Gach cluiche sraithe peile agus iomána sna sraitheanna Allianz curtha ar athlá

Tá na cluichí curtha ar athlá de bharr na drochaimsire agus socruithe nua le fógairt Dé Luain

Gach cluiche sraithe peile agus iomána sna sraitheanna Allianz curtha ar athlá

Tá sé fógartha ag CLG go bhfuil gach cluiche sraithe peile agus iomána sna sraitheanna Allianz curtha ar athlá an deireadh seachtaine seo de bharr na drochaimsire.

Bhí babhta iomlán cluichí le n-imirt sna sraitheanna peile agus iomána ach tá siad anois curtha siar.

Tá socrú sealadach déanta ag CLG go n-imreofar iad deireadh seachtaine an 10-11 Márta.

Foilseofar na socruithe iomlána uile Dé Luain.

Ciallaíonn na hathruithe seo go gcuirfear babhtaí díbeartha na sraithe iomána siar. Bhí na cluichí ceathrú ceannais i Roinn 1 le bheith ann deireadh seachtaine an 10-11 Márta, ach beidh siad anois ann ar an 17-18 Márta. Is é an scéal céanna é leis na babhtaí leathcheannais agus an cluiche ceannais, agus iad uile curtha siar seachtain.

Imreofar na cluichí leathcheannais anois ar an 24-25 Márta agus beidh cluiche ceannais iomána Roinn 1 ann Dé Domhnaigh an 31 Márta.

Tá gach cluiche i sraitheanna pheil na mban cluichí ceannais camógaíochta na hÉireann curtha ar athlá an deireadh seachtaine seo chomh maith.

Tá an drochaimsir ag cur isteach ar chúrsaí rugbaí chomh maith agus cluiche Chúige Mumhan i nDún Éideann curtha ar ceal ar maidin, mar atá cluiche Chúige Uladh i gcoinne na Glasgow Warriors.

Tá cluiche Chúige Laighean in aghaidh Scarlets tráthnóna amárach le dul ar aghaidh mura dtagann aon athrú ar an scéal. Agus Cúige Chonnacht san Afraic Theas faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar Cheetahs amárach ní baol don chluiche sin.

Tá cluichí sacair na sraithe Airtricity curtha siar chomh maith.

Fág freagra ar 'Gach cluiche sraithe peile agus iomána sna sraitheanna Allianz curtha ar athlá'