Gaeilgeoir aitheanta ainmnithe ar liosta gradam Bhreithlá Bhanríon Shasana

Is minic a bhíonn Aodhán Connolly, iar-stiúrthóir Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann, le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge

Gaeilgeoir aitheanta ainmnithe ar liosta gradam Bhreithlá Bhanríon Shasana

Aodhán Connolly. Pic: BBC News

Tá Gaeilgeoir aitheanta i measc na ndaoine a ainmníodh ar liosta gradam Bhreithlá Bhanríon Shasana. Ainmníodh Aodhán Connolly mar chomhalta d’impireacht na Breataine (MBE). 

Chuir an pobal aithne ar Aodhán Connolly, iar-stiúrthóir Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann, le linn phróiseas an Bhreatimeachta. Ba mhinic é ag cur imní na dtrádálaithe i dTuaisceart Éireann in iúl ar na meáin. 

Bíonn sé le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge. 

D’fhág sé an eagraíocht na dtrádálaithe le déanaí chun post a ghlacadh le hoifig Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann sa Bhruiséil. 

“Is aitheantas é an dámhachtain seo ar chomhobair agus ar thiomantas Ghrúpa Oibre Brexit Gnó Thuaisceart Éireann chomh mór is atá sé domsa go pearsanta,” a dúirt sé. 

Bhí Aodhán Connolly i mbéal an phobail tamall ó shin freisin nuair a mhaslaigh an Barún Kilclooney, John Taylor, é mar gheall ar a ainm. 

Dúirt sé ag an am nár ghlac sé ar chor ar bith leis na maslaí faoina ainm. 

“Sin an t-ainm a thug mo thuismitheoirí dom agus an t-ainm atá scríofa ar mo theastas breithe. Ní ghlacaim leis gur ainm ‘do-ráite’ nó ainm é atá deacair le rá agus ní ceart go mbeadh fadhb ag duine ar bith le hainm duine eile,” a dúirt sé. 

Tar éis 70 bliain seirbhíse, tá an Bhanríon Éilís II ar an gcéad mhonarc Briotanach a dhéanfaidh Iubhaile Platanam a cheiliúradh. 

Cuireadh tús le ceiliúradh na hIubhaile inniu agus mairfidh sé go dtí an Domhnach. 

Tugadh teideal mar Bhantiarna d’iarChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster. Dúirt sí go raibh “ríméad agus áthas” uirthi gradam a bhaint amach ar Liosta Gradam Bhreithlá na Banríona. 

Tá sí ar dhuine den iliomad daoine i dTuaisceart Éireann atá ar an liosta. 

Tá ceannaire chlár vacsaínithe Covid-19 Thuaisceart Éireann Patricia Donnelly ceaptha ina OBE. 

Tá Mervyn Gibson, Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, ceaptha ina MBE. 

I measc na ndaoine eile ar an liosta tá Noel McKee, iar-oibrí dóiteáin a bhfuil níos mó ná £1 milliún bailithe aige ar son carthanachta; imreoir haca idirnáisiúnta Shirley McCay; agus Sarah Ewart, a chuaigh i mbun feachtais ar son athraithe ar dhlí Thuaisceart Éireann maidir leis an nginmhilleadh. 

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir aitheanta ainmnithe ar liosta gradam Bhreithlá Bhanríon Shasana'