Gaeilge ‘an-mhaith’ ag a thrí oiread daoine is a labhraíonn gach lá í – daonáireamh

Sa Ghaeltacht tá breis is sé mhíle duine ar a laghad a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn an teanga gach lá taobh amuigh den chóras oideachais

Gaeilge ‘an-mhaith’ ag a thrí oiread daoine is a labhraíonn gach lá í – daonáireamh

Tá beagnach trí oiread daoine sa stát a deir go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu ná mar atá daoine a labhraíonn gach lá taobh amuigh den chóras oideachais í.

195,029 duine, nó 3.9% de dhaoine os cionn trí bliana d’aois sa stát, a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu.

Ach níor thug ach 1.4%, nó 71,968 duine, le fios go labhraíonn siad gach lá í lasmuigh den chóras oideachais.

De réir na bhfigiúirí sin, 123,000 duine ar a laghad atá sa stát go léir a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais iad.

Sa Ghaeltacht tá breis is sé mhíle duine ar a laghad a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn an teanga gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

26,745, nó 41%, den 65,156 duine sa Ghaeltacht a mhaígh go raibh labhairt na teanga acu a dúirt go raibh Gaeilge “an-mhaith” acu.

20,261 duine sa Ghaeltacht a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

De réir na bhfigiúirí nua, 26% de dhaoine sa Ghaeltacht os cionn trí bliana d’aois a deir go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu, ach 19.7% a labhraíonn gach lá lasmuigh den chóras oideachais í.

Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus ‘an-mhaith’, ‘maith’ agus ‘go dona’ an rogha a tugadh do dhaoine.

Mheas 593,893 duine, nó 30%, de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu, go raibh Gaeilge mhaith acu.

Dúirt 1,034,132 duine, nó 55% de na daoine sa stát a dúirt go raibh Gaeilge acu go raibh sí ‘go dona’ acu.

71,968 duine sa stát a thug le fios sa daonáireamh go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais – an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.

Fág freagra ar 'Gaeilge ‘an-mhaith’ ag a thrí oiread daoine is a labhraíonn gach lá í – daonáireamh'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ní raibh sé soiléir dom an sochraid a bhí sa phictiúr a théann leis an alt seo agus gur eileatram a bhí sa charr chun tosaigh.

  • Dónall Mór Mac Billings

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11074
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    AN DAONÁIREAMH 2022

    !!! SCÉALTA GRINN EILE ÓN CHÓRAS !!!

    —‘Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe’ —-

    —– ‘An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta’ ——

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge de réir ‘taighde nua’ ——
    .

    Easpa SUIME agus an Cultúr Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior
    sna Teachtaí meánaicmeacha ag riar an córais chaipitiligh.

    Is beag an seans a bheadh ag an Ghaeilge agus a bhí leis an iarracht
    Cosc a chur ar dhíshealbhú a theacht i réim sa tír seo.

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !
    *****************************************************************************************

    Mar a scríobh mé cheana, Sheol litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra le blas Meiriceánach sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘SUIM’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’ —- ach ar an droch-uair cuireann an Ghaeilge isteach ar an chóras caipitileach agus bainistiú boilisiithe.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=artistdetail&artist=D%C3%B3nallTom%C3%A1sMacBillings&id=11074
    *****************************************************************************************

  • Daithi Mac Carthaigh

    Mura labhraíonn tú Gaeilge sa mbaile le do chlann a léitheoir dhil, is cuid den fhadhb thú.