Gan tásc ná tuairisc ar Géibheann nó Gnáthrud agus ardmheas léirithe ar Mhaidhc Dainín Ó Sé – Na tvuíteanna is fearr ó Pháipéar 2

Bhí daltaí na hArdteiste sásta go maith le páipéar an lae inné ach ní raibh an sásamh céanna i gceist i ndiaidh an scrúdaithe inniu tar éis dóibh aghaidh a thabhairt ar na dánta agus na húrscéalta

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

go raibh gach duine sásta go maith le Gaeilge (Páipéar 1) inné, bhí scéal difriúil ann ar maidin agus an dara páipéar curtha os comhair na ndaltaí.

Is léir go raibh go leor acu ag súil go mbeadh an dán Géibheann le Caitlín Maude agus an t-úrscéal Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna mar chuid den scrúdú ach ní mar sin a tharla. Dar ndóigh, ní raibh na daltaí sin sásta agus léirigh siad é sin ar na meáin shóisialta.

Seans go mbeidh siad siúd níos spréachta fós nuair a fhoghlaimeoidh siad go raibh Géibheann ar an bpáipéar gnáthleibhéil.

Bhí ceist faoi shaothar Mhaidhc Dáinín Uí Shé, A Thig ná Tit Orm, ar scrúdú an lae inniu agus is léir go ndeachaigh an scéal i bhfeidhm ar mhac léinn amháin ar a laghad agus ardmholadh tugtha aige don leabhar díreach roimh an scrúdú.

Bhí ceann de na léamhthuiscintí bunaithe ar athrú aeráide agus is léir go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar chuid de na mic léinn.  

Agus an dá pháipéar anois críochnaithe, bhí neart daoine sásta go raibh deireadh tagtha lena gcuid ceachtanna Gaeilge…

…ach ní hin an chéad uair i rith na hArdteiste seo go ndearnadh ráiteas den chineál seo. Seo a bhí á nuair a tháinig deireadh le páipéar 2 den scrúdú Béarla an tseachtain seo caite.  

Fág freagra ar 'Gan tásc ná tuairisc ar Géibheann nó Gnáthrud agus ardmheas léirithe ar Mhaidhc Dainín Ó Sé – Na tvuíteanna is fearr ó Pháipéar 2'