GAAGONE? Ní ceist airgid atá sa chonspóid faoi chluichí íoc ar amharc

Tógann sé tamall dul i dtaithí ar aon athrú, ach nuair a dhéantar ar bhonn róthapa é, fágtar daoine ar an imeall

GAAGONE? Ní ceist airgid atá sa chonspóid faoi chluichí íoc ar amharc

Aimsir na Nollag, bhí smaoineamh maith ag mo dheartháir i gcomhair bronntanais do Dhaid. Cheannaigh muid síntiús don chóras nua GAAGO, a chinnteodh go mbeadh cluichí iomána na Mumhan le feiceáil ar an teilifís ag an mbaile.

Ó shin ar aghaidh, tá muid cráite ag ceisteanna faoin gcóras nua atá eagraithe ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Raidió Teilifís Éireann (RTÉ). Bhí deacracht ag mo thuismitheoirí an cuntas a shocrú i dtosach báire – pasfhocal, agus ainm úsáideora le cumadh agus cur isteach, agus níor éirigh leo ach oiread craoladh an chluiche a chur óna bhfóin phóca go dtí an scáileán teilifíse gan stró.

Ag an am, cheap mé go raibh siad chomh gearánach toisc nach raibh taithí acu ar an gcóras nó nár thuig siad a raibh i gceist leis, ach is cosúil nach iad mo thuismitheoirí amháin atá ag gearán faoi GAAGO na laethanta seo.

Thosaigh sé ag an deireadh seachtaine ar The Sunday Game nuair a cháin Dónal Óg Cusack, iar-iománaí Chorcaí agus tráchtaire CLG, an córas GAAGO, agus an táille a chaithfear a íoc chun úsáid a bhaint as.

Chuir sé i leith CLG go raibh ag teip orthu an iománaíocht a chur chun cinn go náisiúnta. D’aontaigh Cathal Moore, iar-iománaí na Gaillimhe, leis in agallamh a rinne sé ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Agus praghas á ghearradh ar na cluichí iomána, tá leatrom á dhéanamh ar na daoine nach bhfuil na hacmhainní acu íoc as an tseirbhís, nó orthu siúd nach bhfuil ceangal leathanbhanda sách maith acu don chraoladh.

Níor chuir polaiteoirí na tíre seo aon fhiacail ann ach oiread. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin ag tús na seachtaine go mba cheart go mbeadh na cluichí le feiceáil ar stáisiún atá ar fáil saor in aisce. Fear mór CLG an Tánaiste – imríonn a mhac ar fhoireann peile Chorcaí – agus ó chuir sé tús leis an ionsaí, níor chúlaigh éinne eile ón gcath.

D’eisigh Alan Dillon, TD agus iarchaptaen Mhaigh Eo, preasráiteas ag rá go bhfuil gá le comhréiteach ar a luaithe – go bhfuil GAAGO ‘le cur ón bpáirc’. Dúirt an tiar-uachtarán de chuid CLG agus feisire Eorpach Seán Kelly, agus é ag caint ó Strasbourg na Fraince, go raibh CLG ag dul róthapa leis an teicneolaíocht, agus go bhfuil imní air faoi na daoine atá fágtha ina dhiaidh aige. Luaigh sé chomh maith an cleachtas ag cluichí CLG gan glacadh le hairgead tirim – údar feirge ag fear eile as Ciarraí. Michael Healy-Rae, le fada an lá.

Dheimhnigh an tAire Spóirt Catherine Martin go mbeidh deis troda ag na polaiteoirí arís amach anseo agus CLG agus RTÉ le teacht os comhair choistí Oireachtais chun ceisteanna faoi seo ar fad a fhreagairt.

Tuairiscítear go dtuillfidh RTÉ agus CLG €10 milliún ar GAAGO i mbliana, ach beidh orthu fiúntas na seirbhíse sin a chruthú os comhair polaiteoirí atá go mór in amhras fúithi – is mór an dúshlán a bheas roimh ionadaithe an Chumainn agus na seirbhíse.

Ar bhealach, áfach, feictear dom nach ceist airgid é. Mothaíonn daoine áirithe go bhfuil ré nua na teicneolaíochta á brú orthu – go bhfuil feidhmchlár le híoslódáil chun féachaint ar chluiche ag an mbaile, go gcaithfear cárta a “thapáil” chun dul isteach chuig an bpáirc sa bhaile. Tógann sé tamall dul i dtaithí ar aon athrú, ach nuair a dhéantar ar bhonn róthapa é, fágtar daoine ar an imeall. Ní le CLG amháin a fheictear seo – cloistear an gearán céanna ó fheirmeoirí agus modhanna oibre nua á bplé acu, agus ó phobail tuaithe atá i ndeireadh na feide faoi dhruid seirbhísí áitiúla.

Cuireann an t-athrú faitíos ar dhaoine. Tá an fhreagracht ar pholaiteoirí daoine a thabhairt leo, agus é sin a dhéanamh ag an am ceart. Ó am go chéile, caithfear ceannródaíocht ina leith a thaispeáint – ach tuigeann an polaiteoir maith cén uair ba cheart brú a chur chun athrú a dhéanamh, agus cén uair ba cheart treoir a thabhairt cá bhfuil bóthar an leasa.

Fág freagra ar 'GAAGONE? Ní ceist airgid atá sa chonspóid faoi chluichí íoc ar amharc'

  • file

    Ní mór a rá fosta nach bhfuil aon ‘cheart’ ann gach cluiche de chuid CLG a bheith le feiceáil, ar an ghnáth-theilifís nó ar ardán eile.

    Is é an dóigh is cinnte cluiche a fheiceáil ná éirí ón tolg, dul chuig an pháirc agus an deargrud a fheiceáil beo.

  • jpmorley0@gmail.com

    Go breá ar fad (an trácht roimhe seo) i gcás
    (a) go bhfuil lúth na gcos is do shláinte agat
    (b) go bhfuil tú ábalta ar bhrú is marú a sheasamh
    (c) go bhfuil ticéad ar fáil in aon áit gur féidir leat bualadh fút ‘ar do shuaimhneas’
    (d) go bhfuil do phóca fé dho
    (e) go bhfuil tú sásta: cur suas le postúlacht na maor
    (f) éisteacht le cac-cheol a bhainfeadh na cluasa d’asal, ní thráchtaim ar an aithisiú a dhéantar ar Amhrán na bhFiann…fan sa bhaile agus éist le RnG!