Gaelcholáiste nua le hoscailt i gcontae Lú an bhliain seo chugainn

Cé go raibh súil ann go mbeadh Gaelcholáiste Dhún Dealgan oscailte mí Mheán Fómhair na bliana seo caite, is i bhfómhar 2023 a osclófar an scoil

Gaelcholáiste nua le hoscailt i gcontae Lú an bhliain seo chugainn

An bhliain seo chugainn a osclófar Gaelcholáiste nua i nDún Dealgan i gcontae Lú.

Cé gur dhúirt an Roinn Oideachais anuraidh go mbeadh Gaelcholáiste Dhún Dealgan in ann glacadh le daltaí ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo caite, is léir anois go mbeidh na doirse á n-oscailt ar dtús don scoilbhliain 2023/24.

Fógraíodh le gairid go bhfuil Caoimhe Héarún ceaptha ina príomhoide ar an scoil lán-Ghaeilge nua, a bheidh mar shatailít de chuid Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín.

Tá suíomh aimsithe don scoil i dTeach Róibín ar an Rampar i nDún Dealgan agus is faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachtaa bheidh sí.

“Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh rogha lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal ag pobal Dhún Dealgan anois dá bpáistí,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais.

“Le cúnamh an Fhorais, saineolas Mhaedhbh Daltún (Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara) agus baill foirne an Choláiste, níl aon dabht faoi ach go mbeidh scoil den scoth ar fáil d’aon duine ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge, ilchreidmheach sa mheánscoil. Guímid gach rath ar Chaoimhe Héarún,” a dúirt sé.

Tá feachtas ar bun chun Gaelcholáiste a bhunú i nDún Dealgan le breis is trí bliana anuas. Is iondúil go bhfreastalaíonn daltaí Gaelscoile ón mbaile ar Ghaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín ach tugadh le fios nach raibh spás sa scoil a thuilleadh chun freastal ar an éileamh atá uirthi. 

Cheadaigh an tAire Oideachais Norma Foley bunú na scoile anuraidh mar chuid de thogra píolótach ina mbeadh Gaelcholáiste Dhún Dealgan ar champas de chuid Choláiste Ghlór na Mara.

Déanfar athbhreithniú ar an socrú nua tar éis cúig bliana, tráth a ndéanfar athbhreithniú ar an oideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge i nDún Dealgan.

Dúirt an tAire Foley anuraidh go bhféadfaí an múnla seo a úsáid in áiteanna eile ar fud na tíre má éiríonn leis.

Tá sé i gceist ag Gaelcholáiste Dhún Dealgan laethanta oscailte a reáchtáil agus cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna an bhaile chun tuismitheoirí agus daltaí a chur ar an eolas faoi oscailt na hiarbhunscoile nua.

“Táimid ar bís le fáilte a chur roimh dhaltaí is tuismitheoirí inár nGaelcholáiste,” a deir príomhoide nua na scoile, Caoimhe Héarún. “Beimid ag tabhairt cuairt ar dhaltaí Rang 4 agus Rang 5 i gceantar Dhún Dealgan go luath le go mbeidh siad ar an eolas faoinár scoil iontach nua. 

“Tá athchóiriú ar ár bhfoirgneamh faoi lánseol i láthair na huaire agus beidh scoth na n-acmhainní is na n-áiseanna againn. Cuirfear oideachas d’ardchaighdeán ar fáil dár ndaltaí, chomh maith le rogha leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tá an-áthas orainn agus muid ag oscailt i bpáirt le Coláiste Ghlór na Mara, go mbeidh fáil againn ar réimse leathan saineolais, ábhar, spóirt, múinteoirí agus neart eile.”

Fág freagra ar 'Gaelcholáiste nua le hoscailt i gcontae Lú an bhliain seo chugainn'