Gabh mo leithscéal, ach cá bhfuil mo dháilcheantar?

Ní haon iontas é gur thug Google le fios inné gurb é ‘Cad é mo Dháilcheantar?’ an dara ceist is coitianta faoin olltoghchán

Ciaran border

Thug scata comhairleoirí contae ó Shligeach geábh ó thuaidh ar an N15 le gairid. Chuadar trasna Chontae Liatroma agus ar aghaidh trí dheisceart Chontae Dhún na nGall. Níor stop siad i mBun Dobhráin ar a mbealach go dtí Béal Átha Seanaidh, mar is sa bhaile sin a bhí fúthu dul i mbun stocaireachta.

Chuir teacht na strainséirí iontas ar mhórán daoine a casadh orthu i rith an lae. Ní raibh aithne dá laghad ag formhór mhuintir an bhaile orthu, ná súil acu lena dteacht ar thóir vótaí.

Ní ar na cuairteoirí gan choinne a bhí an milleán go raibh an scéal amhlaidh. Go deimhin, d’fhéadfá a rá go raibh dualgas orthu dul chun cainte leis an 8,000 Conallach a bhfuil a vótaí aistrithe ó Thír Chonaill. Beidh na daoine fásta i mBéal Átha Seanaidh, i mBun Dobhráin agus sa cheantar máguaird ag vótáil ar an 26 Feabhra sa Dáilcheantar is scaipthe sa tír.

Is léir an áiféis láithreach ó theideal oifigiúil an dáilcheantair: Sligeach – Liatroim/An Cabhán Thiar – Dún na nGall Theas. Sara gcuireann tú an cheist, a léitheoir dhil, tá sé chomh maith agam í a fhreagairt. Seo an t-aon áit sa tír a bhfuil vótóirí ó cheithre chontae curtha in aon dáilcheantar amháin.

Ach ní tearc na samplaí eile den aththarraingt aisteach ar léarscáil pholaitiúil an stáit a rinne Coimisiún na nDáilcheantar. Tá cásanna eile ann inar aistríodh vótaí daoine go dtí dáilcheantair agus go dtí cúigí nach bhfuil aon bhaint nádúrtha acu leo.

Mar shampla eile, féach an stráice de Thiobraid Árann atá suite thart ar Bhuiríos Uí Chéin, ina bhfuil cónaí ar os cionn 10,000 duine, atá aistrithe amach ó Thiobraid Árann i gCúige Mumhan agus isteach in Uíbh Fhailí i gCúige Laighean.

San iomlán, tá 28 dáilcheantar athraithe ó 2011 de thoradh an athbhreithnithe a rinne an Coimisiún (neamhspleách) um Thoghlaigh faoi chathaoirleacht an bhreithimh John Cooke. Is féidir breathnú ar na teorainneacha nua agus míniú an Choimisiúin a léamh ag https://www.constituency-commission.ie/docs/report2012.pdf.

Ní foláir a rá láithreach nach raibh aon dul as ag an gCoimisiún ach teorainneacha a athrú, ar dhá chúis:

1 Bhí gá le roinnt a dhéanamh go cothrom idir réigiúin éagsúla i bhfianaise an ardaithe 348,000 i ndaonra an stáit.

2 Tógadh cinneadh rialtais go laghdófaí líon na bpolaiteoirí sa Dáil. Bhí 166 Teachta sa Dáil deireanach. Ní bheidh ach 158 duine sa Dáil nua.

Ach is léir an baol go lagóidh na hathruithe an tsnaidhm idir an pobal agus ionadaithe Dála an phobail agus teorainneacha athraithe i seachtó faoin gcéad de na dáilcheantair ó 2011. Níl amhras orainn gur Conallaigh iad muintir Bhéal Átha Seanaidh, ach ní bheidh aitheantas ná ionadaíocht mar Chonallaigh orthu sa Dáil nua.

Ar ndóigh ní féidir gach pobal i ngach contae a shásamh agus teorainneacha dáilcheantar á mbreithniú. Ach tá ionadaíocht áitiúil cheart á ceilt as cuimse an babhta seo, fiú má fhágtar deisceart Mhaigh Eo (atá i nGaillimh Thiar anois) as an áireamh. Ní bhaineann céannacht agus leas áitiúil le cúrsaí peile amháin.

haon iontas é gur thug Google le fios Dé Céadaoin gurb é ‘Cad é mo Dháilcheantar?’ an dara ceist is coitianta faoin olltoghchán a cuireadh ar an inneall cuardaigh. (An cheist is mó a cuireadh: cad é dáta an olltoghcháin?)

Focal comhairle mar chríoch don té go mba mhaith leis a fháil amach, an bhfuil vóta aige agus cad é an dáilcheantar inar féidir leis vótáil.

Gheobhaidh sé freagra gan mhoill ar an líonláithreán oifigiúil www.checktheregister.ie.

Faraor, mura bhfuil tú cláraithe mar vótóir faoin am seo, beidh ort fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile.

Focal misnigh, sa chás sin: b’fhéidir go mbeidh deis agat vótáil in olltoghchán eile sara i bhfad.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

<TUAIRISC 2016.odt>

Fág freagra ar 'Gabh mo leithscéal, ach cá bhfuil mo dháilcheantar?'