Beidh údair na tuarascála Gaeltachta a deir gur ar éigean go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga phobail sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana ag labhairt ag cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna.
I ráiteas a eisíodh thar ceann an choiste Oireachtais, dúradh go rachadh ‘saineolas agus comhairle’ na n-údar, an Dr Brian Ó Curnáin agus an Dr Conchúr Ó Giollagáin “chun tairbhe” do bhaill an choiste.
Dar le húdair na tuarascála, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, go mba ionann cloí leis na polasaithe teanga atá ag an Stát faoi láthair agus “glacadh” le “dul i léig” na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Dar leo “go bhfuil cur chuige i bhfad níos forásaí agus níos uaillmhianaí ag teastáil le dul i ngleic ar bhealach éifeachtach lena bhfuil ag titim amach sa Ghaeltacht faoi láthair ná mar atá á shamhlú le forálacha Gaeltachta na Straitéise 20–Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012”.
Molann Ó Giollagáin agus Ó Curnáin go mba cheart don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú.
Áitíonn Conchúr Ó Giollagáin “go bhfeileann” an Straitéis 20 Bliain agus an tAcht Gaeltachta “na daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge mar chultúr dara teanga a fhoghlaimítear seachas pobail dúchais atá faoi léigear ag brúnna teangeolaíochta agus sóisialta an aistrithe teanga go Béarla”.
Maíonn sé “gur polasaí teanga iar-Ghaeltachta atá ag an Stát ag an bpointe seo” agus scríobh sé cheana go bhfuil polasaí an Stáit don Ghaeilge “clearly moving in the direction of a heritage model”.
‘Géarchéim na Gaeltachta: Bealaí cur chuige nua i leith seandúshlán’ is ábhar d’aitheasc Uí Ghiollagáin, iarCheannasaí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, agus pléifidh an Dr Brian Ó Curnáin, ó Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ‘staid reatha na n-iarGhaeltachtaí agus na seanGhaeilge’.
Ní raibh Ó Giollagáin i láthair anuraidh ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais ag ar tugadh fianaise mar gheall ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Thug beirt seanadóirí a bhí ag an gcruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Fiach Mac Conghail (NS), suntas dó nach raibh Ó Giollagáin, duine d’údair an Nuashonrú, i láthair.
“Cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin?” a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, a dúirt go raibh iontas air nach raibh cuireadh faighte ag an ollamh ollscoile.
Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt cathaoirleach an choiste gur tugadh cuireadh don Ollamh Ó Giollagáin teacht i láthair an chruinnithe agus gur labhair cléireach an choiste leis an ar an bhfón.
Tugadh le fios nach raibh ar chumas Uí Ghiollagáin a bheith i láthair.
Ach dúirt Conchúr Ó Giollagáin le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe nach bhfuair sé aon chuireadh teacht i láthair an choiste agus gur chuala sé mar gheall ar an gcruinniú den chéad uair nuair a léigh sé scéal faoi ar Tuairisc.ie “ag leathuair tar éis a hocht ar maidin”.
Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.
Sa deireadh, tháinig Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.
Gabriel Rosenstock
Cad dúirt Nietzsche? “Tugtar an ollphéist is fuaire de na hollphéisteanna fuara go léir ar an stát. Is fuar a chuid bréag chomh maith; agus sleamhnaíonn an bhréag seo as a bhéal: “Mise an stát, mise an pobal.”
Pól Ó Braoin
An Dr Conchúr Ó Giollagáin… daoine mar sin atá muid ag iarraidh gabháil ar bhóthar na polaitíochta ach mo léan ní dóigh liom go mbeadh an aigne ag a leithéid don tsifleáil chainte don easpa ghnímh don fáinne fí… ach dá mbeadh, dó féin amháin a chaithfeadh mé an vóta…