Gan toradh dearfach do Covid-19 ach ag duine amháin as gach 100 a ndéantar tástáil orthu

Tá iarrtha ag NPHET ar dhaoine gan bualadh ach le líon teoranta daoine gach lá agus cuntas a choinneáil ar aon duine a mbíonn siad i dteagmháil leo

Gan toradh dearfach do Covid-19 ach ag duine amháin as gach 100 a ndéantar tástáil orthu

Ní bhíonn toradh dearfach ar thástáil do Covid-19 ach ag duine amháin as gach 100 duine a ndéantar tástáil orthu, de réir na bhfigiúirí is déanaí. 

Faoi mheán oíche Dé Luain, 367,780 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 19,364 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 185 duine. B’ionann sin agus 1% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 1.7% an tseachtain seo caite agus 2.1% an tseachtain roimhe sin. 

Comhartha eile é a laghad tástálacha dearfacha atá ann go bhfuil an galar curtha faoi chois sa phobal.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) go raibh an ruaig curtha againn ar an víreas amach as an bpobal “a bheag nó a mhór” agus gur braisle cásanna i dteaghlaigh agus in áiteanna oibre amhail monarchana feola a bhí á ndeimhniú anois.  

Tá achainí déanta ag na húdaráis sláinte ar dhaoine fanacht ina gceantar áitiúil féin agus gan bualadh ach le líon teoranta daoine.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:

“Cuid riachtanach den bhealach a dtroidfimid an Covid-19 is ea an cuardach teagmhálaithe agus an faireachas sláinte phoiblí.

“Tá dochtúirí sláinte phoiblí agus a bhfoirne tar éis obair iontach a dhéanamh chun teacht ar na daoine a raibh 25,000 duine a raibh Covid-19 orthu i dteagmháil leo.

“Is féidir linn ar fad cuidiú leo san obair sin ach gan bualadh ach le líon teoranta daoine gach lá agus cuntas a choinneáil ar aon duine a mbímid i dteagmháil leo.”

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh “cúrsaí ag dul i bhfeabhas in Éirinn agus ar fud na hEorpa” ach go raibh “rabhadh” tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) nach am é seo leis  “na maidí a ligean le sruth”.

“Deir siad go gcaithfidh tíortha leanúint orthu ag obair go crua chun an réchúis a sheachaint agus an dlúthpháirtíocht a chothú,” arsa an Dr. Tony Holohan.

D’fhógair an Roinn Sláinte go inné go raibh naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh naoi gcás nua den ghalar deimhnithe. 

Ba é an lá inné an cúigiú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás agus an dara lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná deich gcás.

Naoi gcás a fógraíodh chomh maith Dé Luain agus b’in an líon is lú cásanna a fógraíodh ón 11 Márta.

2,228 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,691 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

30,020 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,215 cás ó dheas den teorainn agus 4,805 cás ó thuaidh.

Don tríú lá as a chéile, ní raibh aon bhás nua de dheasca an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt. 

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 537.

757 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 29 Bealtaine. 528 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna. De réir fhigiúirí NISRA thit líon na mbásanna sa Tuaisceart don séú seachtain as a chéile.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, a bhain leis an 25,206 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 7 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,331 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 413 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,087 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,159 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,529 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,424 cás, nó 6%
  • Bhain 10,246 cás le 892 braisle cásanna
  • 483 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 471 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás a a bhí i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 38% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 59% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Fág freagra ar 'Gan toradh dearfach do Covid-19 ach ag duine amháin as gach 100 a ndéantar tástáil orthu'