Tá molta ag coiste Oireachtais go leagfaí síos mar sprioc go dtógfaí 100 Gaelcholáiste nua roimh 2050 agus go scarfaí ar fad an córas oideachais lán-Ghaeilge ó chóras an Bhéarla.
Tá an dá mholadh sin ar na moltaí atá luaite i dtuarascáil nua de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais. Déantar cáineadh láidir sa tuarascáil, atá le foilsiú inniu, ar chur chuige an rialtais i leith an oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.
Deirtear gur chóir go mbeadh 25% de na hiarbhunscoileanna in Éirinn ina scoileanna lán-Ghaeilge. Faoi láthair, is ionann an leathchéad iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá ann agus 7% de líon iomlán na scoileanna dara leibhéal sa stát.
Tá an coiste ag moladh go mbeadh iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i ngach ceann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na bailte atá aitheanta mar Líonraí Gaeilge faoi Mheán Fómhair 2030.
Deirtear gur chóir faoin mbliain 2050 go mbeadh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí i ngach baile sa stát ina bhfuil breis is 5,000 duine ina gcónaí. Bheadh gá le tuairim is 100 Gaelcholáiste nua a thógáil chun an sprioc sin a bhaint amach.
Tá feachtais ar bun ag roinnt grúpaí ar fud na tíre chun Gaelcholáiste a bhunú ina gceantar féin, ach maítear go bhfuil teip na Roinne Oideachais córas cuí a chur ar fáil ina bhac orthu siúd atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú.
Deir Cathaoirleach an choiste Oireachtais, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur chóir go mbeadh dóthain Gaelcholáistí ann ionas nach mbeadh aon dalta ina chónaí níos mó ná 30 ciliméadar ó iarbhunscoil lán-Ghaeilge.
Deirtear sa tuarascáil gur córais éagsúla iad córas an oideachais lán-Ghaeilge agus córas an oideachais lán-Bhéarla agus gur chóir don rialtas agus don Aire Oideachais a aithint go bhfuil an ceart ag daltaí an stáit a gcuid oideachais a fháil tríd an gcóras oideachais a roghnaíonn a dtuismitheoirí féin dóibh, bíodh sin trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.
Deirtear nár chóir go mbeadh an córas oideachais lán-Bhéarla agus an córas oideachais lán-Ghaeilge in iomaíocht lena chéile agus gur chóir go mbeadh an dá rogha ar fáil, i ngach baile, ceantar agus contae in Éirinn.
Moltar nach mbeadh aon tionchar ag líon na scoileanna atá ag feidhmiú as Béarla in aon cheantar ar leith ar an gcinneadh bunscoil nó iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú sa cheantar céanna.
Tá cáineadh ar leith déanta sa tuarascáil ar chur chuige an Aire Norma Foley i leith na n-aonad agus sruthanna Gaeilge i scoileanna Béarla agus é molta deireadh a chur leis na córais sin.
Moladh i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais féin gan aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla a thuilleadh ach níl aon tagairt déanta don mholadh sa gcreat don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á ullmhú ag an Roinn.
“Neamhréiteach lochtach…nach bhfuil inghlactha ar chor ar bith,” a thugann Aengus Ó Snodaigh ar chóras na n-aonad agus deir sé go bhfuil sé “áiféiseach” go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an tAire ná a Roinn sásta glacadh leis an gcomhairle sin atá bunaithe ar an taighde.
“Tá an Comhchoiste go láidir den tuairim go bhfuil drochthorthaí tromchúiseacha agus diúltacha ag eascairt ón gcur chuige lochtach sin. Léiríonn sé nach bhfuil an tAire ná an Roinn Oideachais dáiríre faoi na gealltanais a thug siad don oideachas lán-Ghaeilge ná daoina dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge,” a deirtear.
Pól
Nuair a thiocfaidh “Fianna Gael” ar ais mar rialtas, ní thiocfaidh athrú ar bith ar an scéal.
Proinsias
Cé a bheidh ag stocaireacht ar son an smaoineamh sin?
Theastódh coláistí triú leibhéal faoi leith chun múiniteoirí le Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar dos na bunscoileanna agus dos na meánscoileanna lánGhaeilge..