Gaoth Dobhair cloíte, seaimpíní 2020 cáilithe i nGaillimh agus babhtaí dícháilithe i ndán don Rinn

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo caite

Gaoth Dobhair cloíte, seaimpíní 2020 cáilithe i nGaillimh agus babhtaí dícháilithe i ndán don Rinn

Pictiúr: @NaomhConaillGAA

Dún na nGall

Tá Gaoth Dobhair díbeartha ó Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall tar éis do Naomh Conaill an ceann is fearr a fháil orthu sna babhtaí ceathrú ceannais Dé Domhnaigh. Farasbarr cúig phointe a bhí ag Naomh Conaill, 1-10 in aghaidh 0-8, agus Jeaic Mac Ceallabhuí a fuair an cúl cinniúnach agus 20 nóiméad den chéad leath caite. Bhí cúl glan idir na foirne deich nóiméad isteach sa dara leath ach ba iad fir na nGleanntach a mhéadaigh an bhearna as sin go deireadh agus bhí bua cuimsitheach acu ar deireadh.

Casfaidh Naomh Conaill ar Chill Charthaigh sna babhtaí leathcheannais. Tá na foirne céanna fós ag fanacht ar chluiche ceannais 2020 a athimirt ach casfaidh siad ar a chéile Dé Domhnaigh seo chugainn chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais 2021. Bhuail Cill Charthaigh greadadh ar Sheán Mhic Cumhaill, 1-17 in aghaidh 0-2, chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais i mbliana.

Imreoidh Naomh Micheál in aghaidh Naomh Adhamhnáin sa chluiche leathcheannais eile. Fuair Naomh Adhamhnáin an ceann is fearr ar Naomh Náille, 2-12 in aghaidh 2-5. Bhí Naomh Náille d’uireasa Stephen Griffin don imirt go léir toisc gur cuireadh den pháirc é sa chéad nóiméad.

Sháraigh Naomh Micheál Aodh Ruadh Bhéal Átha Seanaidh Dé hAoine sa chéad chluiche ceathrú ceannais, 3-13 in aghaidh 0-10. Is iad Michael Langan, Martin McElhinney agus Edward O’Reilly a d’aimsigh na cúil d’fhoireann Dhún Fionnachaidh.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá trí cinn d’fhoirne Gaeltachta cáilithe do bhabhtaí leathcheannais an chomórtais. Scóráil Aaron Doherty ocht bpointe do Naomh Columba agus an ceann is fearr faighte ag fir Ghleann Cholm Cille ar Naomh Bríd, 0-21 in aghaidh 1-6. Bhuaigh Cloich Cheann Fhaola ar Mhálainn, 0-11 in aghaidh 0-5, agus tháinig An Clochán Liath slán sa choimhlint a bhí acu le Naomh Muire, Íochtar na Rosann, 1-13 in aghaidh 1-2.

Imreoidh Naomh Columba in aghaidh an Chlocháin Léith i gcluiche leathcheannais amháin agus casfaidh Cloich Cheann Fhaola ar Bhun Cranncha tar éis do chumann Inis Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Fhánada, 1-13 in aghaidh 1-9.

Is iad Gleann Fhinne arís a thug leo Craobh Shinsir Peile na mBan tar éis dóibh An Tearmann a shárú i sárchoimhlint Dé Domhnaigh. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile ach bhuaigh Gleann Fhinne le dhá phointe faoi dheireadh, 1-23 in aghaidh 2-18. Scóráil Yvonne Bonner 1-9 do Ghleann Fhinne agus fuair Geraldine McLaughlin 1-16 don Tearmann.

Gaillimh

Tá seaimpíní 2020, Maigh Cuilinn, imithe tríd go dtí na babhtaí leathcheannais de Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe tar éis dóibh teacht aniar a dhéanamh ina gcluiche in aghaidh Réalta Thuama. Bhí Maigh Cuilinn ceithre phointe chun deiridh agus gan ach beagán le cois deich nóiméad fágtha ach ba é Peter Cooke a shlánaigh an fhoireann nuair a fuair sé scór an bhua d’fhir Chonamara in am cúitimh. 0-16 in aghaidh 1-12 an scór deiridh. Imreoidh Maigh Cuilinn in aghaidh An Chreagáin/Mhaigh Locha sna babhtaí leathcheannais, an dream ar bhuaigh siad orthu i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Cluiche leathcheannais dícháilithe atá roimh pheileadóirí An Spidéil tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Naomh Micheál Dé Domhnaigh. Bhí fir na cathrach rómhaith don Spidéal i gcaitheamh an tráthnóna agus dhá chúl cinniúnach faighte ag Naomh Micheál sa chéad leath. 2-8 in aghaidh 0-7 a chríochnaigh an cluiche.

Beidh dhá fhoireann Gaeltachta, Oileáin Árann agus Naomh Anna, Leitir Móir, le chéile i gceann de chluichí leathcheannais na Craoibhe Idirmheánaí Peile i nGaillimh. Bhí bua iontach ag Oileáin Árann ar Órán Mór/Mearaí Dé Sathairn, 0-18 in aghaidh 1-9. Bhí teacht aniar sa dara leath ag teastáil d’fhir Naomh Anna ach d’éirigh leo Cill Fhir Iarainn a shárú ar deireadh, 1-12 in aghaidh 1-8.

I gCraobh Shinsir na mBan, bhí bua maith ag Cill Chóirín/Cluain Bheirn ar Mhaigh Cuilinn sna babhtaí leathcheannais chun cluiche ceannais an chontae a bhaint amach arís.

Corcaigh

Tá Béal Átha an Ghaorthaidh tríd go dtí an chéad bhabhta eile de Chraobh Shinsir Peile A Chorcaí tar éis dóibh bua aon phointe amháin a fháil ar Ó Donnabháin Rossa, 1-11 in aghaidh 0-13. D’fhág cúl Liam Seartan go raibh fir Mhúscraí sé phointe chun tosaigh leath bealaigh tríd an chéad leath ach choinnigh Ó Donnabháin Rossa orthu ag laghdú na bearna de réir a chéile. Chuaigh Béal Átha an Ghaorthaidh 20 nóiméad gan scór sa dara leath agus fir an Sciobairín tagtha i bhfoisceacht pointe amháin dóibh ach d’éirigh le cosantóirí Bhéal Átha iad a choinneáil ó dhoras in am cúitimh agus thug siad na cosa leo. Imreoidh siadsan aghaidh Fhánaithe na Claide sna babhtaí ceathrú ceannais.

I bPríomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí, bua sé phointe a bhí ag Cill na Martra in aghaidh Uinsinn Naofa, 1-12 i gcoinne 1-6. Ba é Déan Mac Cárthaigh a d’aimsigh an cúl don chumann Gaeltachta leath bealaigh tríd an chéad leath choinnigh siad orthu ag méadú an bhearna idir na foirne as sin go deireadh. Is in aghaidh Raonaithe Nemo nó Áth Fhada a bheidh Cill na Martra sna babhtaí leathcheannais.

Tá deis ag Naomh Abán na babhtaí leathcheannais a bhaint amach freisin ach beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Áth Trasna. Chaill fir Bhaile Bhuirne amach ar an deis na babhtaí leathcheannais a bhaint amach díreach tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Cheann Toirc Dé Sathairn, 2-9 in aghaidh 2-5. D’aimsigh Daire Ó Laoire na cúil do Naomh Abán ach ní raibh siad in ann srian a chur le muintir Walsh a fuair na scóranna uile do Cheann Toirc – 1-5 do Ian, 1-3 do Colin agus 0-1 do Aidan.

Port Láirge

Na babhtaí dícháilithe atá i ndán do pheileadóirí na Rinne i gCraobh Shinsir Phort Láirge tar éis dóibh a gcluiche in aghaidh Bhaile na Cúirte a chailliúint ag an deireadh seachtaine. Bhí seaimpíní 2020 róláidir d’fhir na Gaeltachta agus cé go bhfuil Donie Breathnach cúl don Rinn gar do dheireadh na himeartha, bhí a rás rite faoin am sin agus an bua ag Baile na Cúirte orthu,  3-13 in aghaidh 1-6 .

Maigh Eo

Tá babhtaí ceathrú ceannais na Craoibhe Sinsir bainte amach ag Béal an Mhuirthead tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Achadh Mór ag an deireadh seachtaine, 1-9 in aghaidh 1-8. Bheadh an beart déanta ag Béal an Mhuirthead le comhscór ach chinntigh Ryan O’Donoghue go mbeadh an bua acu nuair a shlánaigh sé cic saor in am cúitimh. Scóráil O’Donoghue sé phointe sa chluiche agus ba é Martin Boylan a d’aimsigh an cúl 20 nóiméad isteach sa dara leath. Imreoidh Béal an Mhuirthead in aghaidh Bhréachmhaí sa chéad bhabhta eile.

Tá Cill tSéadhna i mbaol dícháilithe tar éis dóibh cluiche in aghaidh na hÉille ag an deireadh seachtaine a chailliúint, 3-15 in aghaidh 3-9. Caithfidh siad anois Na Dáibhéidigh a chloí i gcluiche leathcheannais dícháilithe chun a dhéanamh cinnte go mbeidh siad fós sa Chraobh Shinsir an bhliain seo chugainn.

An Mhí

Bhí bua nach raibh mórán tábhacht leis ag Clann na nGael ina gcluiche deireanach i gCraobh Shinsir Iomána na Mí. Bhí Clann na nGael ar comhscór le Gaeil Bhláth Gall agus ceathrú uaire fágtha ach chríochnaíodar go láidir chun an lá a thabhairt leo, 1-20 in aghaidh 2-13.

Beidh Bhulf Tón ar ais sa ghrád Idirmheánach an bhliain seo chugainn agus fuair Cill Liatháin an ceann is fearr ar fhir Bhaile Ghib sa bhabhta deireanach i nGrúpa B, 2-16 in aghaidh 1-12.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair cloíte, seaimpíní 2020 cáilithe i nGaillimh agus babhtaí dícháilithe i ndán don Rinn'