Bhí sé spéisiúil nár spréach Donald Trump láithreach nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil an tUachtarán Biden tar éis cead a thabhairt don Úcráin diúracáin fhadraoin ATACMS a úsáid i gcoinne spriocanna san Rúis.
Sea chuir Donald Óg i leith Biden go raibh sé ag iarraidh tús a chur leis an tríú cogadh domhanda sula n-insealbhóidh a athair, ach bhí sean-Trump ina thost. Agus tá a fhios againn nach fear é an tUachtarán tofa Donald Trump a choimeádann guaim air fhéin nuair a bhíonn sé spréachta. Dá mba rud é go raibh sé ar buile bheadh sé á chur sin iúl dúinn i gCEANNLITREACHA ar Truth Social.
Is é fírinne an scéil go bhfuil gar déanta ag Joe Biden do Donald Trump leis an gcinneadh seo. Maíonn Trump gur féidir leis síocháin a bhaint amach san Úcráin. Is féidir leis an milleán a chur ar Biden faoin gcogadh leis an Rúis a ‘ghéarú’ agus ansin is féidir leis leas a bhaint as an tionchar breise a thabharfaidh na ATACMS dó in aon chainteanna le Putin. Tá constaic mhór roimh aon iarrachtaí stop a chur leis an gcogadh faoi láthair agus sé sin go bhfuil an lámh in uachtar ag an Rúis ar pháirc an chatha. Má chreideann an Rúis gur féidir leo leas níos fearr a bhaint as leanúint leis an gcogaíocht ná éirí aisti ní bheidh fonn orthu glacadh le sos cogaidh ná le socrú síochána.
Bheadh an rud céanna fíor dá mbeadh an Úcráin ag buachaint, ach tá níos mó tionchair ag Meiriceá ar an Úcráin mar gheall ar an tacaíocht mhíleata a thugann siad dóibh.
Mar sin chun an seans gur féidir an chogaíocht a stopadh a mhéadú caithfear cothromaíocht mhíleata a bhaint amach idir an dá thaobh. Aontaíonn formhór saineolaithe míleata nach dócha go gcasfaidh na ATACMS taoide an chogaidh i bhfabhar na hÚcráine, ach d’fhéadfadh siad cabhrú le cothromaíocht éigin a bhaint amach idir an dá thaobh.
Agus sin ceann de na réamhchoinníollacha a bhfuil gá ag Trump leo má tá sé leis an socrú síochána atá geallta aige a bhaint amach.
Díol spéise is ea an plean síochána atá á mholadh ag Uachtarán na Tuirce, Recep Tayyip Erdoğan, de réir tuairiscí áirithe, mar gur iarracht atá ann teacht timpeall ar an gconstaic lárnach atá roimh shocrú síochána ar thrácht mé air i m’alt deireanach ar an ábhar seo – sé sin mian na hÚcráine a bheith ina ball de NATO mar nach bhfuil muinín acu nach n-ionsóidh Putin arís iad agus mian Putin nach mbeadh cead ag an Úcráin a bheith i NATO.
Moltar sa phlean, más fíor, go reofaí na línte tosaigh mar atá ach glacaim leis go gcaithfeadh malartú talún áirithe tarlú – ar a laghad ceantar Kursk san Rúis, b’fhéidir ar son an cheantair thart ar stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia san Úcráin. Bheadh fórsa coimeádta síochána idirnáisiúnta i gcrios dímhíleataithe idir an dá thaobh, agus bheadh barántas ann go bhfanfadh an Úcráin amach as NATO ar feadh deich mbliana ar a laghad.
Is barántas slándála éifeachtach a bheadh sna coimeádaithe síochána ilnáisiúnta don Úcráin mar go mbeadh ar an Rúis iad a ionsaí nó a bhrú i leataobh chun an Úcráin a ionsaí arís. Tá amhras orm an mbeadh an Rúis sásta glacadh lena leithéid áfach mar nach nós le mórchumhachtaí agus impireachtaí glacadh leis an nóisean go ndéanfadh éinne eile maoirseoireacht nó póilíneacht orthu ar an tslí sin.
Bheadh claonadh agam freisin aontú le hÚcránaigh a chreideann go mbeadh Putin ar a laghad ag iarraidh an rogha a bheith fós aige ionsaí eile a dhéanamh ar an Úcráin amach anseo, agus chuirfeadh fórsa éifeachtach ilnáisiúnta coimeádaithe síochána an rogha sin as an áireamh go praiticiúil dó.
Ach dá mbeadh an Rúis sásta glacadh lena leithéid is tuar dóchais a bheadh ann go bhféadfaí síocháin fhadtéarmach a bhaint amach san Úcráin, fiú murar síocháin féaráilte a bheadh inti.
Eoghan Ó Néill
Cogadh nach raibh gá leis ar chor ar bith, ach bhain na máistrí ar NATO agus gnónna an armlóin súp as agus an frith-rúiseachas in iarthar na tíre a ghríosadh chun ballraíocht i NATO agus chun cogadh ar a gcomhthírigh sa Donbass, Luhansk etc. Bhí deis ag Zelinski an marú agus scrios a stopadh i Márta 2022 ach in áit sin thug sé cluas do Boris Johnson a mhol dó gan síocháin a dhéanamh
An tSean Commie Bocht
Chuir NATO agus Zelensky agus Boris Johnson iachall ar Putin an Úcráin a ionsaí. Agus is do Putin atá barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta! Mo náire iad!