Gaillimheach an tríú peileadóir Gaeltachta atá imithe leis an bpeil Astrálach

Beidh Áine McDonagh, arb as Maigh Cuilinn di, ag imirt le foireann Hawthorn an séasúr seo agus iad ag imirt san AFLW den chéad uair

Gaillimheach an tríú peileadóir Gaeltachta atá imithe leis an bpeil Astrálach

Tá an tríú himreoir Gaeltachta ag triall ar an Astráil chun tabhairt faoin bpeil Astrálach agus conradh sínithe ag an nGaillimheach Áine McDonagh le foireann san AFLW.

Beidh McDonagh, arb as Maigh Cuilinn di, ag imirt le foireann Hawthorn an séasúr seo agus iad ag imirt sa tsraith den chéad uair.

Chaith McDonagh roinnt blianta ag imirt le foireann peile na Gaillimhe, d’imir sí in aghaidh Átha Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann in 2019, agus imreoir cumasach cispheile atá inti freisin agus í ag imirt le foireann OÉ Gaillimh.

Tá sé dearbhaithe go mbeidh bean Mhaigh Eo, Aileen Gilroy, ag imirt do Hawthorn freisin i mbliana agus tá beirt Éireannach eile le foireann na bhfear, Conor Nash ó chontae na Mí agus Fionn O’Hara ón Iarmhí.

“Tá muid ag súil go mór le mianach Áine a fheiceáil sa ngeansaí donn agus óir,” a dúirt Mitch Cashion ó Hawthorn. “Mar thosach agus imreoir lár páirce sa bpeil Ghaelach, is léir go bhfuil luas aici, tá sí aclaí agus tá seasmhacht mhaith aici.”

Is í McDonagh an tríú himreoir Gaeltachta a bheidh ag imirt go proifisiúnta san Astráil i mbliana agus beirt an Daingin, Mark O’Connor agus Deividas Uosis, thíos ann cheana féin.

Tá O’Connor ag dul ó neart go neart ó bhog sé go dtí na Geelong Cats breis is cúig bliana ó shin. Tá Geelong sa dara háit sa tsraith faoi láthair théis 14 cluiche.

Tá Uosis fós ag fanacht ar a chéad chluiche a imirt do na Brisbane Lions tar éis dó dul anonn ag tús na bliana seo caite. D’imir Uosis don fhoireann cúltaca sa VFL an tseachtain seo caite agus é fillte ó ghortú.

Fág freagra ar 'Gaillimheach an tríú peileadóir Gaeltachta atá imithe leis an bpeil Astrálach'