Gan sárú le fáil ar Canning agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine

Gaillimh ag brath an iomarca ar Canning, sólás do Chorcaigh agus na ceachtanna suntasacha eile CLG a bhí le foghlaim an deireadh seachtaine seo

Joe Canning agus James Owens i ndiaidh an chluiche. INPHO/Mike Shaughnessy
Joe Canning agus James Owens i ndiaidh an chluiche. INPHO/Mike Shaughnessy

Canning ar leibhéal eile ach tá cúnamh ag teastáil

Níl aon amhras ann, nuair atá Joe Canning i mbarr a mhaitheasa, is deacair é a stopadh. Thug sé ceann de na taispeántais diamhra sin uaidh ar an Domhnach in aghaidh Thiobraid Árann agus is cinnte go mbeadh an tríú cluiche as a chéile caillte ag na Gaillimhigh dá uireasa.

Is minic an cineál sin taispeántais feicthe againn ó Canning agus cuirfidh sé imní ar lucht tacaíochta na Gaillimhe go bhfuil siad ag brath an oiread sin fós ar fhear Phort Omna. Ba cheann de na rudaí ba shuntasaí faoi Ghaillimh an bhliain seo caite gur tháinig tosaithe eile, leithéidí Jason Flynn, Cathal Mannion agus Conor Whelan chun tosaigh faoi am ar bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach.

gur aimsigh Flynn trí phointe in aghaidh Thiobraid Árann, fágadh an bheirt eile gan aon scór acu don dara cluiche as a chéile, an tríú deireadh seachtaine as a chéile i gcás Whelan. Agus an chuma ar an scéal nach mbeidh Jonathan Glynn ar fáil dóibh ach an oiread i rith an tsamhraidh beidh tuilleadh tacaíochta ag teastáil ó Canning.

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/John McVitty
Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/John McVitty

Mickey Harte ag bréagnú a thuairim féin?

Cúig bliana ó shin, dúirt Mickey Harte nach mbeadh aon fhoireann taobh amuigh de Roinn 1 in ann Craobh na hÉireann a bhuachan. Mar a tharlaíonn sé, tá an chuma ar an scéal gur Tír Eoghain agus Harte is mó a chuirfidh tástáil ar an teoiric sin.

Ba in 2002, nuair a thug Ard Mhacha leo Corn Sam Mhig Uidhir, an uair dheireanach ar éirigh le foireann taobh amuigh de Roinn 1 Craobh na hÉireann a bhuachan ach breathnaíonn sé nach mbeidh Tír Eoghain i bhfad as marc i mbliana. Shroich siad an cluiche leathcheannais anuraidh, áit inar chaill siad in aghaidh Chiarraí, agus tá peil d’ardchaighdeán á himirt arís i mbliana acu.

D’fhág a mbua ar an Mhí ag an deireadh seachtaine go bhfuil a gcuid cluichí uile buaite ag Tír Eoghain i Roinn 2 go dtí seo agus an t-ardú céime bainte amach acu cheana féin. Is iad féin agus Dún na nGall rogha na coitiantachta chun Craobh Uladh a bhuachan agus má éiríonn le Tír Eoghain an méid sin a dhéanamh den chéad uair ó 2010, gach seans go n-athróidh Harte a phort maidir le deiseanna na bhfoirne i Roinn 2!

Tosach Ros Comáin, Cathal Cregg. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Tosach Ros Comáin, Cathal Cregg. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Ros Comáin ar an ionsaí i Roinn 1

Taobh leis an Dún, ba iad fir Chonnacht rogha na coitiantachta don ísliú céime nuair a cuireadh tús leis an tsraith ag deireadh mhí Eanáir agus is iomaí duine a cheap go mbainfeadh Kevin McStay agus Fergal O’Donnell úsáid as stíl chosantach chun an méid sin a sheachaint. Is a mhalairt de scéal a bhí ann áfach agus is í Ros Comáin an fhoireann is fearr i mbun scórála sa tSraith Náisiúnta Peile agus 7-79 aimsithe go dtí seo acu.

Chlis orthu ina gcéad chluiche in aghaidh Mhuineacháin, is ar éigean atá cos curtha amú acu ó shin agus buanna maithe faighte acu i gCill Airne, i gCorcaigh agus i Leitir Ceanainn. Bhí sár-imirt a dtosaithe soiléir sna buanna sin ar fad. Tá 6-49 aimsithe eatarthu ag Ciarán Murtagh, Cathal Cregg agus Fintan Cregg sa chúig chluiche go dtí seo, níos mar atá scóráilte san iomlán ag deich bhfoireann eile sa tsraith, Maigh Eo agus an Dún ó Roinn 1 san áireamh.

Riain Wylie (Muineachán) ag iarraidh iarracht Colm O'Neill (Corcaigh) a stopadh. INPHO/Donall Farmer
Riain Wylie (Muineachán) ag iarraidh iarracht Colm O’Neill (Corcaigh) a stopadh. INPHO/Donall Farmer

Cúrsaí ag feabhsú do lucht tacaíochta Chorcaí

Den chéad uair le tamall anuas, bhí léas dóchais ann an deireadh seachtaine seo do lucht leanta pheileadóirí agus iománaithe Chorcaí. D’éirigh leis na peileadóirí an meath a stopadh in aghaidh Mhuineacháin agus cé gur chaill foireann Kieran Kingston in aghaidh Chill Chainnigh ar an Satharn, léirigh siad misneach agus croí nach raibh le feiceáil ina gcuid cluichí roimhe seo.

Ba don mhéid sin a thagair Peadar Healy tar éis do na peileadóirí bua seacht bpointe, 1-20 in aghaidh 1-13, a fháil. Rinne Ros Comáin scrios orthu sa chluiche is deireanaí a d’imir siad i bPáirc Uí Rinn agus cé gur fheabhsaigh siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, bhí taispeántas maith ag teastáil go géar chun an brú a bhí orthu a mhaolú.

An oíche roimhe sin, thug na hiománaithe an taispeántas is fearr fós sa tsraith uathu agus cé go raibh siad sé phointe chun cinn agus gan ach nóiméad fágtha, agus cé gur thit an tóin astu sa deireadh, údar misnigh dóibh an méid sin d’fharasbarr a bheith acu ar churaidh na hÉireann.

Eddie Hoare ag ceiliúradh sa chluiche in aghaidh Ard Mhacha. INPHO/Presseye/Jonathan Porter
Eddie Hoare ag ceiliúradh sa chluiche in aghaidh Ard Mhacha. INPHO/Presseye/Jonathan Porter

Spriolladh á léiriú ag peileadóirí na Gaillimhe ag an am ceart

Faoi dhó sa tsraith anuraidh, in aghaidh an Dúin agus Laoise, chaill peileadóirí na Gaillimhe nuair a bhí farasbarr mór acu. Is mar gheall ar na laigí céanna a tháinig chun solais sa dá chluiche sin go bhfuil an Ghaillimh sáinnithe i Roinn 2 le roinnt blianta anuas. Tá comharthaí ann i mbliana, áfach, go bhfuil ceacht foghlamtha acu.

I gcoinne Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine, bhí na Gaillimhigh ocht bpointe chun deiridh agus gan ach ceathrú huaire fágtha ach d’éirigh leo teacht aniar a dhéanamh agus d’fhág cúl Danny Cummins sa seachtú nóiméad d’am breise ar comhscór iad. Ar an gcaoi chéanna, bhí foireann Kevin Walsh naoi bpointe chun deiridh ar an Mhí ag leath ama i bPáirc an Phiarsaigh an tseachtain roimhe sin, agus bhí díomá orthu nuair nár éirigh leo comhscór a fháil.

Tabharfaidh an méid sin misneach agus spreagadh do na Gaillimhigh agus má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Fhear Manach agus ar an gCabhán sa dá chluiche atá fágtha acu, bainfidh siad áit amach i Roinn 1 in 2017.

Fág freagra ar 'Gan sárú le fáil ar Canning agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe an deireadh seachtaine'