Gearáin faoi Chomhairle Contae Dhún na nGall á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall freagraí i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge ó mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall maidir leis an tuirbín gaoithe a bhí beartaithe do Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair

Gearáin faoi Chomhairle Contae Dhún na nGall á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

Tá teagmháil déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le roinnt gearán a fuarthas faoi chur chuige na Comhairle ó thaobh na Gaeilge agus iad ag plé le muintir Ghaeltacht Thír Chonaill le mí anuas.

Rinneadh gearáin le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir leis na freagraí a thug Comhairle Contae Dhún na nGall ar aighneachtaí a cuireadh faoi bhráid na Comhairle faoin tuirbín gaoithe a bhí beartaithe do Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

Cuireadh os cionn 150 aighneacht faoi bhráid na Comhairle maidir leis an iarratas ar chead pleanála a chuir an comhlacht Lir Energy isteach anuraidh le tuirbín gaoithe 120m a thógáil ar thalamh Údarás na Gaeltachta sa cheantar. Ba i nGaeilge a scríobhadh formhór na n-aighneachtaí sin, ach ba i mBéarla a d’fhreagair an Chomhairle Contae iad.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie nach nós leis an Oifig trácht ar ghearáin aonaracha ach go bhfuil sé de dhualgas ar chomhlacht poiblí freagra a thabhairt ar chumarsáid a dhéantar i scríbhinn, sa teanga oifigiúil ina ndéantar an chumarsáid.

“Is bunchúram é seo atá i bhfeidhm anois le blianta fada agus bheifí ag súil go mbeadh an méid sin buanaithe i gcultúr agus i gcleachtas aon chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta faoin tráth seo,” a dúirt urlabhraí de chuid na hOifige.

Tá deimhnithe ag foinsí eile do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil teagmháil déanta ag an gCoimisinéir Teanga le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir leis an gceist, chomh maith le ceist eile a bhaineann le leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta a bheith in úsáid ag an gComhairle.

Rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara faoin logainm ‘Gaoth Dobhair’, agus logainmneacha eile sa cheantar, a bheith curtha i mBéarla i gcáipéisí a d’eisigh an Chomhairle Contae maidir leis an iarratas ar chead pleanála.

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara le Tuairisc.ie gur féidir go mbeadh gealltanas tugtha ag comhlacht poiblí ina scéim teanga maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta chun críocha oifigiúla.

Sa tríú scéim teanga atá daingnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha,Tuaithe agus Gaeltachta leis an gComhairle Contae, tá gealltanas tugtha i dtaca le húsáid logainmneacha Gaeltachta.

Gealltar sa scéim go leanfaidh an Chomhairle Contae “de bheith ag cur chun cinn úsáid na leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta” thar réimsí oibre agus gníomhaíochtaí nach bhfuil leagtha síos go sonrach san Ordú Logainmneacha don chontae.

Dhiúltaigh Comhairle Chontae Dhún na nGall don iarratas ar chead pleanála ó Lir Energy don tuirbín gaoithe níos luaithe an mhí seo. Luadh ceithre chúis leis an diúltú sa cháipéis a shínigh  Pleanálaí Sinsearach na Comhairle Contae: airde an tuirbín; cóngaracht an tuirbín do thithe sa cheantar; an chaochaíl scáile a bhainfeadh leis na lanna; agus cóngaracht an tuirbín d’Aerfort Dhún na nGall.

D’éirigh leis an ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe os cionn 120 aighneacht a bhailiú ó mhuintir na háite agus bhí na haighneachtaí sin i measc an 150 aighneacht a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Contae maidir leis an gceist. Níor cuireadh aon aighneacht ar son an togra faoi bhráid na Comhairle.

Fág freagra ar 'Gearáin faoi Chomhairle Contae Dhún na nGall á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Gealltar sa scéim go leanfaidh an Chomhairle Contae “de bheith ag cur chun cinn úsáid na leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta” thar réimsí oibre agus gníomhaíochtaí nach bhfuil leagtha síos go sonrach san Ordú Logainmneacha don chontae. ‘

    Beidh le feiceáil…