Gaillimh agus Luimneach ar an mbóthar ceart arís, an Cabhán ar ais i gcluiche ceannais Uladh agus ceachtanna CLG eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh sa chraobh iomána agus sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Gaillimh agus Luimneach ar an mbóthar ceart arís, an Cabhán ar ais i gcluiche ceannais Uladh agus ceachtanna CLG eile

INPHO/Morgan Treacy

Gaillimh agus Luimneach ar ais ar an mbóthar ceart

Cuireadh go leor ceisteanna faoi chumas iománaithe na Gaillimhe le roinnt seachtainí anuas agus iad ag imirt d’uireasa Joe Canning ach thug siad a bhfreagra nuair a tháinig an crú ar an tairne inné.

Níor chaill Cill Chainnigh aon chluiche craoibhe i bPáirc Uí Nualláin ó 1949 go dtí inné ach d’éirigh leis na Gaillimhigh teacht slán a bhuíochas de bhua aon phointe amháin, 3-20 in aghaidh 2-22.

Den chéad uair i mbliana, bhí dúrúch ar fhoireann Mhicheál Donoghue agus tabharfaidh sé sin misneach do na himreoirí féin agus do lucht tacaíochta na Gaillimhe. Mar sin féin, údar buartha a bheidh ann gur lig siad do Chill Chainnigh teacht ar ais sa chluiche i dtreo dheireadh na himeartha agus go háirithe an scóip a scaoil siad le TJ Reid i rith an chluiche.

I ndáiríre, ní bheidh a fhios againn cé chomh maith agus atá Gaillimh go dtí bhfeicfear iad i gcluiche ceathrú ceannais nó leathcheannais níos deireanaí sa bhliain ach tá an chuma orthu go bhfuil siad ag dul sa treo ceart faoi dheireadh.

Ní raibh oiread amhrais ar dhaoine i gcás Luimnigh. Níor thug imreoirí John Kiely ach drochthaispeántas amháin uathu go dtí seo i mbliana, i gcoinne Chorcaí sa chéad bhabhta, ach ba ghá dóibh cluiche an lae inné in aghaidh an Chláir a bhuachan agus rinne siad é sin.

Bhí an t-ádh ar Luimneach gur imir siad i gcoinne an dá fhoireann is laige, Port Láirge agus an Clár, tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Chorcaí ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí curtha ina gceart ó shin acu agus beidh cluiche iontach suimiúil acu anois i gcoinne Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo chugainn.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Formhór na bhfoirne fós san iomaíocht san iomáint

Imreofar an babhta deireanach sna craobhacha iomána i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean an deireadh seachtaine seo chugainn agus níl ach dhá chontae, Port Láirge i gcúige Mumhan agus Ceatharlach i gcúige Laighean, nach féidir leo teacht slán ón ngrúpa.

Tá an Clár in ísle brí tar éis dóibh dhá chluiche as a chéile a chailliúint ach má bhuann siad ar Chorcaigh an tseachtain seo chugainn agus má theipeann ar Thiobraid Árann an ceann is fearr a fháil ar Luimneach, beidh na Cláirínigh fós sa chraobh. Ach má chríochnaíonn siad ar na pointí céanna le Corcaigh agus Luimneach, an Clár a chaillfidh mar tá gach seans ann go mbeidh difríocht na bpointí níos mó ag na foirne eile.

Tá an scéal céanna ann i gCúige Laighean agus deis ag na ceithre fhoireann a bheidh ag imirt Dé Sathairn seo chugainn áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige. Beidh ar Áth Cliath an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh chun teacht slán agus fiú má tharlaíonn sé sin, ba cheart go gcáileodh na Gaillimhigh chomh fada is nach gcríochnaíonn an cluiche idir Cill Chainnigh agus Loch Garman ar comhscór.

Ní fhéadfaidh aon fhoireann a bheith rómhuiníneach agus ba cheart go mbeadh cúpla sárchluiche againn.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Cabhán ar ais i gcluiche ceannais Uladh

I gCúige Uladh, d’éirigh le peileadóirí an Chabháin áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige den chéad uair ó 2001 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ard Mhacha. Cé gur ag bun Roinn 1 na sraithe a chríochnaigh an Cabhán san earrach, rinne siad thar cionn sa chraobh agus tá Muineachán agus Ard Mhacha sáraithe acu.

Thuas seal, thíos seal a bhí foireann an Chabháin le roinnt blianta anuas agus iad ag dul idir Roinn 1 agus Roinn 2. Bhí bainisteoir nua na foirne Mickey Graham fós gafa le Mullach na Leachta i rith an earraigh ach tá fuinneamh breise tugtha aige don fhoireann anois, rud a thabharfaidh bord an chontae in Ard Mhacha suntas dó agus cinneadh le déanamh acu maidir lena bhfuil i ndán do Kieran McGeeney.

Agus craobh Uladh buaite acu 37 uair, tá an Cabhán i bhfad chun cinn ar gach contae eile ó thaobh Corn an Anglo-Celt a bhuachan. Léiriú ar na deacrachtaí a bhí acu le roinnt blianta anuas gurb iadsan an t-aon chontae sa chúige nár bhain ar a laghad cluiche ceannais Uladh amach ó 2001.

Casfaidh siad anois ar an bhfoireann is fearr sa chúige le deich mbliana anuas. Tá cluiche ceannais Uladh sroichte seacht n-uaire ag Dún na nGall ó 2011 agus ceithre cinn acu sin buaite ag na Conallaigh.

Bhí ceannas ag Tír Eoghain orthu le trí bliana anuas agus na cluichí craoibhe idir na foirne buaite ag buachaillí Mickey Harte ach cuireadh deireadh leis sin Dé Sathairn nuair a bhí Dún na nGall i bhfad rómhaith do Thír Eoghain.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tír Eoghain agus Maigh Eo as baile do Bhabhta 2 na gcluichí cáilithe

Caithfidh Tír Eoghain aghaidh a thabhairt ar na cluichí cáilithe anois agus bhí an t-ádh orthu ar maidin nár tugadh cluiche níos crua dóibh i mBabhta 2. As baile i gcoinne an Longfoirt a bheidh Tír Eoghain ach ba cheart go dtiocfaidís slán.

Tar éis dóibh cailliúint i gcoinne an Chabháin, tá Ard Mhacha go mór faoi bhrú anois agus beidh orthu Muineachán a bhualadh i gCluain Eois más fúthu dul níos faide sa chraobh. Tá bóthar fada roimh Mhaigh Eo chomh maith chun na babhtaí deiridh den chraobh a bhaint amach agus is é a gcluiche i gcoinne an Dúin tús an aistir sin.

An Iarmhí v Luimneach

An Longfort v Tír Eoghain

Aontroim v Cill Dara

Liatroim v An Clár

An Dún v Maigh Eo

Doire v Laois

Uíbh Fhailí v Sligeach

Muineachán v Ard Mhacha

Fág freagra ar 'Gaillimh agus Luimneach ar an mbóthar ceart arís, an Cabhán ar ais i gcluiche ceannais Uladh agus ceachtanna CLG eile'