Gach scoil le dúnadh i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean amárach agus Dé hAoine

Tá foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, eisithe anois ag Met Éireann do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean ar fad ó 4pm amárach, Déardaoin, go dtí meán lae Dé hAoine

Gach scoil le dúnadh i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean amárach agus Dé hAoine

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais go ndúnfar gach scoil agus institiúid léinn i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean amárach agus Dé hAoine.

Tá foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, eisithe anois ag Met Éireann do Chúige Mumhan agus Cúige Laighean ar fad ó 4pm amárach, Déardaoin, go dtí meán lae Dé hAoine.

Deirtear go mbeidh sneachta ag síobadh sa dá chúige sin de bharr gaoth láidir anoir agus sneachta trom tráthnóna Déardaoin agus go leanfaidh sé mar sin go dtí maidin Dé hAoine, rud a fhágfaidh go mbeidh ráthanna sneachta in áiteanna go leor. Stádas Oráiste atá i bhfeidhm anois i gConnachta agus i gcontae an Chabháin agus Mhuineacháin.

Thug Met Éireann rabhadh níos túisce inniu go bhféadfadh suas le 25cm sneachta a bheith tite faoi mheán lae amárach sna contaetha a raibh Stádas Dearg i bhfeidhm iontu cheana– Baile Átha Cliath, Cill Dara, Lú, Cill Mhantáin agus an Mhí.

Tá roinnt scoileanna dúnta cheana de bharr na drochaimsire atá ag cur as do sheirbhísí iompair chomh maith. Titim sneachta idir 5cm agus 16cm a bhí ann thar oíche.

Deirtear gur in olcas a rachaidh an drochaimsir de réir mar a dhéanfaidh Stoirm Emma a slí trasna na tíre amárach agus an chuma ar an scéal anois go mbeidh an cur isteach ar chúrsaí iompair níos measa agus go ndúnfar tuilleadh scoileanna, coláistí, oifigí poiblí agus gnóthaí eile amárach, go háirithe i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil inniu gur údar iontais dó nach raibh ordú tugtha do gach scoil i gceantar ‘Stádas Dearg’ dúnadh seachas an cinneadh sin a fhágáil faoi na scoileanna féin.

Dúirt an Taoiseach go dtabharfaí comhairle shoiléir maidir le scoileanna a dhúnadh tráthnóna.