Gá le feabhas ó Ghaillimh chun seaimpíní na hÉireann a shárú

Casfaidh Gaillimh agus Tiobraid Árann ar a chéile i Staid an Phiarsaigh agus áit i mbabhtaí ceathrú ceannais na sraithe ar fáil don bhuaiteoir

Gá le feabhas ó Ghaillimh chun seaimpíní na hÉireann a shárú

Jason Flynn (Gaillimh) agus Pádraic Maher (Tiobraid Árann). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gaillimh v Tiobraid Árann

Staid an Phiarsaigh

2pm (Beo ar TG4)

Fágann leagan amach nua Roinn 1 na sraithe iomána go bhfuil sé beagnach cinnte nach mbeidh ísliú céime i ndán do na boic mhóra. Is dóigh gur dá bharr nach bhféadfá a rá go raibh aon tine ar chraiceann imreoirí go dtí seo.

Tá cluiche tábhachtach againn i Staid an Phiarsaigh tráthnóna, áfach, agus áit sna babhtaí ceathrú ceannais ann do bhuaiteoir an chluiche seo idir Gaillimh agus Tiobraid Árann.

Bhí spriocanna éagsúla ag na foirne ag tús na craoibhe. Is cinnte go bhfuil Tiobraid Árann ag díriú go hiomlán ar an gcraobh i mbliana agus iad ag iarraidh Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo don dara bliain as a chéile.

Thug Liam Sheedy deis do roinnt imreoirí nua sa bhfeachtas craoibhe seo, Brian McGrath, Alan Flynn, Willie Connors, Dillon Quirke agus a leithéidí, agus chaill Tiobraid Árann an chéad dá chluiche a bhí acu, in aghaidh Luimnigh agus i gcoinne Chorcaí.

Tá siad feabhsaithe ó shin agus An Iarmhí agus Port Láirge sáraithe acu ach, mar sin féin, déarfá nach mbeidís róbhuartha mura n-éiríonn leo inniu.

Scéal eile é ag Gaillimh mar is cinnte gur mhaith le Shane O’Neill cúpla cluiche breise a bheith ag a fhoireann. Agus é ina chéad bhliain i gceannas ar na Gaillimhigh, ní haon iontas gur chaith sé a shúil ar scata mór imreoirí. Tá deis tugtha aige ar an bpáirc do 31 imreoir difriúil sna ceithre chluiche atá imeartha acu go dtí seo.

Tá neart oibre fós le déanamh ag foireann na Gaillimhe agus ní bheadh aon duine iontach tógtha leis an méid atá déanta acu go dtí seo. Chaill siad in aghaidh Luimnigh agus arís in aghaidh Phort Láirge an mhí seo caite agus cé go bhfuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh an deireadh seachtaine seo caite, Corcaigh a bhí chun tosaigh go dtí gur díbríodh Robbie O’Flynn sa dara leath.

Dea-scéal a bhí ann d’fhoireann na Gaillimhe gur tháinig David Burke chun páirce den chéad uair i mbliana sa cluiche céanna ach ní fhacthas Joe Canning, a bhfuil gortú ag cur as dó, ag imirt agus deirtear nach mbeidh sé in ann imirt tráthnóna inniu ach an oiread.

Beifear ag brath mar sin ar thaispeántas láidir eile ó Chathal Mannion. Bhí an t-imreoir lár páirce ar fheabhas i gcoinne Chorcaí agus is é Mannion is mó a rinne an beart do Ghaillimh le dhá bhliain anuas.

Más le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Thiobraid Árann tráthnóna, ní fhéadfaidh siad é a fhágáil faoin Mainníneach agus caithfidh Conor Cooney, Conor Whelan agus na tosaithe uile a bheith níos fearr ná a bhíodar go dtí seo.

Ba cheart go gcuirfeadh an teacht aniar sin a rinne siad in aghaidh Chorcaí borradh fúthu agus cuideoidh sé leo go mbeidh tacaíocht an tslua acu i mBóthar na Trá. Caithfidh fir an iarthair imirt níos fearr ná mar a rinne siad go dtí seo sa tsraith más leo seaimpíní na hÉireann a chloí.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Gá le feabhas ó Ghaillimh chun seaimpíní na hÉireann a shárú'