Gá le fiosrú mion faoinar tharla sna hionaid chúraim le linn na paindéime

Tá gá le beartais i dtaobh na n-ionad cúraim chun muinín a chothú a luaithe agus is féidir

Gá le fiosrú mion faoinar tharla sna hionaid chúraim le linn na paindéime

Caithfear gach ar tharla sna hionaid chúraim le linn na paindéime Covid-19 a fhiosrú go mion agus go poiblí chomh luath agus is féidir. Is iomaí gné de na seirbhísí sláinte a chaithfear a scrúdú nuair a mhaolóidh an brú ach tá práinn ar leith leis an scannal faoin líon ollmhór dár sean a fuair bás sna hionaid chúraim.

An féidir muinín a chothú go mbeidh daoine leochaileacha sábháilte?

Ní in Éirinn amháin a bhí ráta báis an-ard sna hionaid sin ar ndóigh ach tá ceisteanna bunúsacha le freagairt ar dhá thaobh na teorann sa tír seo. Anseo i dTuaisceart Éireann b’éigean don Aire Sláinte in Stormont, Robin Swann athbhreithniú a ordú an tseachtain seo nuair a d’éirigh ballraíocht iomlán bhord an RQIA as oifig. Is é an RQIA [Regulation and Quality Improvement Authority] eagraíocht mhaoirseachta na seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta.

D’éirigh gach duine den naonúr ar bhord an RQIA as oifig ag rá nach ndeachthas i gcomhairle leo agus nár cuireadh ar an eolas iad faoi chinntí tromchúiseacha i dtaca leis an bpaindéim. Go sonrach, dúradar go raibh siad dall ar shocruithe go ngearrfaí siar ar scrúduithe ar na hionaid chúraim agus go n-aistreofaí cuid den fhoireann chuig malairt dualgas.

Dúirt Robin Swann le Teachtaí Tionóil gur thrua gur éirigh an bord as oifig ach go mb’éigean don Roinn Sláinte gluaiseacht go haibéil i bhfianaise na héigeandála. Ní raibh coinne ar bith aige le cinneadh an bhoird cé gur tháinig sé chun solais go raibh a fhios ag an Roinn le breis is mí go raibh achrann idir an bord agus an Príomh-Fheidhmeannach faoi chaidreamh bearnach agus láimhseáil na paindéime sna hionaid chúraim.

Dé Céadaoin, cheap an tAire cathaoirleach eatramhach nua agus dúirt sé go raibh céimeanna á nglacadh chun bord nua a earcú.

Dúirt an tAire freisin go raibh lánmhuinín aige as foireann an RQIA. Ba é an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dochtúir Michael McBride , thar ceann na Roinne, a thug treoir d’fhoireann an RQIA gan scrúduithe a dhéanamh sna hionaid agus foireann an Údaráis a chur i mbun dualgas eile. Dúirt an Dr McBride go mba mhór an taca do na hionaid chúraim le linn na paindéime é an cinneadh foireann ón RQIA a athlonnú iontu. Dúirt sé freisin gur mar iarracht chun scaipeadh an víris a chosc a laghdaíodh líon na scrúduithe.

Gnó don athbhreithniú é a fháil amach an raibh an ceart aige. Tá a lán de mhuintir na gcónaitheoirí den bharúil gur cheart cigireacht a dhéanamh níos minice le linn paindéime. Ní barúil mhíreasúnach é. Ní áiféis é ach an oiread a rá gur cheart go mbeadh cigirí in ann a chinntiú go nglacfaidís gach céim riachtanach chun a chinntiú nach scaipfidís an víreas. Scrúdóidh na measúnóirí freisin conas a fágadh an bord, ionadaithe an phobail san RQIA, aineolach ar an athrú ar phríomhfheidhm an Údaráis.

Bhí fadhbanna seachas easpa scrúdaithe nó maoirseachta sna hionaid, oibrithe gan trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus míshuaimhneas faoi othair a aistríodh as ospidéil chuig na hionaid gan aon chinnteacht go raibh siad saor ón gcoróinvíreas.

Beifear ag iarraidh fianaise go bhfuil ciall ceannaithe maidir leis na hearráidí sin.

Is in ionaid chúraim a cailleadh breis is 51% de na daoine a fuair bás abhus le Covid-19 agus bhí lucht gaoil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sna hionaid an-bhuartha, ní nach ionadh. Cuireadh tús in athuair le scrúduithe an RQIA ar na hionaid an tseachtain seo, an cinneadh fógartha uaireanta an chloig roimh chás Ard-Chúirte faoin gceist.

Bhí athbhreithniú breithimh á éileamh thar ceann mná a bhfuil néaltrú uirthi agus cónaí uirthi in ionad i gContae an Dúin. Ba é argóint a mic thar a ceann go raibh sé mídhleathach agus gur sárú ar chearta daonna an chónaitheora ab ea scrúduithe RQIA a chur ar ceal. Éiríodh as an éisteacht Dé Máirt nuair a d’fhógair an Dochtúir McBride go ngabhfaí i mbun scrúduithe arís ar an toirt.

Is maith sin. Ach ní leor é. Ta fiosrú poiblí á éileamh ag daoine muinteartha le cuid díobh sin a fuair bás le Covid-19 in árais chónaithe. Ar éigean a shásóidh an t-athbhreithniú ar cheisteanna réalachais san RQIA na héilimh sin. Is gá ceachtanna a fhoghlaim ó na botúin a rinneadh. Teastaíonn cinnteacht ó dhaoine go bhféachfaidh an córas lena seanmhuintir a choinneáil slán agus go mbeidh scothchleachtais i bhfeidhm chun a thuilleadh botún a sheachaint má bhíonn ráig eile den aicíd ann.

I bhfianaise a bhfuil de shrianta á scaoileadh bheadh sé soineanta a cheapadh go bhfuil contúirt Covid-19 thart. Tá croitheadh bainte as muinín an phobail sna hionaid chúraim.

D’ainneoin botúin tá a dhícheall déanta ag Robin Swann, é sa phost is dúshlánaí sa bhFeidhmeannas.

Ní mór dó, áfach, féachaint chuige go mbeidh gach athscrúdú, athbhreithniú nó fiosrú oscailte agus trédhearcach chun iontaoibh a chothú feasta.
Sin é an rud is lú atá dlite dár seandaoine.

Fág freagra ar 'Gá le fiosrú mion faoinar tharla sna hionaid chúraim le linn na paindéime'