Gaeilge ‘an-mhaith’ ag 10% de pháistí na Gaeltachta

De réir na bhfigiúirí daonáirimh nua, tháinig méadú ar líon na ndaoine sa stát a mhaígh go raibh Gaeilge acu ach tá údar imní sa Ghaeltacht i gcónaí

Gaeilge ‘an-mhaith’ ag 10% de pháistí na Gaeltachta

Léiríonn na torthaí sa tuarascáil achoimre ar thorthaí an Daonáirimh a tógadh mí Aibreáin 2022 go bhfuil an daonra sna ceantair oifigiúla Ghaeltachta anois ag 106,220 i gcomparáid le 99,617 in 2016, méadú 6.6%.

Úsáid na Gaeilge sa Stát

In Aibreán 2022 thug 1,873,997 duine sa stát le fios go raibh Gaeilge acu i gcomparáid le 1,761,420 in 2016, méadú ó 39.8% go 40.4% de dhaoine os cionn trí bliana d’aois. Sin an dea-scéal.

Cé go raibh méadú ar líon na ndaoine a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge acu, bhí laghdú arís ar líon na ndaoine a thug le fios go labhraíonn siad Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. Dúirt 71,968 duine sa stát go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais in 2022 i gcomparáid le 73,803 in 2016, titim 1,835.

Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht Oifigiúil

Ó thaobh na Gaeltachta tá briseadh síos tugtha de réir contae ar líon na gcainteoirí Gaeilge agus líon na ndaoine os cionn trí bliana d’aois a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

*CLTACO i gCeantar Gaeltachta do 2011, 2016 agus 2022

Ceantar Gaeltachta 2011 2016 2022 Athrú ó 2016
Corcaigh 982 872 847 -25
Dún na nGall 7,047 5,929 5753 -176
Cathair na Gaillimhe 636 646 646 0
Co na Gaillimhe 10,085 9,445 9373 -72
Ciarraí 2,501 2,049 2,131 +82
Maigh Eo 1,172 895 727 -168
Contae na Mí 314 283 276 -7
Port Láirge 438 467 508 +41
An Ghaeltacht ar fad 23,175 20586 20,261 -325
Daonra na Gaeltachta 100,716 99,617 106,220 6,603

*CLTACO: Cainteoirí Laethúla Gaeilge taobh amuigh den Chóras Oideachais.

Foinsí: Torthaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an CSO

Tá eolas sna torthaí nua freisin faoi líon na ndaoine sa 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) a deir go labhraíonn siad Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. I ndeich gcinn de na LPT tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla sin. Oileáin Árann a bhí ar bharr an liosta le méadú de 12.8%. Laghdú a bhí i gceist i gcás 16 LPT agus Maigh Eo Thuaidh (-20.6%) agus in Árainn Mhór (-20.5%) a bhí na laghduithe is mó sna Limistéir Phleanála Teanga.

LPT CLTACO 2016 CLTACO 2022 Athrú ó 2016 Athrú %
Oileáin Árann 681 768 87 12.8
Ciarraí Theas 121 133 12 9.9
Na Rosa 274 300 26 9.5
Toraigh 85 93 8 9.4
Déise 467 508 41 8.8
Tuaisceart Dhún na nGall 246 258 12 4.9
Bearna & Cnoc na Cathrach 660 686 26 3.9
Ciarraí Thiar 1,928 1,998 70 3.6
Oirthear Chathair na Gaillimhe 215 221 6 2.8
Cois Fharraige 3104 3186 82 2.6
An Cheathrú Rua 1558 1542 -16 -1.0
Gaoth Dobhair & Anagaire 2,900 2,866 -34 -1.2
Múscraí 836 816 -20 -2.4
Co na Mí 283 276 -7 -2.5
Maigh Cuilinn 299 290 -9 -3.0
Conamara Láir 1603 1529 -74 -4.6
Cloich Chionnaola etc 1546 1466 -80 -5.2
Dún na nGall Theas 322 298 -24 -7.5
Ceantar na nOileán 1474 1363 -111 -7.5
An tEachréidh 223 200 -23 -10.3
Gaeltacht Láir 337 298 -39 -11.6
Cléire 36 31 -5 -13.9
Dúiche Sheoigheach & Deisceart Mhaigh Eo 426 363 -63 -14.8
Maigh Eo Thiar 180 151 -29 -16.1
Árainn Mhór 219 174 -45 -20.5
Maigh Eo Thuaidh 563 447 -116 -20.6
Na LPT go léir 20,586 20,261 -325 -1.6

 

Gaeilge ag Páistí Réamhscoile sa Ghaeltacht

Den chéad uair bhí ceist sa Daonáireamh maidir le líofacht Gaeilge daoine agus tugadh mar rogha do dhaoine ‘An-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘go dona’. Díol spéise cás na bpáistí réamhscoile, nó páistí san aoisghrúpa 3–4 bliana. Den 2,342 páiste san aoisghrúpa sin sa Ghaeltacht ar fad dúradh faoi 248 díobh go raibh Gaeilge an-mhaith acu. Thabharfadh sin le fios go bhfuil thart ar 10% de na páistí in aois réamhscoile sa nGaeltacht ag tabhairt leo na teanga ón gcliabhán. Agus ní hiad na Gaeltachtaí móra is fearr ach Gaeltacht na nDéise mar a léirítear sa tábla thíos.

Páistí Gaeltachta le Gaeilge an-mhaith san Aoisghrúpa 3-4bl.

Ceantar Gaeltachta Gaeilge An-mhaith Líon na bPáistí 3-4bhl % Le Gaeilge An mhaith
Corcaigh 6 107 5.6
Dún na nGall 60 494 12.1
Cathair na Gaillimhe 6 389 1.5
Co na Gaillimhe 129 842 15.3
Ciarraí 25 158 15.8
Maigh Eo 3 222 1.4
An Mhí 3 69 4.3
Port Láirge 16 61 26.2
An Ghaeltacht ar fad 248 2,342 10.6

*CLTACO: Cainteoirí Laethúla Gaeilge taobh amuigh den Chóras Oideachais.

Foinsí: Torthaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an CSO. 

Conclúid

Is léir faoin am seo nach bhfuil na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á mbaint amach. In áit méadú, tá laghdú sa stát ina iomlán agus sa Ghaeltacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Maidir le tionchar na Pleanála Teanga sa nGaeltacht, seans go bhfuil sé róluath fós a rá an bhfuil tionchar ag an obair agus ag an infheistíocht, mar nach raibh mórán de na pleananna teanga faoi lán seoil sách fada le linn na tréimhse 2016-2022, le breithiúnas a thabhairt. D’fhéadfaí a rá go bhfuil maolú curtha ar mheath na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, gan de thitim san iomlán ach 325 duine ar líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais sa tréimhse 2016–2022, i gcomparáid le titim de 2,589 idir 2011 agus 2016.

Ach is díol suntais nach bhfuil Gaeilge an-mhaith ach ag páiste réamhscoile amháin as gach deichniúr sna ceantair Ghaeltachta: fianaise ar an dochar a rinne sé deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge. Má chuirtear Scéim Nua Labhairt na Gaeilge sa tsiúl i mbliana, dírithe ar pháistí réamhscoile, beidh slat tomhais againn le fáil amach an bhfuil sé ag mealladh níos mó tuismitheoirí le Gaeilge a thabhairt dá gcuid páistí sa nGaeltacht ón gcliabhán.

Fág freagra ar 'Gaeilge ‘an-mhaith’ ag 10% de pháistí na Gaeltachta'

  • Tá an t-alt thuas go maith mar achoimre agus moladh ag dul don údar, ach ní aontaím leis an analís atá déanta aige sa chonclúid. Bhfuil fianaise láidir ar bith amuigh ann gur éirigh le Scéim Labhairt na Gaeilge tuismitheoirí a spreagadh le páistí a thógáil le Gaeilge? Tá na scéalta ar fad ar eolas againn faoi na daoine ar lig orthu go raibh Gaeilge sa tigh ar mhaithe leis an deontas a fháil.

    Is mór an trua go bhfuil an treocht ag dul sa treo mícheart, go háirithe sna ceantair láidre, agus is léir cinnte go bhfuil tacaíocht sa mbreis de dhíth ar theaghlaigh (Moladh go mór ag dul do Thuismitheoirí na Gaeltachta), ach ní mór na laigí a raibh ag sean-pholasaithe a aithint (cé go raibh tóir orthu toisc deontas a bheith ann).