Fuil úr i ‘Cuisle’ agus an iris Ghaeilge ar fáil an athuair ar líne

Eagráin den iris Cuisle, a foilsíodh idir na blianta 1998 agus 2000, curtha ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell

Cuisle

Tá eagráin den iris Cuisle, a foilsíodh idir na blianta 1998 agus 2000, curtha ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell. Bhailigh Scannell na heagráin seo, ó eagrán Dheireadh Fómhair 1998 go heagrán na Márta 2000, nuair a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge an chéad lá riamh.

Thug iar-eagarthóir na hirise, Uinsionn Mac Dubhghaill, cead don ollamh na heagráin chlóite seo a bhí coinnithe aige in íoslach a thí a scanadh agus a chur ar fáil, saor in aisce, ar líne.

“Bhí dúil mhór agam ag an am in aon sórt ábhair léitheoireachta, agus ghlac mé síntiús léi láithreach nuair a chuala mé faoi iris snasta nua i nGaeilge. Bhain mé taitneamh ar leith as Cuisle toisc gur oscail sí fuinneog nua dom ar shaol comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Tá mé buíoch d’Uinsionn Mac Dubhghaill, as cead a thabhairt dom na seaneagráin chlóite a bhí agam san íoslach a chur suas ar an Idirlíon. Rinne mo bhean chéile an scanadh, agus chruthaigh mise na leaganacha inchuardaithe atá anseo. Faraor níl cáilíocht na bpictiúr rómhaith, ach bhí mé ag iarraidh srian a chur le méid na PDFanna,” a scríobh an t-ollamh ar a shuíomh.

Lonnaithe i gCasla i gConamara a bhí an iris Cuisle, a bhí ina hiris náisiúnta dírithe ar chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Bhí triúr scríbhneoirí fostaithe go lán-aimseartha ag an iris, an t-eagarthóir Uinsionn Mac Dubhghaill, agus beirt eile Diarmuid Johnson agus Dearbhla Ní Lúbaigh. I measc na scríbhneoirí seachtracha bhí Maggie O’Kane, Seán Mag Uidhir, Liam Mac Con Iomaire, Tim Robinson, Mairéad Ní Oistín agus daoine eile nach iad.

Mar a scríobh Scannell ar an suíomh, níl caighdeán na bpictiúr thar mholadh beirte ach tá na hailt féin breá soiléir agus éasca le léamh. Tá 40 leathanach i ngach eagrán agus idir thuairimíocht, fhilíocht, scéalaíocht, ábhar óige agus anailís nuachta le fáil iontu.

Fág freagra ar 'Fuil úr i ‘Cuisle’ agus an iris Ghaeilge ar fáil an athuair ar líne'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mar Cathaoirleach ar an mbord striúrtha a d’fhoilsigh Cuisle, tá fíor áthas orm go bhfuil an tOllamh Kevin Scannell tar éis na heagráin ar fad a scanáil agus a chur ar fáil do lucht léite na Gaeilge. Is maith é agus molaim a chuid oibre.

    Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill ina chéad eagarthóir ar an iris agus leag sé síos múnla tarraingteach. B’é an trua gur éirigh sé as an eagarthóireacht tar éis dhó cúig eagrán a chur dhe.

    Níor thuig mé gur bronnadh an chóipcheart ar Uinsionn agus é ag éirí as ag an am, mar cineál Golden Handshake dhó, le go mbeadh sé in ann cead a thabhairt do Kevin ná do aon duine eile na hirisí a scannáil is a chur ar líne.

    Tá an scéal fós le inseacht faoin mbealach ar cuireadh deireadh le CUISLE!

    • Seosamh

      Bheul, inis dúinn é, a dhuine uasal.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Thaitin Cuisle liom – dearadh deas agus altanna suimiúla.

  • Glór í Eo

    Súil agam nach mbeidh aon scannal scun scan agus Scannell ag scánáil ;)

  • Bréanann Ó Catháin

    An bhfuil sé ar fáil feasta?