‘Gaeltacht na hÉireann’ – branda nua le seoladh ag Údarás na Gaeltachta an samhradh seo

De réir miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta tá ‘branda Gaeltachta’ forbartha ag feidhmeannas na heagraíochta fiontraíochta

‘Gaeltacht na hÉireann’ – branda nua le seoladh ag Údarás na Gaeltachta an samhradh seo

Seolfar an samhradh seo branda nua atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí, do thograí agus do tháirgí Gaeltachta.

‘Gaeltacht na hÉireann’ atá scríofa ar an mbranda nua a bhfuil sé i gceist aige íomhá shuaithinseach den Ghaeltacht a chur chun cinn mar áit ar leith ó thaobh na teanga, an chultúir, na hoidhreachta, na turasóireachta agus an ghnó.

Tá sé i gceist go mbeadh coinníoll ann go n-úsáidfeadh tograí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás an branda nua feasta, ach ní bheidh úsáid an bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’ teoranta do chomhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón eagraíocht fiontraíochta.

De réir miontuairiscí cruinnithe de  chuid Bhord an Údaráis, atá faighte ag Tuairisc.ie, tá an ‘branda Gaeltachta’ nua á fhorbairt ag feidhmeannas an Údaráis ón mbliain seo caite.

Ag cruinniú de Bhord na heagraíochta a bhí ar siúl i mí na Samhna seo caite, cuireadh samplaí den saghas branda atá i gceist faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird.

Ag cruinniú eile den Bhord i mí Feabhra na bliana seo leanadh leis an bplé agus scaipeadh an branda a bhí “forbartha” ag an bhfeidhmeannas ar “iarratas ón mBord”. Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, in iúl do na comhaltaí go raibh an ‘branda Gaeltachta’ pléite “le riar daoine, saineolaithe margaíochta ina measc” agus gur “aontaíodh go raibh an coincheap go maith”.

Dúradh go raibh sé curtha in iúl ag roinnt comhlachtaí Gaeltachta cheana féin go mbeadh siad “sásta” an branda nua a úsáid. Thug an Príomhfheidhmeannach le fios go mbeadh trí leagan den bhranda nua ann a d’fhéadfaí a úsáid “ag amanna éagsúla, ag brath ar riachtanais, mar shampla ar  pháipéar litreach, ar lipéid nó ar chomharthaí”.

Glacadh leis ag an gcruinniú i mí Feabhra go roghnófaí “ambasadóir(í)” aitheanta Gaeltachta “chun tacú leis an mBranda Gaeltachta agus go mbainfí úsáid as pearsa ón nGaeltacht nuair a bheadh an branda le lainseáil”.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh sé i gceist go mbeadh “úsáid an bhranda mar choinníoll le tograí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás feasta”.

Iarradh ar an bPríomhfheidhmeannach ag an gcruinniú ceist a chur ar dhearthóirí an bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’ ar chóir “cruth níos ciorclaí a bheith air”.

Fág freagra ar '‘Gaeltacht na hÉireann’ – branda nua le seoladh ag Údarás na Gaeltachta an samhradh seo'

  • Mánus

    Ceantracha Bhéarla Iad ClareGalway, Belmullet, Waterville, Carrick
    Tá an focal “Gaeltacht” míchruinn agus as dáta le fada.

  • Darragh Ó Caoimh

    A Mhánus, níl Waterville sa Ghaeltacht.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Tuigtear dom í an chiall thráchtála a bhaineann lena leithéid de shuaitheantas cuallachta úr (.i. ceann amháin um earraí / ábhair fhreastail de chuid [Ġalltachta] na hÉireann agus ceann ar leith eile umpu siúd de chuid Ġaeltachta na hÉireann), ach tá faitíos orm go n-imeallódh an beart seo an Ghaeilge – agus ár nasc stairiúil léi mar shaoránaigh na hÉireann – níos faide anonn ó fhéiniúlacht lárnach na tíre agus sinn dár gcur chun cinn i gcúrsaí tráchtála go domhanda. Ba thrua linn dá gcuirfimis gan choinne le hiarbheartais fhorghabhála um scaradh 7 treascairt na Fódla.

    Nárbh fhearr suaitheantas cuallachta a bhainfeadh le hÉirinn agus leis an nGaelachas araon a chumadh (ar nós “Fabriqué en France” de chuid na Fraince – b’fhéidir “de chuid na hÉirinn” as an seanchló Gaelach nó a mhacasamhail)?

  • Lonán Ó Lorgnáin

    – “de chuid na hÉireann*”