Fuascailt faoi dheireadh do Mhaigh Eo, corn eile do Luimneach agus údar díomá ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta móra ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Fuascailt faoi dheireadh do Mhaigh Eo, corn eile do Luimneach agus údar díomá ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne…

Rob Hennelly, Jason Doherty agus duine de lucht tacaíochta Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Fuascailt faoi dheireadh do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh

Cé gurbh iad Maigh Eo an fhoireann ab fhearr ar feadh cuid mhaith de chluiche ceannais na sraithe i bPáirc an Chrócaigh inné, is beag nár chaith siad uathu é agus an t-am beagnach caite. Dhá phointe chun tosaigh a bhí siad nuair a lig siad do Stephen O’Brien éalú leis isteach agus pas trasna a thabhairt do David Clifford i mbéal an chúil. Bhí an chuma air go raibh rás Mhaigh Eo rite i bPáirc an Chrócaigh arís.

Ar an dea-uair d’fhoireann James Horan, d’éirigh le Rob Hennelly sábháil den scoth a dhéanamh chun iarracht Clifford a choinneáil amach agus nuair a séideadh an fheadóg dheiridh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, ba iad imreoirí Mhaigh Eo a bhí ag ceiliúradh agus corn náisiúnta buaite acu den chéad uair ó 2001.

Ba iontach an cúiteamh é taispeántas Hennelly ar an tubaiste a bhain dhó in athimirt chluiche ceannais na hÉireann 2017 nuair a ghéill sé cic éirice agus cuireadh den pháirc é in aghaidh Átha Cliath. Níor imir fear Bhréachmhaí arís i bPáirc an Chrócaigh do Mhaigh Eo go dtí a gcluiche sraithe i gcoinne Átha Cliath an mhí seo caite. Ba é an cúl báire an t-imreoir ab fhearr a bhí ar an bpáirc an lá sin agus thóg sé céim mhór eile chun cinn ar bhealach a shlánaithe inné.

Tosach den scoth eile tagtha chun cinn i nDún na nGall

Oisín Gallen (Dún na nGall) agus é ag iarraidh greim a fháil ar Shéamus Gavin (An Mhí). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Thug Dún na nGall leo cluiche ceannais Roinn 2 na sraithe Dé Sathairn nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Mhí i bPáirc an Chrócaigh leis an scór 1-17 in aghaidh 1-15.

Bhí na Conallaigh ocht bpointe chun deiridh ag tráth amháin sa chéad leath ach tháinig siad ar ais go láidir. Ba é Michael Murphy a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus bhí fear Ghleann tSúilí ar fheabhas. Ach bhí dhá údar mór dóchais eile ag lucht tacaíochta Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Ar dtús, ghlac Patrick McBrearty páirt sa chleachtadh ar an bpáirc roimh thús an chluiche. Ní raibh McBrearty i measc na n-ionadaithe ach is léir go bhfuil an tosach beagnach tagtha chuige féin ón drochghortú a bhain dó anuraidh agus ba cheart go mbeadh sé ar fáil arís nuair a chuirfear tús leis an gcraobh.

Bhí Oisín Gallen ar dhuine de na himreoirí ar tugadh deis dó i rith na sraithe nuair a bhí McBrearty ar iarraidh agus is cinnte nár lig Gallen an deis sin amú. Níl an fear óg ach ocht mbliana déag d’aois ach is iontach mar a chruthaigh sé go dtí seo. D’aimsigh sé ceithre phointe ón imirt i gcoinne Chill Dara an tseachtain seo caite agus d’aimsigh sé ceithre cinn eile an deireadh seachtaine seo ina chéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh.

Tá tosaithe den scoth ag Declan Bonner anois agus gan d’fhadhb aige ach áit a fháil dóibh uile sa chraobh.

Luimneach ag dul ó neart go neart

Declan Hannon ag ceiliúradh agus an tsraith buaite ag Luimneach. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus an ceann is fearr faighte acu ar Phort Láirge i gcluiche ceannais na sraithe inné, tá éacht déanta ag Luimneach nár éirigh ach le Cill Chainnigh a dhéanamh ó 1989, sin an tsraith a bhuachan tar éis dóibh Craobh na hÉireann a chrochadh leo. Ina ainneoin sin, is iad Gaillimh fós rogha na coitiantachta do Chraobh na hÉireann 2019 ag na geallghlacadóirí.

Ní hamháin gur bhuaigh Luimneach an tsraith i mbliana ach d’éirigh le John Kiely úsáid a bhaint as an bpainéal láidir atá aige chomh maith. Thug sé deiseanna d’imreoirí amhail Conor Boylan, Robbie Hanley, Barry Murphy agus Paddy O’Loughlin i rith na gcluichí i nGrúpa 1A agus d’fhan sé go dtí an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais sular thosaigh sé ag roghnú cuid mhór de na himreoirí a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh.

Thriail Micheál Donoghue scata imreoirí nua i rith an earraigh chomh maith ach ní fhéadfá a rá go ndeachaigh siad i bhfeidhm chomh mór sin ar chúrsaí i Roinn 1B.

Seans gurb é an fáth is mó go bhfuil Gaillimh ina rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí ná go mbeidh dúshlán níos mó roimh Luimneach i gCraobh na Mumhan. Ach ó tharla scéala ann anois go mbeidh Joe Canning ar iarraidh ar na Gaillimhigh do dtí lár mhí Iúil, chaithfeá rá go bhfuil cúis eile fós ann go mbeadh Luimneach mar rogha na coitiantachta.

Buaite ag Gaillimh ar cheann de na boic mhóra faoi dheireadh

Lorraine Ryan agus Anne Marie Starr ag ceiliúradh bua na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2013, níor éirigh le foireann chamógaíochta na Gaillimhe an bhuaic sin a bhaint amach ó shin. Bhuaigh siad an tsraith in 2015 ach, le blianta beaga anuas, tá teipthe orthu an ceann is fearr a fháil ar bhoic mhóra an spóirt, Cill Chainnigh agus Corcaigh, sna cluichí móra.

Tá cluiche leathcheannais na hÉireann sroichte acu le trí bliana anuas ach ní raibh siad in ann an bua a fháil. Mar sin, tabharfaidh bua an lae inné ar na Cait i gcluiche ceannais na sraithe spreagadh mór do Ghaillimh.

Beidh foireann Chathail Murray iontach sásta leis an taispeántas a thug siad sa chéad leath agus iad sé phointe chun cinn, 0-10 in aghaidh 0-6 ag leath ama. Údar dóchais níos mó ag na Gaillimhigh an mianach agus an díocas a léirigh siad sa dara leath chun teacht slán, fiú nuair a tháinig Cill Chainnigh ar ais go láidir san imirt.

Ba cheart go mbeadh muinín níos mó ag na Gaillimhigh anois agus iad ag iarraidh deireadh a chur le tréimhse cheannasaíochta na gCat agus Chorcaí sa chraobh níos deireanaí sa bhliain.

Rás na Pobalscoile rite i gCorn Uí Ógáin

Ruaidhrí Ó Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhí údar díomá ag peileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne Dé Sathairn nuair a chloígh Meánscoil Iognáid Rís iad i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí an scoil as an Nás róláidir do bhuachaillí na Gaeltachta agus bhí farasbarr sé phointe idir na foirne, 0-20 in aghaidh 0-14, ag deireadh an chluiche.

Thug Meánscoil Iognáid Rís taispeántas maith uathu sa dara leath. Bhí siad pointe chun deiridh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-8, ach i bhfeabhas agus chun tosaigh a chuaigh siad go luath sa dara leath, tráth ar léirigh Michael McGovern, Alex Beirn agus Eoin Conneff an cumas atá iontu.

Chuir an Phobalscoil tús maith leis an gcluiche agus d’éirigh le Cillian Ó Failbhe, Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Dylan Ó Géibheannaigh scóranna a aimsiú ach bheadh smacht iomlán faighte ag foireann Chill Dara ar an gcluiche mura mbeadh cic éirice agus roinnt iarrachtaí ar phointí a cuireadh amú sa chéad leath.

Cé go mbeidh díomá mór ar lucht na Pobalscoile nár éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den tríú huair, gaisce ann féin ab ea é ag an scoil bheag Ghaeltachta gur éirigh leo Corn Uí Mhuirí a bhuachan den séú huair ó 2012.

Fág freagra ar 'Fuascailt faoi dheireadh do Mhaigh Eo, corn eile do Luimneach agus údar díomá ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne…'

  • Gearóid de Grás

    Bhíos an-sásta le foireann Luimnigh agus an bua a bhí acu ach bhí díomá orm faoin méid Gaeilge a d’úsáid Declan Hannon agus é ag glacadh leis an gcorn. Tá Declan ag fáil roinnt poiblíochta as a bheith mar “ambasadóir” CLG ar son na Gaeilge. Tá an chuma ar an scéal gur cur amú ama agus airgid iad cuid de na scéimeanna seo a chumann eagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge, Gael Linn agus CLG féin. Ina dhiaidh sin is uile, ní raibh oiread is focal amháin Gaeilge ag captaen Mhaigh Eo agus é ag glacadh leis an gcorn – contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Is bocht an scéal é amach is amach.