Deir an Ceann Comhairle nuathofa Verona Murphy go bhfuil sé i gceist aici feabhas a chur ar a cuid Gaeilge nó go mbeidh leibhéal líofachta aici a bheidh “ag teacht” lena ról nua.
Dúirt sé go mbeadh sí cothrom agus stuama mar chathaoirleach na Dála agus gheall sí chomh maith go gcuirfeadh sí athruithe i gcrích le linn a tréimhse oifige.
Tá ceist na Gaeilge agus ról an Cheann Comhairle i mbéal an phobail ó dúirt Seán Ó Fearghaíl, a raibh an tríú téarma á lorg aige mar chathaoirleach na Dála, le Tuairisc an tseachtain seo caite gur chóir Gaeilge líofa a bheith ag an té a thoghfaí sa phost.
Tháinig Teachtaí Dála an 34ú Dáil le chéile i dTeach Laighean den chéad uair ar maidin agus thoghadar ina ceann comhairle an Teachta Dála neamhspleách as Loch Garman.
Is í Murphy an chéad bhean le bheith ina ceann comhairle.
Toghadh Murphy i ndiaidh an tríú comhaireamh nuair a bhain sí an cuóta, 88, amach le vótaí aistrithe Sheáin Uí Fhearghaíl.
Ceathrar iarrthóirí a bhí ann – Verona Murphy, Seán Ó Fearghaíl (FF), John McGuinness (FF) agus Aengus Ó Snodaigh (SF).
Roimh an toghchán sa Dáil ar maidin, dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh líofacht sa Ghaeilge ina bunscil riachtanach do phost an Cheann Comhairle. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh ceann comhairle ábalta “ceannaireacht” a léiriú ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Dáil, rud a chinnteodh go mbeadh an Ghaeilge “ar comhchéim” leis an mBéarla.
Ní cainteoir Gaeilge í Verona Murphy.
Thug Fianna Fáil agus Fine Gael tacaíocht do Verona Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl acu leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách faoi chomhrialtas a bhunú, gníomh a mhaígh Ó Feargháil agus daoine eile a rinne mír mhargántaíochta de ról tábhachtach.
Cainteoirí líofa Gaeilge iad Ó Fearghaíl agus Ó Snodaigh agus dúirt siad beirt le Tuairisc roimh an vóta gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí sa phost.
I nGaeilge a bhí cuid de na hóráidí a thug siad sa Dáil ar maidin sular cuireadh tús leis an vótáil. I nGaeilge a chuir John McGuiness tús lena óráid chomh maith. Níor labhair Verona Murphy aon fhocal Gaeilge seachas “Go raibh maith agat, agaibh” a rá ag deireadh a hóráide.
174 Teachta Dála a toghadh chun na Dála nua, an líon is mó Teachtaí riamh ó bunaíodh an stát.
An ionadaíocht chionmhar a bhí i réim don vóta agus aon-vóta inaistrithe ag gach Teachta Dála.
Sular reáchtáladh an vóta don Cheann Comhairle inniu, thug cléireach na Dála, Peter Finnegan, óráid oscailte an 34ú Dáil. Léifidh an cléireach amach forógra ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn agus ansin tabharfaidh sé ainmneacha na dTeachtaí Dála go léir a toghadh chun na Dála.
Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag an gCeann Comhairle nua Verona Murphy go gcuirfidh sí feabhas ar a cuid Gaeilge'