‘Gaeilge más féidir, Béarla más gá’ – polasaí teanga nua seolta ag Sinn Féin

Tá cosaint ar an gceart an Ghaeilge a úsáid, pacáistiú dátheangach, comharthaíocht i nGaeilge agus úsáid logainmneacha Gaeilge ar fud na tíre i measc na bpolasaithe nua teanga atá seolta ag Sinn Féin

‘Gaeilge más féidir, Béarla más gá’ – polasaí teanga nua seolta ag Sinn Féin

Tá polasaí seolta ag Sinn Féin ag leagan amach conas a dhéanfadh an páirtí an Ghaeilge “a normalú agus a spreagadh” ar fud na tíre ach é a bheith sa rialtas.

Tá cosaint ar an gceart an Ghaeilge a úsáid, pacáistiú dátheangach, comharthaíocht i nGaeilge agus úsáid logainmneacha Gaeilge ar fud na tíre i measc na bpolasaithe nua atá leagtha amach ag Sinn Féin.

Agus é ag seoladh an pholasaí, Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur cheart go mbeadh Éire “ceannródaíoch” i dtaobh an dátheangachas a chur chun cinn seachas a bheith “ag treabhadh in iomaire iarchoilíneach”.

Tá polasaithe foilsithe cheana féin ag Sinn Féin a bhaineann leis an nGaeloideachas agus leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht ach tá na seacht n-athrú atá leagtha amach sa cháipéis nua dírithe ar úsáid na teanga sa phobal trí chéile.

Ar na hathruithe atá molta ag Sinn Féin, tá, nach n-úsáidfí ach an leagan Gaeilge de logainmneacha ar chomharthaí bóthair, sa chóras poiblí iompair agus ar léarscáileanna nua. Deirtear go bhféadfadh údarás áitiúil eisceacht a lorg chun logainm i dteanga seachas an Ghaeilge a úsáid áit a bhfuil luach turasóireachta nó oidhreachta ar leith ag baint leis an leagan sin.

Deirtear gur cheart treoir thíortha eile, amhail an Bhreatain Bheag agus Ceanada, a leanúint maidir le polasaithe i dtaobh úsáid na Gaeilge a chosaint agus pacáistiú dátheangach a thabhairt isteach.

Tá Sinn Féin ag iarraidh gur dualgas a bheadsh ann rogha na Gaeilge a chur ar innill fhéinfhreastail ar nós ATM agus meaisíní ticéad. Bheadh sé mar sprioc freisin go mbeadh dlí ann a chinnteodh go mbeadh ar shiopaí agus gnóthaí eile comharthaíocht Ghaeilge nó dhátheangach a thaispeáint agus go mbeadh fógraí i nGaeilge le feiceáil ar 50% de na spásanna fógraíochta in áiteanna poiblí.

Chinnteodh Sinn Féin chomh maith go ndéanfaí an bhrandáil go léir ag eagrais stáit a chumadh trí Ghaeilge amháin.

Deirtear go ndéanfadh Sinn Féin gach iarracht na costais a choimeád íseal do ghnóthaí agus don stát agus na dualgais bhreise á gcur orthu maidir leis an teanga. Chuirfí áiseanna breise ar fáil chun tacú le haistriúcháin agus ullmhúcháin trí Fhoras na Gaeilge agus líonraí gnó áitiúla Gaeilge, mar shampla.

“Tríd an dea-chleachtas idirnáisiúnta a nascadh le féinmheas ar an tír, tá súil againn an deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí dul i dtaithí ar an teanga i gcomhthéacs an ghnáthshaoil lasmuigh den seomra ranga, cainteoirí éighníomhacha a chumhachtú chun bheith gníomhach, agus tiomantas bunreachtúil an Stáit don teanga náisiúnta a chur i bhfeidhm de réir fhís an Uachtaráin Dubhghlas De hÍde,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

“Mana simplí atá mar bhunús leis an chur chuige nua seo: ‘Gaeilge más féidir, Béarla más gá’.”

Fág freagra ar '‘Gaeilge más féidir, Béarla más gá’ – polasaí teanga nua seolta ag Sinn Féin'

  • Antaine Ó Fearghail

    Cuir chugam é seo. Tá cuma iontach air ach ba mhaith liom an leabhrán a léamh.