Geallta ag Edwin Poots go dtabharfaidh sé reachtaíocht Ghaeilge isteach

Dúirt ceannaire an DUP go mbeadh sé ‘breá sásta’ na gealltanais i gcomhaontú New Decade, New Approach a thabhairt isteach a luaithe agus is féidir

Geallta ag Edwin Poots go dtabharfaidh sé reachtaíocht Ghaeilge isteach

Tá geallta ag ceannaire an DUP Edwin Poots go dtabharfaidh sé isteach reachtaíocht don Ghaeilge chomh sciobtha agus is féidir.

Údar dóchais a bheidh i gcaint Poots don lucht feachtais atá ag éileamh le fada go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge, mar atá geallta i gcomhaontuithe éagsúla.

Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh dlús a chur le comhlíonadh na ngealltanas go léir atá déanta sa chomhaontú, Ré Nua, Cur Chuige Nua, an comhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont in 2020. Déarfaidh sé an méid sin le pé duine a ainmneoidh sé mar Chéad-Aire, a deir Poots.

“Táimid breá sásta na leasuithe faoi chúrsaí cultúir a dhéanamh ar Acht 1998 agus cuirfimid dlús leo a luaithe agus is féidir,” arsa ceannaire an DUP.

Gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua go dtabharfaí an reachtaíocht Ghaeilge isteach mar chuid de ‘phacáiste’ a dhéanfadh leasú ar an reachtaíocht chultúir atá ann cheana féin.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga. Bheadh stádas oifigiúil ag an Ultais chomh maith.

Bhí sé ina imní go gcuirfeadh Poots cos i bhfeac maidir le cás na Gaeilge agus go bhféadfadh fiú go dteipfeadh arís ar an bhfeidhmeannas mar gheall ar an teannas idir Sinn Féin agus an DUP faoi cheist na teanga agus ceisteanna eile.

Tá brú á chur ag Sinn Féin ar an DUP gealltanas a thabhairt i dtaobh na Gaeilge sula ndéanfar airí nua Stormont a ainmniú.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood má bhí rogha le déanamh idir an rialtas díláraithe agus an Ghaeilge go gcaithfeadh Sinn Féin an rialtas díláraithe a roghnú. Dúirt sé nach raibh na Tóraithe chun aon rud a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge ná na rudaí eile atá ag déanamh scime do phobal an Tuaiscirt.

Fág freagra ar 'Geallta ag Edwin Poots go dtabharfaidh sé reachtaíocht Ghaeilge isteach'