Gan ach 32 Éireannach tarraingthe amach as an hata do víosa i SAM

Cuid pháidín den mheacan de víosaí Mheiriceá ag muintir na hÉireann i mbliana – éileamh láidir ar chead cónaithe sna Stáit i  gcónaí 

Gan ach 32 Éireannach tarraingthe amach as an hata do víosa i SAM

Seo í an bhliain is lú ar éirigh le muintir na hÉireann – ó thuaidh agus ó dheas – a theacht i dtír ar an gcóras crannchuir ar chead oibre i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Níl ach ainm 32 Éireannach tagtha chun cinn sa gcrannchur bliantúil a tosaíodh i Meiriceá i 1990.  Bunaíodh an córas ‘Diversity Visa Lottery’  le deis a thabhairt do dhaoine as tíortha nach raibh mórán imirce astu isteach go Meiriceá sa tréimhse cúig bliana roimh dháta an chrannchuir.  Tá Éire ina measc sin.

Cé go bhfuil beagán de laghdú ar an lear daoine a chuir a n-iarratais ar chur fúthu i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa ‘hata’ i gcrannchur na bliana seo, ní bhreathnaíonn sé go bhfuil  Uachtaránacht Donald Trump ag cur mórán scéine i ndaoine. 

Bhí deis ag daoine a gcuid iarratas a chur isteach ar an gCrannchur Víosa DV  is deireanaí idir an 3 Deireadh Fómhair 2018 go dtí an 6 Samhain 2018, achar 34 lá.  Rinneadh an phróiseáil air in Williamsburg i Stát Kentucky.

Tháinig 14.7 milliún iarratas isteach i mbliana ó dhaoine ar fud an domhain a bhí ag iarraidh a ghabháil go Meiriceá; bhíodh 17 milliún iarratas ar an meán in aghaidh na bliana istigh roimhe seo.   50,000 víosa a bhíonn ar fáil ach piocadh amach os cionn 80,000 ainm don bhliain seo.  Tá an 30,000 breise curtha sa gcomhaireamh sa gcás agus nach nglacfadh cuid den chéad 50,000 leis an tairiscint  – nó nach mbeadh cuid acu incháilithe.  Fiú agus má éiríonn le duine sa gcrannchur, ní shin le rá go bhfuil an beart déanta aice/aige.  Caithfear teacht trí mheasúnacht agus cíoradh slándála  agus bíonn orthu caighdeán oideachais iarbhunscoile Mheiriceá a bheith orthu, nó a chomhionann.

Faigheann roinnt daoine as tíortha áirithe amhail San Salvador, Nicaragua agus Guatamala sa Muir Chairib agus i Meiriceá Theas 5,000 de na víosaí de bharr clár tacaíochta dóibh a bheith scríofa isteach sa reachtaíocht.

Cuireadh tús leis an gcrannchur seo – an ‘Visa Diversity Lottery’ faoi théarmaí Acht Imirce na bliana 1990 agus is cuid bhuan anois é de chóras inimirce na Stát Aontaithe. Tugadh an córas seo isteach i bhfianaise na géarchéime a bhain le himircigh mhídhleathacha i Meiriceá sna 1980idí.  Bhain an ghéarchéim sin cor as na húdaráis inimirce sna Stáit Aontaithe san am sin ach, mar a tharla sé, is beag lagan atá tagtha uirthi ó shin.

Bhí ceist imircigh na hÉireann go mór faoi chaibidil an uair sin agus tugadh isteach trí iarracht ar leith i dTithe na Comhdhála in Washington a chuidigh leo go mór – Víosa Donnelly, Víosa Morrison agus Víosa Berman.  Bhíodar ainmnithe i ndiaidh na bpolaiteoirí a chuir borradh fúthu in Washington.

Bhí na scéimeanna víosa sin dírithe ar thíortha san Eoraip go háirithe mar go rabhadar sin laghdaithe san inimirce go Meiriceá ó cuireadh an reachtaíocht mhór ar ar tugadh an ‘Immigration and Nationality Act 1965’ i bhfeidhm. 

Cé go raibh sé i gceist go mbeadh roinnt fhorleathan ar scéimeanna víosa speisialta sna 1980idí agus tús na 1990idí tharla sé gur thit go leor acu ar Éireannaigh mar nach raibh aon ghlaoch mór orthu i dtíortha eile san Eoraip ag an tráth sin.

Ina dhiaidh sin a socraíodh go dtabharfaí isteach an crannchur do thíortha a raibh srianta curtha ar an imirce go Meiriceá astu de bharr athruithe na bliana 1965.

An Congó san Afraic is fearr a tháinig as an gcrannchur i mbliana mar bhí beagnach 5,000 duine as an tír sin buacach san gcrannchur.  An Albáin is fearr a chruthaigh san Eoraip agus bhí 3,600 acu.  Bhí 3,300 ag an Úcráin agus 2,700 ag an Tuirc.  Níor éirigh ach le 19 as Poblacht na hÉireann agus le 13 as an Tuaisceart.

Ní ligtear cuid mhaith tíortha isteach ar an gcrannchur seo ‘DV Lottery Visas’ ar chor ar  bith, ina measc an Bhreatain, an tSín, An Chóiré Theas, an India, Meicsiceo, Ceanada, an Bhrasaíl agus tuilleadh.

Tá córais eile ag go leor tíortha, go háirithe i Meiriceá Theas agus san Áise, le theacht isteach go Meiriceá, córas a tosaíodh nuair a cuireadh Acht 1965 i bhfeidhm.  Iadsan is tréine atá ag triail ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ar thóir oibre le fada an lá anois.

Fág freagra ar 'Gan ach 32 Éireannach tarraingthe amach as an hata do víosa i SAM'