GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna de shaol na Gaeltachta le linn 2016

Seo léargas físiúil ar shaol na Gaeltachta le linn 2016. Pictiúir:Tuairisc.ie

GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna de shaol na Gaeltachta le linn 2016
Damien Dempsey i Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua le Róisín Seoighe

 

 

Vótáil muintir Árann lá roimh daoine ar an mórthír. Seo ‘Bean Uí Dhubhghaill’ agus ‘bean rialta mhíshásta’ (Grace Flaherty) tar éis vótáil ar son Féile Ted

 

OLLTOGHCHÁN 2016: D’fhág Mary Catherine Conroy, a grá geal, Brian McNamara, ag an altóir ag Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua, níos faide ná mar is gnáth!

 

Éamon Ó Cuív tofa

 

MTS@60.  Máirtín Tom Sheáinín ar a bhreithlá

 

Fearghas Mac Lochlainn agus Forógra na Cásca á léamh i nGaeilge aige taobh amuigh de Theach an Phiarsaigh, Ros Muc

 

Rinneadh an turas céanna a thug Colm Ó Gaora ar a rothar féin d’Éirí Amach 1916

 

An banna Crickamore ar Pharáid Lá le Pádraig in Ailt an Chorráin, Co Dhún na nGall

 

An paráid in Anagaire, Co Dhún na nGall

 

Paráid Chorca Dhuibhne

 

Paráid i mBéal Átha an Ghaorthaidh

 

Paráid Ros Muc

 

Daltaí Scoil Naomh Mhuire an Turloch Beag, Ros Muc, a bhí páirteach sa dráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais: ó chlé: Michael John Ó Droighneán, Gearóid Ó Mhaolchiaráin, Tadhg Ó Coise, Jake Ó Conghaile, Stiofán Ó Droighneán agus Tomás Ó Conaire

 

Sí gaoithe a d’éirigh i Loch na Coille Móire, Conamara

 

Liam Mac Con Iomaire le ‘Graveyard Clay’, a aistriúchán ar ‘Cré na Cille’ le Máirtín Ó Cadhain

 

Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim i gcoinne Leitir Móir/Leitir Caladh le linn chomórtas peile Ghael Linn i Leitir Móir

 

‘An Tónaí’ agus ‘An American Mór’ i rás na mbád mór le linn Fhéíle Ros Muc

 

Chroch Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, leo Corn Sinsear Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt

 

Cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn ar Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí

 

Athchruthú in 2016 ar Ardfheis Chonradh na Gaeilge, Halla na Cathrach, Gaillimh i 1913

 

An comórtas sinsir buaite ag Naomh Conaill don dara bliain as a chéile ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhúírne

 

Maigh Cuilinn ag ceiliúradh a mbua i gcluiche ceannais na mban. In éineacht leo tá AIre Stáit na Gaeltachta Seán Kyne arb as Maigh Cuilinn dó féin

 

Na Dúnaibh ag ceiliúradh a mbua ar Rinn Mhaoile i gcluiche ceannais na sóisear i bPáirc Íosagáin

 

Criú Bhriogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua ag a stáisiún nua sa Chrompán ar an mbaile. Seo an chéad seirbhís dá leithéid do Chonamara Theas. Dónal Mac Donncha, Edward Ó Sé, Seán Ó Domhnaill, Tomás Mac Donncha, Mikie Ó Flatharta. Chun tosaigh: Ronán Ó Sé, Aodán Ó Loideán, Mairtín Mac Donncha agus Pádraig Ó Loideán.

 

Pádraig Ó Céidigh agus Dara Ó Cinnéide faoi agallamh le linn Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc

 

Thaistil na céadta go dtí Oileán Mhic Dara chun ómós a léiriú don naomh is ansa le muintir Chonamara

 

Bhí an fórsa go rábach ar an mBuailtín agus Chewbacca ar cuairt ar Scoil an Fheirtéaraigh. Cillian Ó Baoill á dh’ardach ag an an wookie

 

Ag géilleadh don rithim: Catherine Merrigan, An Daingean, ag damhsa le linn Thraidphicnican Spidéil

 

Darach Mac An Iomaire, foireann Micheál Breathnach, á fhéachaint le Donnchadh MacRáth, Ceann Loch Seile

 

Maratón an Daingin

 

‘Fliuch, ach b’fhiú é’ le Fiachra Mac Suibhne a bhuaigh comórtas Tuairisc.ie ‘An samhradh sa Ghaeltacht’

 

‘Kirsty’ ag rince ar an sean-nós le húlahúp le linn Oireachtas Chois Fharraige

 

Gariníon agus gaolta an ghrianghrafadóra Tom Gallagher, a chaith seal ar an gCeathrú Rua i 1938, ag breathnú ar a shaothar

 

Ronan Delaney, mac Edward Delaney, agus an tUachtarán ag seoladh shaothar an dealbhadóra ar Thrá an Dóilín

 

Máírín Uí Chéide lena h=uncail, an scríbhneoir Tomás a’ tSeoighe. Tugadh omós dó le linn Oireachtas na nOileán, Conamara

 

Pat Lam leis an gCorn Pro12 taobh amuigh de Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua.

 

Ó imeall na cearnóige go dtí an bosca! An t-iarpheileadóir de chuid Chiarraí Marc Ó Sé i mbun ceoil do chomóradh 20 bliain TG4 i dTigh Pháidí Uí Shé, Ceann Trá

 

An Taoiseach Enda Kenny  le Betty agus Mairtín Ó Reilly, Co Tiobraid Árann ag oscailt Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara, i Ros Muc.

 

Sarah Clancy, 108, an duine is sine in Éirinn, ina teach ar an Sruthán, An Cheathrú Rua

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna de shaol na Gaeltachta le linn 2016'