Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag dul chun comhraic arís do Chorn an Dochtúra Mhic Uidhir

Bhí imreoirí ar an dá fhoireann míshlachtmhar ina gcuid imeartha sa chéad chluiche agus ag pé foireann is mó feabhas a bheidh craobh an chontae tráthnóna

Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag dul chun comhraic arís do Chorn an Dochtúra Mhic Uidhir

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 3.00pm

Is é seo an chéad uair ó 2005 arbh éigean cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall a athimirt. Bhí Naomh Conaill ag imirt sa chluiche sin ceithre bliana déag ó shin chomh maith, agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin chun an chraobh shinsir a bhuachan den chéad uair riamh. Beidh foireann na nGleanntach ag súil gur dea-thuar dóibh é sin.

Beidh an chuid eile againn ag súil go bhfeicfear cluiche níos fearr tráthnóna ná an ceann a imríodh idir Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair Dé Domhnaigh seo caite.

Chríochnaigh na foirne ar comhscór, 0-8 an taobh, seachtain ó shin i mBealach Féich i ndiaidh cluiche a bhí crua agus leamh.

Seans gur ag fir Ghaoth Dobhair is mó atá údar a bheith buíoch as an dara deis seo a bheith faighte acu. Ba iadsan a bhí ina rogha láidir na n-údar roimh an gcéad chluiche ach ní raibh siad i mbarr a maitheasa an lá faoi dheireadh.

Mar sin féin, bhí cuma mhaith ar chúrsaí dóibh sa dara leath nuair a d’aimsigh siad ceithre phointe as a chéile, scóranna a d’fhág go raibh siad cúpla pointe chun cinn, 0-8 in aghaidh 0-6, ach tháinig Naomh Conaill ar ais.

Theip ar thosaithe Ghaoth Dobhair cuid mhaith an lá eile agus ba iad na cosantóirí a spreag an fhoireann. Fuair Neil McGee cúilín agus fuair Niall Friel péire.

Caithfear a chur san áireamh gur buaileadh cúpla buille ar Ghaoth Dobhair. Gortaíodh Kieran Gillespie díreach roimh leath ama agus bhí ar an bhfear a tháinig isteach ina áit, Christopher McFadden, an pháirc a fhágáil go luath sa dara leath chomh maith.

Ba mhór an mí-ádh é mura mbeidh siadsan in ann dul chun páirce tráthnóna, go háirithe Gillespie a bhfuil tamall fada tugtha aige ag teacht ó ghortú glúine.

Tá sé chluiche ceannais imeartha ag Naomh Conaill ó 2010, agus ba léir gur sheas an taithí sin dóibh i dtreo dheireadh na himeartha. Bhí siad dhá phointe chun deiridh agus sé nóiméad fágtha agus, cé nach raibh scór ar bith faighte acu le 20 nóiméad roimhe sin, ba iad Naomh Conaill a fuair an dá scór deireanach agus a chinntigh go mbeadh an cluiche á athimirt.

Seans go mbeidh beagán aiféala orthu nár éirigh leo an cluiche a bhaint ina dhiaidh sin. Agus na foirne ar comhscór, choinnigh Naomh Conaill seilbh ar an liathróid in am cúitimh ach chuir John O’Malley agus Dermot Molloy iarrachtaí ar strae.

Ar an drochuair dóibh féin, bhí an míchruinneas sin ina smál ar a gcuid imeartha i rith an chluiche uile agus ní hamháin in am cúitimh.

D’éirigh go maith leo den chuid is mó agus iad i mbun cosanta. Bhí cúpla deis mhaith ag Gaoth Dobhair sa chéad deich nóiméad nó mar sin ach níor ligeadh aon scór le hOdhrán Mac Niallais ná Kevin Cassidy.

Beidh sé fíordheacair ag Naomh Conaill an bheirt sin a choinneáil faoi chois arís inniu ach caithfidh an-fheabhas a theacht ar Ghaoth Dobhair agus iad ar an ionsaí. Cé go raibh cosantóirí Naomh Conaill láidir, d’éirigh le foireann Mhachaire Gathlán bearnaí a aimsiú. Faraor ba mhinic ansin go ndearna imreoirí Ghaoth Dobhair an rogha mhícheart.

Tá an luas sna cosa ag Daire Ó Baoill, Odhrán McFadden-Ferry, Cian Mulligan, Niall Friel agus a leithéidí chun an spás céanna a aimsiú inniu agus má bhíonn siad níos stuama agus seilbh na liathróide acu éireoidh leo.

Léirigh Naomh Conaill an lá faoi dheireadh nach bhfuil an bhearna idir iad féin agus Gaoth Dobhair chomh mór is a síleadh ach, mar sin féin, is iad seaimpíní 2018 rogha na n-údar go fóill.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag dul chun comhraic arís do Chorn an Dochtúra Mhic Uidhir'