Gaillimh 2020 buartha faoin gcinneadh diúltú do phlean forbartha an N59

An grúpa ag súil go mbeidh ról lárnach ag an nGaeltacht ina n-iarratas agus iad ag súil go mbeidh Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020

Pictiur: Andrew Downes
Pictiur: Andrew Downes

Ba dhona an tuar é an cinneadh a rinne an Bord Pleanála an tseachtain seo caite diúltú don phlean forbartha don N59 don togra ‘Gaillimh 2020’, dar le lucht an fheachtais. Dúirt ionadaí ón ngrúpa gur “drochfhasach” a bhí leagtha síos leis an gcinneadh.

Bhí an t-urlabhraí ag freagairt ceist a chuir Tuairisc.ie air ag cruinniú ar an Spidéal a reáchtáladh mar chuid den togra ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ atá ar siúl ag lucht Gaillimh 2020 le tamall anuas agus iad ag iarraidh go mbeadh an Ghaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Dúradh ag an gcruinniú nár fheil an teideal ‘príomhchathair’ don iarratas a bhí á chur le chéile ag Gaillimh 2020 toisc gur “iarracht cathrach agus contae” atá ann. Táthar ag súil go meallfaí suas le milliún cuairteoir breise chun an chontae dá mbainfeadh Gaillimh an stádas amach.

Mhínigh an t-ionadaí go raibh a fhios ag lucht an fheachtais ón tús gur ar an gcontae ar fad a bheadh an t-iarratas bunaithe mar nach mbeadh an chathair féin in ann ag an méid sin daoine. Dúirt sé freisin nach raibh baint dhíreach ag an bhfeachtas le cúrsaí infreastruchtúir ach go mbeadh Gaillimh 2020 ag súil go mbeadh an t-infreastruchtúr ceart ann le breis daoine a thabhairt timpeall an chontae ar fad i gceann ceithre bliana.

Pléadh ról an Spidéil agus an cheantair máguaird san iarratas ag an gcruinniú freisin. Tá lucht Gaillimh 2020 ag súil go dtiocfaidh pobail na mbailte beaga le chéile chun a smaointe don togra a fhorbairt as seo go ceann trí seachtaine, nuair a chuirfear an leabhar iarratais faoi bhráid na moltóirí. Tiocfaidh na moltóirí ar cuairt chun an chontae i mí Iúil agus beidh ocht n-uaire an chloig ag foireann Gaillimh 2020 chun iad a thabhairt ar camchuairt timpeall na cathrach agus an chontae lena léiriú dóibh gur ar Ghaillimh, seachas Luimneach nó ‘Na Triúr Deirfiúracha’ san oirdheisceart ba cheart an stádas a bhronnadh.

Ag cruinniú na seachtaine seo caite luadh an tírdhreach, an ceol, an fharraige agus an teanga mar bhuanna atá ag an Spidéal a bhféadfaí leas a bhaint astu i dtograí áitiúla agus tá iarrtha ag lucht Gaillimh 2020 ar cheannairí pobail, agus ar an bpobal féin, cuimhneamh ar na buanna sin agus pleananna á gcur le chéile. Tá cúnamh ar fáil ó fhoireann Gaillimh 2020 atá lonnaithe ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe agus tá tacaíocht na gcomhairlí cathrach agus contae ag an iarratas freisin.

An teanga, an tírdhreach agus na daoine na trí chroíchuid atá san iarratas agus chas an fhoireann le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta sna Forbacha an mhí seo caite le ról na Gaeltachta san iarratas a phlé agus tá siad ag obair “as lámh a chéile” le Gaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn sa chathair.

Fág freagra ar 'Gaillimh 2020 buartha faoin gcinneadh diúltú do phlean forbartha an N59'