Ba é Cian Ó Maolagáin laoch an chluiche d’fhoireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair inné nuair a thug cumann Mhachaire Gathlán Craobh Uladh leo in Aontroim. Chaill Ó Maolagáin amach ar na cluichí eile sa chomórtas de bharr é a bheith gortaithe ach rinne sé a chion dá fhoireann inné nuair a fuair sé trí chúl sa chluiche ceannais i gcoinne sheaimpíní Dhoire, Leamhaigh. Trí phointe dhéag a bhí idir na foirne ag an deireadh, 4-7 in aghaidh 0-6.
Ba é Éamonn Ó Colm a d’aimsigh an chéad chúl don fhoireann Ghaeltachta agus gan ach cúig nóiméad imeartha agus tar éis do Ó Maolagáin cúl eile a aimsiú roimh an mbriseadh, bhí bearna seacht bpointe ag fir Ghaoth Dobhair ag leath ama, 2-4 in aghaidh 0-3.
Ba í imirt chosantach na gConallach ceann de na láidreachtaí ba mhó a bhí acu i rith an chomórtais agus bhí an lámh in uachtar acu arís sa bháisteach Dé Domhnaigh. Pointe amháin ón imirt a d’aimsigh Leamhaigh sa chluiche.
Bhí an beart nach mór déanta ag foireann Tom ‘Beag’ Mhic Ghiolla Easpaig agus iad sé phointe chun cinn agus an t-am beagnach caite ach bhí a dhóthain ama ag an Maolagánach dhá chúl eile a scóráil. Ba é seo an chéad uair riamh ag aon fhoireann ó Ghaoth Dobhair craobh Uladh a thabhairt leo .
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Lá stairiúil do mhuintir Ghaoth Dobhair agus Craobh Uladh tugtha leo ag a bpeileadóirí óga'