Gan aon cheacht foghlamtha ag Páirtí an Lucht Oibre fós…

Caithfear rogha pholaitiúil eile a fhógairt, agus caithfidh Páirtí an Lucht Oibre glacadh leis an rogha sin nó ceangal iomlán a dhéanamh le Fine Gael

28/02/2015. Labour - 68th National Conference. Pic

B’fhéidir go bhfuil sé róluath, ach níl aon chomhartha go fóill go bhfuil aon cheacht bunúsach foghlamtha ag Páirtí an Lucht Oibre. Mar sin tá sé an-deacair a shamhlú go bhfuil biseach ar bith i ndán don pháirtí.

Is léir gur dhiúltaigh na daoine a thug vótaí don pháirtí tráth vóta eile a thabhairt dóibh i dtoghchán mhí Feabhra, ach tá an páirtí ag maíomh i gcónaí gur theip orthu a dteachtaireacht a chur trasna.

Níl sé sin fíor. Chuir Páirtí an Lucht Oibre a dteachtaireacht os comhair an phobail, agus dhiúltaigh an pobal don teachtaireacht sin. ’Sé sin le rá, ní chreideann iar-vótóirí an Lucht Oibre go raibh sé ceart dul isteach i rialtas a bhí ar son na déine agus ualach na géarchéime a chur ar na daoine is boichte sa tsochaí seo.

Ach níl an páirtí féin sásta glacadh leis an teachtaireacht atá a fáil acu ón bpobal.

Ina ionad sin, tá an ghnáthchaint leibideach ann faoi athrú ceannaire, feabhas a chur ar an eagraíocht, cumarsáid níos éifeachtaí srl.

Cinnte beidh ar Joan Burton éirí as mar cheannaire luath nó mall – agus is fearr luath ná mall – ach tá an ceart ag Joanna Tuffy nuair a deir sí go dtéann deacrachtaí an pháirtí i bhfad níos doimhne ná sin. Agus más ceannaire nua atá de dhíth, cén mhaith filleadh ar sheanfhondúirí ar nós Bhrendan Howlin?

I ndáiríre, tá polasaí agus dearcadh nua ag teastáil a bhrisfeadh an nós géilleadh don rachmas agus don déine, agus tá ceannaire nua ag teastáil mar ‘íomhá’ don athrú bunúsach polaitiúil sin.

Tá buntáiste amháin fós ag an bpáirtí, agus ‘sé sin an ceangal atá aige le SIPTU, an ceardchumann is mó sa tír. Ní hé, ar ndóigh, gur thug siad aon aird ar a raibh le rá ag SIPTU agus iad sa rialtas, ach bunaíodh an páirtí an chéad lá le guth polaitiúil a thabhairt do ghluaiseacht na gceardchumann.

19/02/2015. Strategic Banking Corporation of Ireland. (LtoR) Tanaiste and Labour Party Minister for Social Protection Joan Burton, Minister for Public Expenditure and Reform Brendan Howlin TD, Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny. Today the Government launched 400 million euro of low cost long term funding for SMEs at a press confernce in The Liffy Liffy Trust Center - Strategic Banking Corporation of Ireland in Dublin this morning. Photo: sam Boal/Photocall Ireland
Agus más ceannaire nua atá de dhíth, cén mhaith filleadh ar sheanfhondúirí ar nós Bhrendan Howlin? Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Níl aon áit eile sa saol polaitiúil chun tús a chur le hathfhás an pháirtí ach i réimse na gceardchumann.

Níor ghlac SIPTU páirt sna cainteanna faoi Right2Change, ach ní fheicim go mbeidh deacrachtaí ar bith ag SIPTU leis na prionsabail atá leagtha síos ann, más féidir leo an creideamh neamhcheisteach atá acu i nPáirtí an Lucht Oibre a chur ar leataobh.

Agus is é an clár Right2Change an deis is fearr ag Páirtí an Lucht Oibre teacht aniar a dhéanamh. Tá coinníoll mór amháin i gceist, gan amhras.: go dtugann an páirtí droim láimhe go hoscailte, go hionraic is go soiléir lena ról mar chuid de lucht cosanta an rachmais.

Tá nimh ag páirtí an Lucht Oibre ar ndóigh do Shinn Féin, agus is é Sinn Féin an páirtí is tábhachtaí anois ar an eite chlé. Agus níl aon bhunús leis an nimh seachas iomaíocht pholaitiúil.

Más dán dó fás arís, caithfidh an Lucht Oibre a bheith toilteanach comhoibriú le Sinn Féin agus leis na páirtithe eile ar an eite chlé.

Ar ndóigh, caithfidh an taobh eile bheith sásta comhoibriú leis an Lucht Oibre freisin agus tá dualgas mór ar Shinn Féin na chéad céimeanna a thógáil sa bpróiseas.
Is léir go bhfuil bearna rómhór idir polasaithe Shinn Féin – agus prionsabail an Right2Change – agus polasaithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Ach ní shin le rá gur cheart do Shinn Féin fanacht taobh amuigh den phróiseas cainte, fiú más cur i gcéill cuid mhaith dá bhfuil ar siúl faoi láthair.

D’fhéadfadh Sinn Féin a bheith ag iarraidh comhpholasaí freasúra a chur le chéile, ag diúltú glan don tseanpholaitíocht. Bheadh iarracht ionraic dá leithéid ina dhúshlán mór, ní hamháin do Pháirtí an Lucht Oibre, ach do na Daonlathaigh Shóisialta, do Dhaoine Roimh Bhrabús, don

Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine, is do na neamhspleáigh ar an eite chlé.

Tá deacracht amháin, ámh, a gcaithfeadh na páirtithe seo ar an eite chlé a n-aird a thabhairt air – an Eoraip.

Brúdh polasaí déine orainn mar chuid de pholasaí déine na hEorpa a raibh mar aidhm aige cosaint a thabhairt do chóras baincéireachta na hEorpa agus don euro. Caithfear anois bheith sásta briseadh leis an Eoraip má táthar le malairt pholasaí a chur i bhfeidhm in ionad polasaí an iar-rialtais a tharraing an oiread sin míchlú ar na páirtithe a bhain leis.

Ach ní leor fanacht go socróidh páirtithe an rachmais an scéal eatarthu féin – rud a chaithfidh siad a dhéanamh am éicint. Ní leor na neamhspleáigh is na mionpháirtithe a fhágáil faoi scáth pháirtithe sin an rachmais.

Caithfear rogha eile a fhógairt, agus caithfidh Páirtí an Lucht Oibre glacadh leis an rogha sin nó ceangal iomlán a dhéanamh le Fine Gael.

Fág freagra ar 'Gan aon cheacht foghlamtha ag Páirtí an Lucht Oibre fós…'

  • alan

    Ta suil agam go mbeidh deireadh go deo leo mar phairti, is dream neamhscrupallach, ciocrach iad nach bhfuil aon fhocal acu, striapaigh. Feach Fat Rabbite, mar shampla, agus e fos ag piopaireacht fiu agus e in ainm is a bheith eirithe as. Toir ag na meain air chun dlus a choimead leis an status quo, agus is e na clisfidh orthu. Fan fada air gan filleadh na feacadh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt stuama agus an ceart ag Eoin im thuairim, go gcaithfidh an Lucht Oibre a bheith sásta oibriú le Sinn Féin, an páirtí is mó ar chlé sa Dáil. Ach ní thabharfainn mórán aird ar ‘Right 2 Change’, mana toghcháin gan mórán taobh thiar dhó. Níl bunús ar bith leis an polasaí faoi táillí uisce a bhí á bhrú ag ‘Right 2 Change’.

    Ach an bhfuil Eoin i ndáiríre nuair a deireann sé go gcaithfear anois bheith sásta “briseadh leis an Eoraip má táthar le malairt pholasaí a chur i bhfeidhm”. Cineál IREXIT atá á mholadh aige?

    • Eoin Ó Murchú

      Ní chuirfeadh IREXIT as dom go pearsanta, ach níliim á mholadh sa gcómhthéacs seo.

      Séard atá á ra agam ná nach féidir dúshlán a thabhairt don déine mura bhfuil tú sasta dúshlán a thabhairt do rialacha an AE, polasaí an Choimisiúin is eile a bhrúigh déine orainn. Caithfidh cinnte a bheith sásta briseadh leis an Euro.
      Ghéill Syriza sa nGréig toisc nach raibh siad in ann aon todhchaí a shamhailt taobh amuigh den Aontas nó den Euro.

      Má tá an dearcadh céanna agat is a bhí ag Syriza, ná bí ag gearán faoi dhéine, mar geillfidh tú sa deire. Glac leis anois gan dóchas gan bunús a thabhairrt do dhaoine. Tigh diabhail leis na bochtáin láithreach!

  • padraig

    Seo é an rud atá uainn (ón Irish Times)
    Fianna Fáil wants to hold a referendum on enshrining a water utility which could not be taken out of public ownership in the Constitution.
    Tá’s again go léir cé atá ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar uisce na hÉireann (ní luathfad a ainm a eagarthóir). Sin ceann des na fáthanna nach bhfuil meas muice agam ar Ph. an Lucht Oibre (cúis gháire dhóite chugainn ainm an Pháirtí sin) agus an chúis go nguím saol fata i mbéal muice dhóibh, freisin.