Gá le feabhas mór ó na cúigí san URC

Is fada, fada an lá ó bhí deireadh seachtaine chomh dona ag na cúigí is a bhí an tseachtain seo caite

Gá le feabhas mór ó na cúigí san URC

Jason Jenkins. Pictiúr: INPHO/Matteo Ciambelli

Is fada, fada an lá ó bhí deireadh seachtaine chomh dona ag na cúigí in aon chomórtas agus a bhí ag trí chúige – Mumhain, Connachta agus Laighin – i mBabhta 1 den URC seachtain ó shin. Is beag an t-iontas go bhfuil na cúigí ar fad ag tarraingt ar aon imreoir idirnáisiúnta is féidir leo an deireadh seachtaine seo, go háirithe agus líon mór imreoirí óga ó na ceithre chúige ag taisteal go dtí an Afraic Theas ar thuras forbartha.

Bhí an t-ádh dearg ar Chúige Laighean, iarchuraidh an chomórtais,  agus iad as baile san Iodáil i gcoinne Zebre, foireann atá sáinnithe in íochtar sa gcomórtas seo le blianta. Ní raibh ach cheithre phointe idir na foirne seo ag deireadh cluiche inar éirigh le Zebre, cúig úd a aimsiú. Chinntigh sin pointe bónais ceithre úd dóibh chomh maith le pointe bónais eile mar go raibh níos lú ná seacht bpointe idir iad agus Cúige Laighean ag a dheireadh. Is fiú a mheabhrú freisin nár éirigh le Zebre ach naoi bpointe a fháil le linn an tséasúir seo caite ar fad.  Cúis náire gan dabht do Leo Cullen agus dá fhoireann.

Anocht mar sin, caithfidh Cúige Laighean na deacrachtaí a tháinig chun solais, sa gcosaint go háirithe, a cheartú agus iad ag cur chun páirce san RDS i gcoinne Treviso, foireann eile ón Iodáil. Má chuir Cúige Laighean tús lag lena séasúr seachtain ó shin, a mhalairt de scéal atá ag Treviso nuair a d’oscail siad bearna 22 pointe ar Ghlaschú (33-11). Ach bhí buntáiste an bhaile acu sa gcoimhlint sin.

Tá dúshlán eile ar fad ag roinnt le taisteal go hÁth Cliath le tabhairt faoi Chúige Laighean. Tá mise ag tuar bua sa mbaile do Chúige Laighean ach níl mé cinnte fós maidir le haon phointe bónais. Ní dóigh go bhfuil an snas a bhíonn ar Chúige Laighean go hiondúil orthu fós an séasúr seo.

As baile a bheas na trí chúige eile amárach.

Cuirfidh Cúige Uladh, dream a thug greadadh fiche a sé pointe do Chúige Chonnacht, chun páirce i gcoinne na Scarlets a bhí cothrom leis na hOspreys seachtain ó shin. Fiú agus buntáiste an bhaile leis na Scarlets, tá na geallghlacadóirí ag tuar bua do na cuairteoirí. Thiocfainn leis sin má éiríonn le Cúige Uladh tógáil ar an tsár-imirt a chonaic muid uathu an Satharn seo caite.

Seans gur roimh na Connachtaigh, foireann a bhí náireach ar fad i gcoinne Chúige Uladh i mBabhta 1, atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo. Tá siad san Afraic Theas i gcoimhlint chrua i gcoinne churaidh an chomórtais, na Stormers. Bhí an oiread deacrachtaí ag na Connachtaigh sa gcéad chluiche gur deacair bua a thuar dóibh amárach. Ach má táthar le breith ar aon fhoireann ón Afraic Theas, seans gur luath sa gcomórtas is fearr a bhíonn seans sin a dhéanamh. Táim in amhras mar sin féin!

Sa mbaile sa mBreatain Bheag don dara deireadh seachtaine as a chéile atá Cúige Mumhan arís inniu. Seachtain ó shin fuair Caerdydd an ceann is fearr orthu i gcluiche inar léirigh Mumhain imirt a bhí meirgeach agus réchúiseach. Fós féin, beidh iontas an domhain ormsa mura mbíonn an lámh in uachtar acu ar na Dragons, foireann a chaill i mBabhta a hAon agus nár bhuaigh ach dhá chluiche le linn an tséasúir seo caite ar fad.

Fág freagra ar 'Gá le feabhas mór ó na cúigí san URC'