Gan smid ráite ag Poots ná Donaldson faoi reachtaíocht Ghaeilge

Tá an vótáil ar siúl inniu le comharba Arlene Foster a roghnú agus beirt atá san iomaíocht do cheannaireacht an DUP

Gan smid ráite ag Poots ná Donaldson faoi reachtaíocht Ghaeilge

Edwin Poots agus Jeffrey Donaldson

Níl smid ráite ag an mbeirt iarrthóirí ar cheannaireacht an DUP faoin nGaeilge agus an vótáil ar siúl inniu le comharba Arlene Foster a roghnú.

Níor luaigh Edwin Poots ná Jeffrey Donaldson an reachtaíocht teanga agus é ina imní go ngabhfaidís siar ar na gealltanais a tugadh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Tá fainic curtha ag An Dream Dearg, lucht feachtais ar son na Gaeilge, gan ligean don DUP a ghabháil siar ar na gealltanais a tugadh i margadh Stormont agus tá na haontachtaithe is neamhghéilliúla ag éileamh go labhródh na hiarrthóirí faoin gceist.

Dúirt Jim Allister, ceannaire an TUV, gur “údar suntais é nach raibh dada le rá ag ceachtar iarrthóir faoina seasamh i leith reachtaíocht na Gaeilge. “An focal féin níl i bhforógra cheachtar acu. Cén fáth?” a d’fhiafraigh sé.

Mhaígh Allister gurbh é Edwin Poots “an cosantóir ba mhó” a bhí ag an margadh faoin nGaeilge a rinneadh mí Feabhra 2018 ach ar cuireadh stop leis go tobann agus go raibh a sheasamh ar an gceist sin “doiléir ar a laghad”.

Dúirt sé nach raibh sé soiléir ach oiread “cén treo a bhfuil a aghaidh a chompáis ag Donaldson ag an tráth seo”.

Edwin Poots. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá lucht tacaíochta na reachtaíochta Gaeilge ag súil go bhfuil an ceart ag Allister agus gur ionann ciúnas na n-iarrthóirí faoin acht agus comhartha go mbeidh cur chuige níos réadúla faoin gceist ag pé duine acu a thoghfar ina cheannaire ar an DUP.

Níor luadh an reachtaíocht teanga beag ná mór sa mbileog eolais a sheol Jeffrey Donaldson go dtí an 35 Comhaltaí Tionóil is Feisirí Parlaiminte a bheidh ag vótáil ar an gceannaire nua ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach (DUP). Tuairiscítear sa News Letter gurbh amhlaidh a bhí i gcás bileoga fheachtas Edwin Poots.

Tá sé dearbhaithe gur cruthaíochtaí é Edwin Poots agus nuair a bhí sé ina Aire Sláinte dhiúltaigh sé cead d’fhir aeracha fuil a dheonú ach táid ann a mhaíonn go bhfuil Poots níos pragmataí ná a thugann sé le fios go poiblí.

De réir na hanailíse sin, maítear go dteastaíonn ó Poots go n-oibreodh Stormont agus chuige sin go mbeadh sé sásta teacht ar chomhréiteach le Sinn Féin, mar a rinne sé agus an idirbheartaíocht ar siúl faoin reachtaíocht ar son na Gaeilge in 2018, reachtaíocht a bhí maolaithe.

Bhí Jeffrey Donaldson ar dhuine díobh siúd a ghéill don bhrú ó bhaill an pháirtí diúltú do thorthaí na hidirbheartaíochta.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, Eanáir 2020, ghlac an DUP le reachtaíocht dá leithéid sa socrú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Mhaígh Donaldson anuraidh go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.

Dúirt sé gurb iadsan a shocródh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin gcomhaontú New Decade, New Approach. In 2019 dúirt sé nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP.

Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.

Jeffrey Donaldson. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Mhaígh Edwin Poots tráth gurb é an gaisce is mó a rinne sé nuair a bhí sé ina aire cultúir ná an t-éileamh ar acht Gaeilge a chur ó dhoras. Bhain sé siar as daoine nuair a labhair sé abairt Ghaeilge ag ócáid i nDún na nGall in 2017.

Tá cás na Gaeilge i lár an aonaigh arís sa Tuaisceart agus ceist na gceart teanga ina húdar easaontais sna hathruithe is déanaí i gcúrsaí polaitíochta.

Tá ráite ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go dteastaíonn óna páirtí oibriú leis an gceannaire nua a bheidh ar an DUP “le meon na féile agus an mheasa” ach gurb ionann sin agus “an éagsúlacht” a cheiliúradh agus an reachtaíocht teanga a bhí geallta a chur i bhfeidhm.

Áitíonn Sinn Féin nach mbeidh aon chluichí á n-imirt acu agus foireann ceannais nua á ceapadh ar an bhFeidhmeannas ach a bhfágfaidh Arlene Foster.

Tá caint ann cheana féin go bhféadfadh an próiseas ainmniúcháin aighneas a chothú a d’fhéadfadh cur as d’fheidhmeannas roinnt na cumhachta.

Tá daoine den tuairim go bhféadfadh Sinn Féin agus an DUP leas a bhaint as an bpróiseas ainmniúcháin mar ábhar margáintíochta chun tairbhe pholaitiúil a bhaint as ceisteanna amhail ceist na Gaeilge.

Dá ndiúltódh ceachtar dream ainmniúchán a dhéanamh, ní fhéadfaí feidhmeannas a bhunú a bheadh ábalta feidhmiú.

Deir Sinn Féin go bhfuil comhaontú ann cheana féin le páirtí an DUP faoin reachtaíocht Ghaeilge, ach níl aon ní ráite go fóill ag an mbeirt iarrthóirí faoin gcomhaontú sin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, An Dream Dearg, le déanaí go raibh sé soiléir gurb é an bac a bhí ar an reachtaíocht polasaí moilleadóireachta an DUP in iarracht tairbhe pholaitiúil a bhaint aisti ar cheisteanna eile.

San Irish News, dúirt sé gurbh ionann fealladh ar Ré Nua, Cur Chuige Nua agus fealladh ar roinnt na cumhachta féin.

“Ná bíodh aon amhras orainn, is é feidhmiú na gcearta teanga an tástáil a chuirfear ar aon cheannaire nua ar an DUP,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar 'Gan smid ráite ag Poots ná Donaldson faoi reachtaíocht Ghaeilge'