Sinn Féin ag moladh go mbeadh 50% de dhaltaí na tíre ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2050

Tá a mianta don oideachas lán-Ghaeilge leagtha amach ag Sinn Féin in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Rialtais acu faoin oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Sinn Féin ag moladh go mbeadh 50% de dhaltaí na tíre ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2050

Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh 50% de dhaltaí bunscoile na tíre ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge faoin mbliain 2050.

Tá idir 7-8% de dhaltaí sa chóras bunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge i láthair na huaire ach tá Sinn Féin ag iarraidh go dtiocfadh méadú leanúnach ar an bhfigiúr sin sna blianta amach romhainn.

Deir an páirtí gur cheart spriocanna uaillmhianacha a leagan síos maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais chun an teanga a chur chun cinn agus chun a chinntiú gur féidir spriocanna eile a bhaineann le freastal ar phobal na Gaeilge a bhaint amach.

In 2019, d’fhógair an tAire Oideachais a bhí ann ag an am, Joe McHugh, go raibh sé mar aidhm ag an Rialtas líon na ndaltaí a bhí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt ó 60,000 go dtí 120,000 faoi 2030 ach is beag ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí sa chóras lán-Ghaeilge le blianta beaga anuas.

Deir Sinn Féin gur cheart an sprioc 14% a bhaint amach faoi 2030, mar atá molta, agus coinneáil ag cur le líon na ndaltaí gaelscoile chun go mbeadh 25% de dhaltaí bunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge faoi 2040 agus le go mbeadh 50% i gceist faoi 2050.

De réir anailís na Roinne Oideachais, 7% de dhaltaí bunscoile agus 2.8% de dhaltaí iarbhunscoile lasmuigh den Ghaeltacht a bhí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge in 2020.

Chun an figiúr sin don dara leibhéal a ardú, ba chóir, a deir Sinn Féin, tús áite a thabhairt do bhunú Gaelcholáiste i ngach contae faoi 2040. Tá 13 contae ar fad ann nach bhfuil oiread agus Gaelcholáiste amháin iontu faoi láthair.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais anuraidh nach ndeachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Tá a mianta don oideachas lán-Ghaeilge leagtha amach ag Sinn Féin in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Rialtais acu faoin oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Deir Sinn Féin gur chóir go mbeadh aon pholasaí gaeloideachais nua dírithe ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge “a shásamh agus a fhás”.

“Teastaíonn spriocanna uaillmhianacha má táimid dáiríre faoi dhualgais reachtúla eile maidir le húsáid na Gaeilge i soláthair seirbhísí agus earcaíocht don státchóras, agus faoi phleanáil straitéiseach taighdebhunaithe chun na spriocanna indéanta sin a bhaint amach,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt urlabhraí oideachais an pháirtí, Donnchadh Ó Laoghaire, gur thacaigh Sinn Féin leis na moltaí a rinne Gaeloideachas agus eagraíochtaí eile maidir leis an bpolasaí nua.

Is iad na moltaí sin go mbeadh deis ag gach páiste freastal ar naíonra, bunscoil agus iarbhunscoil ina gceantar féin, go mbeadh eolas maith ar fáil do thuismitheoirí maidir le buntáistí an ghaeloideachais agus go gcuirfí tacaíocht stáit agus maoiniú cuí ar fáil d’fhorbairt na hearnála.

Tá Sinn Féin ag moladh freisin an Bonnleibhéal a choinneáil don Ardteist chun a chinntiú go mbeidh deis ag gach dalta an Ghaeilge a staidéar, beag beann ar an gcaighdeán atá acu.

Táthar freisin ag iarraidh “cur chuige uile-Éireann” a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí le Gaeilge. Deir Sinn Féin gur cheart maoiniú a chur ar fáil do choláistí oiliúna thuaidh agus theas chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus gur cheart caighdeánú a dhéanamh ar na scrúduithe Gaeilge sna coláistí oiliúna.

Ba é inné an lá deiridh a bhí ag daoine le haighneacht a chur isteach mar chuid den phróiseas comhairliúcháin don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag moladh go mbeadh 50% de dhaltaí na tíre ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2050'

  • Seán ÓM

    An féidir linn níos mó TEG/CEF a úsáid chun cumas i nGeailge a thomhas? Tá sé i bhfad níos fearr ná an ardteistiméireacht más duine le Gaeilge mar dhara teanga tú.