Gairm shlógaidh fógartha ag Putin agus díoltas ‘núicléach’ bagartha aige

Dúirt Uachtarán na Rúise go dtabharfar an cor in aghaidh an chaim orthu siúd atá ag iarraidh an ‘dúmhál núicléach’ a úsáid in aghaidh na Rúise

Gairm shlógaidh fógartha ag Putin agus díoltas ‘núicléach’ bagartha aige

Deir an tAontas Eorpach go ndeachaigh Vladimir Putin “sa seans” ar bhealach “an-chontúirteach” nuair a bhagair sé díoltas a bhaint amach le hairm núicléacha.

Agus díoltas núicléach á bhagairt aige, dúirt Vladimir Putin go raibh sé sásta “gach rud” atá ar fáil don Rúis a úsáid sa chogadh san Úcráin. Dúirt Uachtarán na Rúise go dtabharfar an cor in aghaidh an chaim orthu siúd atá ag iarraidh an “dúmhál núicléach” a úsáid in aghaidh na Rúise.

“Ní ag magadh atá mé,” a dúirt sé.

Thug Putin aitheasc náisiúnta uaidh inar fhógair sé breacghairm shlógaidh d’fhórsaí na Rúise. Gairfear chun cogaidh 300,000 fear óg, ar Rúisigh a bhformhór, ó chúltaca an airm.

Dúirt sé go bhfuil fórsa míleata an Iarthair go léir in aghaidh Arm na Rúise ar líne chatha atá os cionn 1,000km ar fad san Úcráin.

Cuireann gairm shlógaidh Putin seo cosmhuintir agus geilleagar na Rúise i dtreo cogaidh.

Dúirt Putin freisin go dtabharfadh an Rúis a tacaíocht go léir do na reifrinn a reáchtálfar an deireadh seachtaine seo in Luhansk, Donetsk, Kherson, agus Zaporizhzhia. Tá sé i gceist na réigiúin sin a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúise bunaithe ar thoradh na reifreann.

Ag tagairt do chaint Putin, dúirt an tAontas Eorpach go raibh sé ag dul “sa seans” go mór ar bhealach “an-chontúirteach” agus gur gá dó “éirí as a leithéid de ghníomh místuama”.

Dúirt urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh Peter Stano chomh maith nach n-aithneofaí na “bréagreifrinn mhídhleathacha”.

Cé gur chaill trúpaí na Rúise an t-uafás cathanna san Úcráin le deireanas, dúirt Vladimir Putin nach bhfuil aon athrú tagtha ar spriocanna na Rúise sa tír sin. Dúirt sé gur gá na saighdiúirí cúltaca a ghairm chun cogaidh ar bhonn práinne mar gheall “go ndeachaigh an tIarthar thar fóir ar fad” nuair a tugadh airm shofaisticiúla don Úcráin.

Cháin an Pápa Proinsias na “huafáis agus na corpáin chéasta” a fuarthas san Úcráin inniu. Dúirt ceannaire na hEaglaise Caitlicí gur labhair sé leis an gCairdinéal Konrad Krajewski, atá ar mhisean daonnúil agus tréadach chun na hÚcráine, faoi “chás millteanach” na tíre sin. Dúirt Cairdinéal Krajewski, arb as an bPolainn é, paidreacha ag na hollhuaigheanna taobh amuigh de chathair Izyum, cathair a bhí i seilbh fhórsaí na Rúise go dtí gur cuireadh an ruaig orthu.

 

Fág freagra ar 'Gairm shlógaidh fógartha ag Putin agus díoltas ‘núicléach’ bagartha aige'