Gaillimh 2020 ag moladh do dhaoine teacht chuig a seoladh i ndiaidh vótála

Tá an t-olltoghchán ar siúl an lá céanna le mórshearmanas oscailte Gaillimh 2020 i gCathair na dTreabh

Gaillimh 2020 ag moladh do dhaoine teacht chuig a seoladh i ndiaidh vótála

Tá lucht Gaillimh 2020 den tuairim nach gcuirfidh Olltoghchán 2020 isteach ná amach ar a searmanas oscailte ar an 8 Feabhra.

Tá an toghchán ar siúl an lá céanna le mórshearmanas oscailte Gaillimh 2020 i gCathair na dTreabh agus tá lucht eagraithe na hócáide ag súil go bhfreastalóidh daoine uirthi nuair a bheidh a vóta caite acu.

“Is dáta é an Satharn, an 8 Feabhra, do dhialann gach duine. Agus an tOlltoghchán beartaithe don lá sin, an lá céanna le searmanas oscailte Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, táimid ar bís go mbeidh ócáid mhórthaibhseach ann agus molaimid do dhaoine a mbealach a dhéanamh go Gaillimh tar éis dóibh tabhairt faoina ndualgas mar shaoránaigh!” a dúirt urlabhraí ó Ghaillimh 2020.

Tá cuireadh tugtha don Taoiseach agus do pholaiteoirí eile a bheith i láthair ag an Searmanas Oscailte.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh súil acu go mbeadh ionadaíocht mhaith ón Rialtas i láthair.

Lá Fhéile Bríde, an 1 Feabhra, a thosóidh ceiliúradh Gaillimh 2020 agus beidh searmanais oscailte ar siúl ar feadh seachtaine i mbailte beaga ar fud an chontae, an Spidéal i gConamara ina measc, sula mbeidh an mhór-oscailt oifigiúil ann sa Pháirc Theas sa Chladach i gcathair na Gaillimhe. 

Fág freagra ar 'Gaillimh 2020 ag moladh do dhaoine teacht chuig a seoladh i ndiaidh vótála'