Gan ach trí bhabhta fágtha sa Pro12 tá ceachtanna foghlamtha roimh chluichí na deireadh seachtaine seo

Gan ach trí bhabhta fágtha sa Pro12, tá Cúige Uladh agus Cúige Mumhan beagnach cinnte d’áit sna babhtaí leathcheannais ach is i mbaol atá Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean

Tiernan O’Halloran ag aimsiú úid do Chúige Chonnacht sa Sportsground an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tiernan O’Halloran ag aimsiú úid do Chúige Chonnacht sa Sportsground an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Connacht fós ag déanamh a ndóthain, ar éigean

chaileann Cúige Chonnacht amach ar an séú háit sa tábla agus an áit i gCorn na gCuradh a théann leis, beidh cúpla cor cinniúnach sa scéal nach ndéanfaidh siad dearmad orthu.

An cor is mó acu seo ná an t-úd déanach a lig siad isteach i gcoinne Cardiff ag tús mhí Márta, úd a d’fhág go raibh an bua ag Cardiff. Tharla cor eile acu an deireadh seachtaine seo, cé nach raibh aon smacht ag na Connachtaigh air sa chás seo. Agus an t-am caite, bhí na Scarlets ag cailleadh in aghaidh Zebre san Iodáil ach shlánaigh Rhys Priestland úd leis an gcic deireanach chun an bua a thabhairt dóibh, 28-26.

gur chaill Cúige Chonnacht i gcoinne Cúige Uladh, bhain siad amach pointe bónais chun iad féin a choinneáil sa séú háit sa tábla. Tá siad cothrom ar phointí leis na Scarlets anois agus an péire acu aon phointe amháin chun cinn ar Dhún Éideann. Tá foireann Pat Lam fós ag déanamh a ndóthain ach, le trí bhabhta fágtha, ní féidir leo aon bhotún eile a dhéanamh.

 Luke Fitzgerald agus Gordon Darcy in ísle brí tar éis an chailleadh in aghaidh na Dragons sa Bhreatain Bheag. Pictiúr: INPHO/Ian Cook
Luke Fitzgerald agus Gordon Darcy in ísle brí tar éis an chailleadh in aghaidh na Dragons sa Bhreatain Bheag. Pictiúr: INPHO/Ian Cook

Séasúr Chúige Laighean i mbaol

Ta cluiche fíorthábhachtach ag Cúige Laighean an Domhnach seo chugainn in aghaidh Toulon agus tá tábhacht bhreise anois leis tar éis an deiridh seachtaine seo. Buaileadh na Laighnigh 25-22 in aghaidh na Dragons, rud a chiallaíonn go bhfuil sé beagnach cinnte nach mbainfidh foireann Matt O’Connor áit amach i gcluichí leathcheannais an Pro12 i mbliana.

O’Connor faoi bhrú tar éis do Chúige Laighean a bheith ag streachailt sa tsraith le cúpla mí anuas. Níl ach cluiche amháin buaite acu sa tsraith ó thús mhí Feabhra agus tháinig an bua sin in aghaidh Zebre, atá ag bun an tábla.

Ciallaíonn na drochthorthaí seo uile go bhfuil na Laighnigh ocht bpointe taobh thiar de na Ospreys, atá sa spota deireanach chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais. Má chailleann Cúige Laighean sa Fhrainc an Domhnach seo chugainn, beidh a séasúr thart i lár mhí Aibreáin agus cuirfear níos mó ceisteanna faoi chumas agus faoi chúram O’Connor.

Tommy Bowe (Cúige Uladh) ag éalú ó Bundee Aki agus Matt Healy, agus é ar tí úd a fháil in aghaidh Chúige Chonnacht. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tommy Bowe (Cúige Uladh) ag éalú ó Bundee Aki agus Matt Healy, agus é ar tí úd a fháil in aghaidh Chúige Chonnacht. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An beart déanta ag na hUltaigh

Bhí a fhios ag Cúige Uladh go raibh deireadh thar a bheith deacair acu sa tsraith i mbliana, iad ag tabhairt aghaidh ar na trí chúige Éireannacha agus foireann bharr na sraithe, Glaschú, sna ceithre bhabhta dheireanacha.

Ba é an turas chuig Gaillimh an dúshlán ba lú a bhí rompu, más fíor, ach tháinig foireann Neil Doaks slán ón Sportsground le bua agus pointe bónais chomh maith. Bhí Cúige Uladh 17-0 chun cinn ag an mbriseadh agus cé go ndearna Cúige Chonnacht teacht aniar láidir, bhí farasbarr scóir ag na hUltaigh i gcónaí.

Bhí an pointe bónais sin iontach tábhachtach mar is é an t-aon aidhm atá ag Cúige Uladh ná críochnú sa chéad dá áit sa tábla agus cluiche baile sna babhtaí leathcheannais a chinntiú. Faoi láthair, tá Cúige Mumhan os a gcionn de bharr difríocht pointí ach d’fhéadfadh athrú sciobtha a theacht ar an scéal sin agus iad ag imirt a chéile faoi cheann cúpla seachtain.

Paul O’Connell ag iompar na liathróide sa chluiche Pro12 in aghaidh Dún Éideann an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Paul O’Connell ag iompar na liathróide sa chluiche Pro12 in aghaidh Dún Éideann an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Cúige Mumhan ag teacht chucu féin

Dúirt Anthony Foley tar éis an bhua i nDún Éideann nach raibh sé ag súil leis an bpointe bónais a fháil ach is maith an rud é go bhfuair, óir chruinnigh Cúige Uladh, Glasgow agus na Ospreys uile cúig phointe, rud a d’fhág gur theastaigh freagra ó na Muimhnigh.

Dar ndóigh, níl Cúige Mumhan ag imirt san Eoraip a thuilleadh agus cé gurb fhearr leo a bheith ag imirt i gCorn na gCuradh, d’admhaigh Duncan Casey go dtugann an sos atá acu ón gcómórtas is ansa leo níos mó ama dóibh fáil faoi réir do na cluichí sraithe.

Agus a n-imreoirí idirnáisiúnta ar fáil dóibh an athuair, d’aimsigh na Muimhnigh cúig úd ar an Satharn agus, faoi láthair, is iad an fhoireann is fearr sa tsraith iad ó thaobh úid a aimsiú agus ó thaobh na cosanta chomh maith. De bharr na difríochta móra pointí seo, léim foireann Foley thar Chúige Uladh sa tábla agus iad anois sa dara háit.

Fág freagra ar 'Gan ach trí bhabhta fágtha sa Pro12 tá ceachtanna foghlamtha roimh chluichí na deireadh seachtaine seo'