhta seo agus géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP a mhaíonn gurb é an t-aontas bun agus barr an scéil.

Béal Feirste Theas

Is é Béal Feirste Theas an toghcheantar is ilchineálaí sa tuaisceart, is ceantar ollscoile é agus tá an móramh ann réasúnta maith as cé go bhfuil cúpla geadán ina bhfuil rátaí dífhostaíochta agus bochtanais ard. Sa toghchán Tionóil in 2017 toghadh ionadaithe ó chúig pháirtí anseo – DUP, Sinn Féin, SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas.

Ghnóthaigh Emma Little Pengelly an suíochán ó Alasdair McDonnell SDLP a bhí ina fheisire don cheantar ó fuair sé an ceann is fearr ar an UUP in 2005. Bhí farasbarr 2,000 vóta ag Pengelly (13,299) ar McDonnell (11,303). Chinntigh bua Pengelly go raibh feisire Breatimeachta i dtoghcheantar inar vótáil 69.5% de na vótóirí in aghaidh imeacht as an Aontas Eorpach. Bhí triúr feisirí ag an DUP a bhí i bhfabhar an Bhreatimeachta i gcathair inar chaith muintir na dtrí thoghcheantar vóta ina choinne sa reifreann. Sin é an cor faoi ndear an dianchoimhlint i mBéal Feirste Theas: tá lucht frithBhreatimeachta ag cur i leith an DUP go ndearna siad faillí iomlán ar thoil an phobail.

Sheas Sinn Féin agus Comhaontas Glas i leataoibh ar mhaithe le Claire Hanna, Teachta Tionóil SDLP ach dhiúltaigh an páirtí eile a bhí bainteach le comhghuaillíocht in éadan imeacht as an AE, páirtí an Alliance, do mhargadh agus tá a dTeachta Tionóil, Paula Bradshaw san iomaíocht. Bhí gar do 8,000 vóta ag Alliance in 2017 agus beagnach 9,400 ag Sinn Féin agus Comhaontas Glas le chéile. Bhí 1,500 ag Michael Henderson, UUP, atá san iomaíocht arís.

Maíonn Alliance gur léirigh na toghcháin áitiúla sa Bhealtaine go raibh siadsan go mór chun cinn ar na páirtithe eile atá i gcoinne an Bhreatimeachta agus gur acu atá an seans is fearr in aghaidh Pengelly.

Is í an cheist an dtabharfaidh vótóirí tacaíocht theaicticiúil do Bradshaw ón Alliance nó do Hanna ón SDLP, bean atá mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí; nó an amhlaidh go mbeidh an lá le Pengelly mar gheall ar an scoilt ina haghaidh, go háirithe agus Aontú sa rás. Díol suntais é gur ar éigean má tá aon rud á rá ag an DUP faoin mBreatimeacht ach an bhéim á leagan acu ar fhilleadh go Stormont agus tacaíocht a bhailiú don aontas.

Na hIarrthóirí:

Paula Bradshaw Teachta Tionóil, Alliance

Claire Hanna, Teachta Tionóil, SDLP

Michael Henderson, UUP

*Emma Little Pemgelly, DUP (* ag cosaint a suíocháin)

Chris McHugh, Aontú

67,214 duine atá ar chlár na vótóirí

Béal Feirste Thoir

Tá móramh mór aontachtach sa toghcheantar, dhá shuíochán Tionóil ag an DUP, ceann amháin ag an UUP agus dhá shuíochán ag Alliance. Comharsanacht dílseach is ea an chuid is gaire don lár, agus é faoi scáth na gcrann tógála ag an longchlós. Níl an obair chomh flúirseach is a bhíodh nuair a bhí an déantúsaíocht i mbarr a maitheasa agus tá an bochtanas follasach. Bíonn paraimíleataigh an UVF á lua le trioblóid ar na sráideanna, go háirithe i dtaca le tinte cnámh i mí Iúil. Ar ndóigh tá saibhreas mór sa toghcheantar freisin, sna ceantair is faide soir, thart ar Stormont agus Gleann na Silíní.

Bhí an suíochán ag Peter Robinson DUP ó 1979 go dtí gur bhain Naomi Long, Alliance, de é in 2010 nuair a bhí an pobal míshásta faoi scannail a bhain le teaghlach Robinson. Ritheadh feachtas fíochmhar sa cheantar idir sin agus 2015 chun an DUP a chur ar ais ar bharr an liosta agus in olltoghchán na bliana sin bhain Gavin Robinson (nach bhfuil gaolta le Peter) an suíochán ar ais. Choinnigh sé gan stró é in 2017, le móramh 8,000 vóta, agus é chun cinn ar Naomi Long le 56% den vóta iomlán aige. Triúr iarrthóirí atá san iomaíocht ó sheas an SDLP, Sinn Féin agus Comhaontas Glas i leataobh chun tacú leis an bhfeachtas in aghaidh an Bhreatimeachta. Níl Alliance páirteach in aon mhargadh toghcháin agus ní mór na vótaí atá ag na páirtithe a staon. Níl aithne go forleathan ar iarrthóir an UUP agus is léir gur idir Naomi Long agus Gavin Robinson a bheidh an comórtas. Tá meas orthu beirt sa toghcheantar ach tá dílseoirí míshásta go vótálann Alliance le náisiúnaithe (uaireanta) ar Chomhairle na Cathrach.

Tá Long meáite de go bhfuil an chóir léi agus gur ag treisiú atá an borradh a bhí faoina vóta nuair a bhuaigh sí suíochán Eorpach sa Mheitheamh. Tá Gavin Robinson ag stocaireacht go fuinniúil agus a fheachtas ag fanacht glan ar na fógraí gránna bagracha a chonacthas i mBéal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Theas agus an Dún Thuaidh in éadan Shinn Féin, SDLP agus Alliance.

Na hIarrthóirí:

Naomi Long, Feisire Eorpach, ceannaire an Alliance

Carl Christian McClean UUP

*Gavin Robinson, DUP (* ag cosaint a shuíocháin)

64,547 atá ar chlár na vótóirí

Fág freagra ar 'Géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP'