Gaeilgeoir a bhfuil aithne mhór air i nGaeltacht Dhún na nGall ceaptha ina easpag ar Ráth Bhoth

Ba é an Pápa Proinsias a d’fhógair ar maidin go raibh Alan Mac Eochagáin as Muileann na Cloiche i gContae Aontroma le bheith ina Easpag ar Ráth Bhoth

Gaeilgeoir a bhfuil aithne mhór air i nGaeltacht Dhún na nGall ceaptha ina easpag ar Ráth Bhoth

Tá Alan Mac Eochagáin as Béal Feirste ceaptha ina easpag ar dheoise Ráth Bhoth.

Gaeilgeoir líofa é Mac Eochagáin, iareagarthóir ar an iris An Timire agus fear a bhfuil aithne mhór air i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhí an tEaspag nua ina shéiplíneach i roinnt gaelscoileanna i ndeoise an Dúin agus Chonaire agus thug sé seal ina shéiplíneach in Ollscoil Uladh chomh maith.

Tá céim sa Ghaeilge agus MA san aistriúchán Gaeilge i measc na gcáilíochtaí acadúla éagsúla atá aige.

Tá cuid mhór ama caite ag an Easpag nua i nGaeltacht Dhún na nGall agus i Rann na Feirste go háirithe.

Rugadh é i Muileann na Cloiche i gContae Aontroma i 1953 agus ba é an duine ab óige sa chlann ag Brian agus Pauline McGuckian, nach maireann, a raibh seisear clainne ar fad orthu.

Chuaigh leis na hÍosánaigh i 1972.

Chaith sé tréimhsí sna hOileáin Fhilipíneacha agus san India.

Tagann an tEaspag Mac Eochagáin i gcomharbacht ar Philip Ó Buidhe (Boyce) atá ina easpag ar an deoise le 22 bliain. Tá ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall i nDeoise Ráth Bhoth. Is de bhunadh na Gaeltachta, as na Dúnaibh, an Dr Ó Buidhe, atá 77 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir a bhfuil aithne mhór air i nGaeltacht Dhún na nGall ceaptha ina easpag ar Ráth Bhoth'