‘Gaeltacht Bheo’- eagraíocht nua bunaithe chun ‘guth aontaithe’ a thabhairt do ghrúpaí pleanála teanga

Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht Gaeltacht Bheo ‘nasc láidir’ a chruthú idir na ceantair pleanála teanga

‘Gaeltacht Bheo’-  eagraíocht nua bunaithe chun ‘guth aontaithe’ a thabhairt do ghrúpaí pleanála teanga

Tá scátheagraíocht nua bunaithe don 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Bunaíodh Gaeltacht Bheo i gConamara Dé Sathairn ag cruinniú a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar agus é mar aidhm ag an eagraíocht nua “nasc láidir” a dhéanamh idir na ceantair pleanála teanga “agus guth aontaithe a thabhairt dóibh sa phróiseas pleanála teanga”.

Tá sé i gceist chomh maith ag Gaeltacht Bheo go ndéanfadh na baill “taithí agus saineolas a roinnt” agus “poiblíocht, bolscaireacht agus feachtais feasachta a chur i gcrích”.

Tá Pádraig Ó hÉanacháin ó Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach ina chathaoirleach ar an scátheagraíocht nua, agus Máire Uí Dhufaigh atá ina leaschathaoirleach uirthi.

An comhairleoir pleanála teanga Uinseann Mac Thómais atá ina rúnaí ar Ghaeltacht Bheo agus Michael Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola,  an leasrúnaí.

Páidí Ó Sé ó Chomharchumann Chorca Dhuibhne atá ina chisteoir agus Colm Ó Cinnseala ó ghrúpa pleanála teanga Oileáin Árann atá ina leaschisteoir

Is é Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair agus íochtar na Rosann Oifigeach Caidreamh Poiblí na heagraíochta nua.

Is iad na baill eile Breandán Mac Cormaic (Teacht Aniar), Dónall Ó Baoill (Teacht Aniar) agus Tadhg Ó Maoileoin agus Mícheál Ó Leidhin ó Uíbh Ráthach.

Fág freagra ar '‘Gaeltacht Bheo’- eagraíocht nua bunaithe chun ‘guth aontaithe’ a thabhairt do ghrúpaí pleanála teanga'

  • Mairéad

    Mith sibh as eagraíocht neamhspleách pleanála teanga a bhunú!

    Ba chóir do “Gaeltacht Bheo” díriú go príomha ar óige na Gaeltachta. Teastaíoinnn ionaid óige sna Gaeltachtaí le háiseanna de chuile cineál agus le foirinn lán-aimseartha ina mbun atá oscailte ar feadh na bliana. Cuireann sé imní ar go leor gur ag caint faoi Ionad Oidhreachta a thógáil i gCois Fharraige atá an sagart paróiste agus an comharchumann áitiúil agus gan Ionad Óige gur fiú trácht air sa gceantair céanna.

    Ba chóir do “Ghaeltacht Bheo” tosú ar ábhar léitheoireachta do churaclam Gaeilge atá feiliúnach don Ghaeltacht a lorg chun iad a chur ar fáil i scoileanna Gaeltachta beag beann ar phleanáil fhadálach na Roinne Oideachais. Níl óige na Gaeltachta thar 9 mbliain d’aois ag léamh mórán i nGaeilge seachas leabhair scoile. Níl an polasaí oideachas Gaeltachta nua in ann an fhadhb léitheoireachta seo a leigheas le cúpla múinteoir breise a chur ar fáil.

    Ba chóir do “Gaeltacht Bheo” feachtas a bhunú chun coláistí samhraidh a bhunú don óige sa nGaeltacht freisin chun imeachtai tré mheán na Gaeilge a bheith acu.

    Ba chóir do “Gaeltacht Bheo” feachtas a bhunú chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais le cúnamh, misneach agus aitheantas a thabhairt dos na tuismitheoirísa nGaeltacht atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

    Ba chóir go míneodh “Gaeltacht Bheo” don saol Fódhlach gurb iad óige na nGaeltachta todhchaí na Gaeilge ach tá airgead bhuiséid náisiúnta na Gaeilge don óige á caitheamh ar foghlaimeoirí óga ón nGalltacht!!

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Aontaím go iomlán le chuile focal a scríobh tú, a Mairéad!

  • Treasa Ní Cheannabháin

    Dia libh a leaids, ach cár fhága sibh na mná?

  • Mairéad

    Ní leaids ar fad atá i gceist. Tá ballraíocht i n”Gaeltacht Bheo” ag mná freisin.
    Aoife Ní Shéaghdha mar shampla as Corca Dhuibhne
    https://www.youtube.com/watch?v=ZZ92n6c6fB4