Gaillimh agus Áth Cliath ag iarraidh críoch mhaith a chur le bliain aisteach

Casfaidh Gaillimh agus Áth Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Peile Faoi 20 na hÉireann tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh breis is bliain ó thosaigh siad ag traenáil don chomórtas seo

Gaillimh agus Áth Cliath ag iarraidh críoch mhaith a chur le bliain aisteach

Imreoir na Gaillimhe, Ryan Monaghan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Cluiche Ceannais Chraobh Peile Faoi 20 na hÉireann
Áth Cliath v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 2.15pm (Beo ar TG4)

Chuir an Covid-19 isteach níos mó ar ar imreoirí faoi 20 Átha Cliath agus na Gaillimhe ná mar a chuir sé isteach ar aon ghrúpa imreoirí.

Tá na foirne seo i mbun traenála le breis agus bliain faoin am seo agus an chraobh stoptha faoi dhó i mbliana. Bhí sé mhí ann idir cluichí ceannais na gcúigí san earrach agus cluichí leathcheannais na hÉireann sa bhfómhar agus bhí briseadh sé seachtaine eile ansin go dtí cluiche ceannais an lae inniu. Tá a ndeis faoi dheireadh ag na himreoirí Craobh na hÉireann a bhuachan.

Aisteach go leor, beidh cleachtadh níos fearr ag imreoirí na Gaillimhe ar Pháirc an Chrócaigh ná mar a bheidh ag foireann Átha Cliath.

Tháinig cuid mhaith d’fhoireann seo na Gaillimhe ó fhoirne mionúir an chontae a bhain cluichí ceannais na hÉireann amach in 2018 agus 2019. Is é an fear céanna, Dónal Ó Fátharta ón Spidéal, a bhí i gceannas ar an foirne sin atá ina bhainisteoir ar Ghaillimh tráthnóna.

Bainisteoir na Gaillimhe, Dónal Ó Fátharta. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Ó thaobh fhoireann seo Átha Cliath, cé go raibh an contae i gcluiche ceannais faoi 20 na hÉireann anuraidh, níl an oiread sin taithí ag imreoirí na foirne seo ar chluichí móra. Is é an sárthosach Ciarán Archer an t-aon fhear atá fós ar an bhfoireann a thosaigh ar fhoireann na bliana anuraidh.

Is beag rath a bhí ar fhoirne mionúir Átha Cliath le cúpla bliain anuas, go háirithe i gcomparáid le Gaillimh.

Ní hé gur cuimhní geala atá ag na Gaillimhigh ar Pháirc an Chrócaigh, mar sin féin. Chlis orthu i gcluichí ceannais 2018 agus 2019 agus is cinnte go mbeidh na teipeanna sin ina n-údar spreagtha acu tráthnóna.

Bhí cuma na maitheasa ar Ghaillimh go dtí seo sa chraobh. Bhí siad ar fheabhas i gCraobh Chonnacht agus thugadar greadadh d’fhoireann mhaith as Ros Comáin sa chluiche ceannais.

Bhí James McLaughlin, Cathal Sweeney, Paul Kelly agus Tomo Culhane i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí acu ach buaileadh drochbhuille ar Ghaillimh roimh chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí nuair a cuireadh na himreoirí sin as an áireamh de bharr an Covid-19.

Léiríodh neart na Gaillimhe an lá sin i bPáirc na nGael. Cé go raibh siad chun deiridh ag leath ama, rinne siad teacht aniar iontach sa dara leath. D’éirigh le Cian Hernon as Bearna, duine de na himreoirí a tugadh isteach in áit an cheathrair a bhí ag aonrú, gradam laoch na himeartha a fháil.

Cian Hernon. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Beidh Gaillimh gan duine den cheathrar céanna arís tráthnóna mar tá gortú glúine ag cur as do James McLaughlin agus amhras mór ann an mbeidh an t-imreoir lár páirce in ann imirt. Buille mór a bheadh ann do Ghaillimh dá mbeadh siad ina éagmais ach tá dea-scéal acu faoi Matthew Tierney agus an tosach ag teacht chuige féin tar éis dó a ghlúin a ghortú in aghaidh Chiarraí sa chluiche leathcheannais.

Agus an oiread sin imreoirí caillte acu ó fhoireann na bliana seo caite, is beag a shíl go mbeadh Áth Cliath in ann dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann arís ach tá buachaillí Tom Gray imithe ó neart go neart i mbliana.

Níl an scrios céanna is a rinne sé anuraidh á dhéanamh ag Ciarán Archer, Peileadóir na Bliana 2019. Ach bhí na himreoirí eile ina thimpeall ar fheabhas go dtí seo, imreoirí amhail Lorcan O’Dell, Luke Swan, Brian O’Leary agus Mark Lavin, a scóráil trí phointe ón imirt an lá ar bhuail siad Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Dheireadh Fómhair.

Fágann an séasúr stadach seo go bhfuil sé deacair a rá cé leis a mbeidh an lá inniu. Is iad Áth Cliath rogha na ngeallghlacadóirí ach tá rudaí le cúiteamh ag Gaillimh i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'Gaillimh agus Áth Cliath ag iarraidh críoch mhaith a chur le bliain aisteach'