Geallúintí faoi bhonn reachtúil a chur faoi COGG caite i dtraipisí

Gealltar sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go gcuirfear bonn reachtúil faoi COGG ionas go mbeidh an eagraíocht ábalta baill foirne a earcú

Geallúintí faoi bhonn reachtúil a chur faoi COGG caite i dtraipisí

Níl sé i gceist cead a thabhairt don Chomhairle Um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta daoine a fhostú, faoi mar atá geallta sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta.

Gealltar sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go gcuirfear bonn reachtúil faoi COGG ionas go mbeidh an eagraíocht ábalta baill foirne a earcú, beart a measadh a bhí riachtanach lena chinntiú go mbeadh “an cumas” ag COGG a dualgais maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí a chomhlíonadh. Cé go ngealltar a leithéid i gclár an Rialtais chomh maith is cosúil go bhfuil an gheallúint sin caite i dtraipisí anois.

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála nach bhfuil “plean ar bith” faoi láthair ag a roinn an reachtaíocht a leasú chun bonn reachtúil a chur faoi COGG.

Meastar gur buille mór é seo, ní hamháin do COGG ach don pholasaí don oideachas Gaeltachta a bhfuil ról lárnach ag an eagraíocht ann ó thaobh obair chomhordaithe, oiliúna agus forbartha.

Dúirt Cathaoirleach Bhord COGG, Dónal Ó hAiniféin, ag cruinniú de choiste Oireachtais le déanaí go raibh práinn mhór ag baint leis an leasú.

“Sa chéad áit, tá sé práinneach go ndéanfar an tAcht Oideachais a leasú mar a bhaineanna le fostaíocht i COGG. Faoi mar a sheasann rudaí, ní ceadmhach do COGG aon duine a fhostú, rud a fhágann go mbíonn orainn socruithe a dhéanamh le ranna agus áisíneachtaí eile.

“Cuireann sé seo an-mhoill ar gach próiseas earcaíochta agus tá an scéal an-chasta maidir le bainistíocht agus cearta na bhfostaithe. Tá sé ráite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcuirfear seo ina cheart agus tá súil agam go ndéanfar seo go luath,” a dúirt Dónal Ó hAiniféin.

Dúirt an tAire Joe McHugh áfach nach ‘luach maith’ ar chaiteachas a bheadh ann bonn reachtúil a chur faoi COGG.

“Dá gcuirfí bonn reachtúil faoi COGG mar eagras de chuid na státseirbhíse, bheadh acmhainní breise ag teastáil chun íoc as soláthar seirbhísí corparáideacha amhail HR agus Párolla.

“Cuireann an Roinn agus an NCCA na seirbhísí seo ar fáil. Ní bheadh an costas breise a bhainfeadh le seirbhísí neamhspleácha ag teacht le méid na heagraíochtaí ná le prionsabail faoi luach ar airgead. Anuas air sin, is gnáthchleachtas in go leor eagras de chuid na Roinne múinteoirí a bheith ar iasacht chun seirbhísí a chur i gcrích,” arsa an tAire Joe McHugh.

Dúirt an tAire go ndéanann a Roinn deimhin de go mbíonn dóthain foirne cáilithe ag COGG chun a cúram a dhéanamh. Faoi láthair ceathrar atá ar fhoireann COGG ar státseirbhísigh iad atá ar iasacht ón Roinn Oideachais agus tá cúigear múinteoirí ar iasacht dóibh ar chonradh sealadach chomh maith.

Ba í an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Kathleen Funchion a cheistigh an tAire Oideachais faoin scéal.

Fág freagra ar 'Geallúintí faoi bhonn reachtúil a chur faoi COGG caite i dtraipisí'

  • Mairéad

    Is deacair don eagraíocht COGG feidmiú go héifeachtach sna Gaeltachtaí le fostaithe shealadacha. Ba gné lárnach den pholasaí oideachais Gaeltachta go mbeadh daoine fostaithe ag COGG fhéin le go mbeadh pleanáil leanúnach fadtéarmach ar siúl.
    Is masla do mhuintir na Gaeltachta é go bhfuil “costais acmhainní daonna” á úsáid mar leithscéal ag an tAire Mc Hugh.