Gay Byrne, an Ghaeilge agus ‘good television’

B’fhacthas dár gcolúnaí i gcónaí nach raibh ach aidhm mhór amháin ag Gay Byrne, ba é sin clár maith teilifíse a chur ar fáil

Gay Byrne, an Ghaeilge agus ‘good television’

Pictiúr: Michael Chester/Photocall Ireland

Ó bhásaigh an sárchraoltóir Gay Byrne tá na Tráchtairí Móra ag baint na sála dá chéile ag déanamh amach gur fear a bhí ann a chuir athrú mór ar shaol na hÉireann. Tharlódh an t-athrú dá uireasa. Ní raibh ann ach gur thug sé ardán breá nua-aimseartha do dhaoine leis an athrú a phlé.

B’fhacthas dhom féin i gcónaí nach raibh ach aidhm mhór amháin aige. Ba é sin “good television”, mar a thugadh sé air, a chur ar fáil.

Cruthaíodh dhom gurbh amhlaidh a bhí an oíche a raibh mé féin agus an tEaspag John Kirby ag díospóireacht faoi shlánú an Iarthair ar an Late Late Show.

I ndiaidh an chláir tháinig Gay isteach sa seomra fáiltithe agus anuas leis caol díreach chugamsa. “Thanks very much,” a dúirt sé, “that exchange with the Bishop was great television”.

Ní raibh caint ar bith aige ar an ábhar a bhí á phlé againn.

Blianta roimhe sin, i 1965, bhí díospóireacht ghangaideach ar an Late Late Show faoin bPáipéar Bán faoi athbheochan na Gaeilge. Thosaigh an Language Freedom Movement ag cur a gcuid cosa beaga uathu an bhliain chéanna.

Tháinig sé ina chath na bpunann idir an t-aisteoir Joe Lynch agus daoine eile ar thaobh amháin agus lucht na Gaeilge ar an taobh eile i rith an chláir.

Aríst ba é an breithiúnas céanna a bhí ag Gay Byrne ar an díospóireacht; gur ‘good television’ a bhí ann.

An raibh fealsúnacht bhunúsach ar bith aige sa deireadh? Tá leidí ann ach níl iontu ach leidí.

In arm na Breataine a bhí a athair agus a chuid uncaileacha. Bhí luí i gcónaí aige le cultúr na Breataine. Níor thaitnigh Amhrán na bhFiann leis.

Ach is minic a chrochtar duine san éagóir freisin. An chéad oíche a raibh Gerry Adams ar an Late Late Show dhiúltaigh sé lámh a chroitheadh leis.

“Dá mbeadh Maggie Thatcher ar an gclár bheadh a dhá lámh sínte amach aige ag cur fáilte roimpi,” a dúirt cara liom ag an am.

Léigh mé ó shin san Irish Times gurbh iad bainistíocht RTÉ a d’iarr air gan lámh a chroitheadh le Gerry Adams!

Ba chosúil go raibh an dearg-ghráin aige ar Ghluaiseacht na Gaeilge, mar a thugtaí uirthi nuair a bhí roinnt cosúlachtaí gluaiseachta ann.

Rinne sé cur síos uair amháin ar an am a ndeachaigh sé ag obair in RTÉ i dtosach. Dúirt sé gur “tight little station run by Gaeilgeoirí” a bhí roimhe.

Bhí seisean bródúil nach Gaeilgeoir a bhí ann féin, nach raibh sé isteach le Cumann Lúthchleas Gael agus go raibh tóir aige ar an snagcheol.

Tá a fhios agam gur labhair sé abairt amháin ar a laghad ar an Late Late Show. Breandán Ó hEithir a bhí faoi agallamh aige.

”Canathaobh go bhfuil tú ag imeacht go Paris?” a d’fhiafraigh sé de.

Níos faide chun cinn san agallamh chuir sé an cheist eile seo ar Bhreandán:

“Are you fed up talking about the Irish language? You are supposed to have strong feelings about it?”

Seo é an freagra a thug Breandán air i nglór séimh:

“I have strong feelings naturally enough. It is part of me: it would be funny if I didn’t. As far as I am concerned it is up to other people now. I have done the only thing that anyone can do; I have passed it on to another generation; my four children have it. And that is that.”

D’fhéadfadh sé nuair atá deireadh ráite gur thuig Gay Byrne an chaint sin de bheagán ar a bhealach féin.

Cuimhnigh gur chuir sé a chuid gasúr chuig Coláiste Gaeilge, Coláiste Chamuis. Thagadh sé féin agus a bhean Kathleen ar cuairt chucu ansin.

I Séipéal an Spidéil a phós a n-iníon Cróna.

Déarfá leat féin go raibh dáimh de chineál eicínt aige le muintir na Gaeltachta.

Cé a d’fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar an gcomhrá a tharla idir é féin agus Máire Treasa Ní Chéidigh as Cois Fharraige nuair a bhí sí istigh ar chomórtas Rós Thrá Lí?

Bhí sí chomh hiontach sin á fhreagairt, agus chuaigh sí i bhfeidhm chomh mór air, gur thaispeáin sé an mhír arís ar an Late Late Show ina dhiaidh sin.

Bhí bean Ghaeltachta eile ann a raibh ómós an domhain aige di. B’in í Máire Ní Chadhain as Leitir Calaidh. Bhí sí ag obair in oifig an raidió aige. Cailleadh óg í. An mhaidin dár gcionn ba bheag nach raibh sé ag caoineadh ar an aer ag cur síos uirthi.

Ní ‘good television’ ná ‘good radio’ a bhí ansin ach caint ón gcroí.

Fág freagra ar 'Gay Byrne, an Ghaeilge agus ‘good television’'

  • Páid Ó Donnchú

    Fair play duit, Joe. An fhírinne scríofa agat.

  • Dónall Ó Cnaimhsí

    Bhí neart Gaeilge aige, mar go ndearna sé agallamh le Francis Ní Géidigh ar RnaG i dTír Chonaill, a rinneadh a áth-chraoladh ansin inné.

  • An Teanga Bheo

    Nach deas mar a bhi tioncharchar ag Gaeilgeoirí ar……. beannacht dé leis

  • Gerry sona

    Is é RTÉan Craoltóir Naisiúnta agus dualgas ar leith acu ó thaobh na Gaeilge de. Cá mhéad Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an ‘Late. late show’? Cá mhéad Gaeilge atá le cloisteáil ar RTÉ1 idir teilifís agus raidió inniú? Chan de sliocht Fiach Mac Aodh Ó Beirn é nó iad.