Tuilleadh ‘Gaeil na Míosa’ roghnaithe ag Tuairisc.ie

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil 'Gael na Míosa' roghnaithe anois do 11 den 12 mí i 2015

An tAire Stáit Joe McHugh agus Tárlach de Blácam ag ofigí Roinn na Gaeltachta trathnóna
An tAire Stáit Joe McHugh agus Tárlach de Blácam ag ofigí Roinn na Gaeltachta trathnóna

Tá Gaeil na míonna Mheán Fómhair, Dheireadh Fómhair agus na Samhna á bhfógairt le chéile anseo. Glacfar le hainmniúcháin do Ghael mhí na Nollag as seo go lár mhí Eanáir 2016.

Tá Tarlach de Blácam roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Mheán Fómhair thar ceann mhuintir Árann, a sheas an fód in maidir le conspóid na seirbhíse eitleáin as Cois Fharraige go dtí Oileáin Árann.

Chuir muintir na nOileán feachtas láidir ar bun agus léirigh siad spiorad pobail iontach. Tá Tarlach de Blácam á roghnú mar cheann feadhna an fheachtais, ach is do mhuintir uile Árann atá an gradam ag dul.

Tadhg-Mac-dhonnagain-770x3851-770x385

Tá an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin roghnaithe mar Ghael na Míosa do mhí Deireadh Fómhair. Bhuaigh Tadhg Gradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair as ucht a leabhair Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal. Déantar cíoradh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí an File sa leabhar téagartha tábhachtach seo.

Is é Aodán Mac Gearailt atá roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí na Samhna. Is mar gheall ar an obair atá déanta ag Aodán chun cúram sláinte mheabhrach a chur chun cinn a roghnaíodh é, agus go háirithe as ucht na haire a thug sé d’iarscoláire dá chuid, Hannah Hennessey.

Aodán Mac Gearailt

D’fhreastail Hannah ar Mheán-Scoil Nua an Leith-Triúigh i gCaisleáin Ghriaire, áit a bhfuil Aodán ina phríomhoide, agus dar léi féin gur thug sé cabhair di chomh luath agus a leag sí cos sa scoil.

“Dúrt liom fhéin, má tharlaíonn rud éigin don gcailín seo, bhraithfinn ciontach…ní fhéadfainn mo dhroim a thabhairt léi,” a dúirt sé in agallamh le Tuairisc.ie, mar ar chuir sé síos ar an obair a bhí i gceist agus na dúshláin a bhí roimh an mbeirt acu agus iad ag iarraidh leigheas a fháil ar chás Hannah.

Cé go bhfuil an scoil fágtha ag Hannah le cúpla bliain, bíonn an bheirt fós i dteagmháil lena chéile agus tháinig iomlán an scéil chun cinn i mí na Samhna nuair a chuir Hannah ainm Aodáin chun cinn don ghradam ‘People of the Year’ sa rannóg ‘Everyday Hero’.

Beidh Aodán Mac Gearailt, Tadhg Mac Dhonnagáin, Tarlach de Blácam agus gach duine eile a ainmníodh ina Ghael na Míosa i mbliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.